CROBHINGNE:TÁ SIAD ar fad ag titim anois. Seachtain amháin is iad na heaspaig atá ag imeacht uainn, ina dhiaidh sin an t-iontas naoi mí, ina dhiaidh sin arís bean na caille glaise, agus anois, mura bhfuil dearmad déanta cheana air, an bhfuil sé Bhfuilí ó Dí.
Maíonn polaiteoirí nach meánn siad féin brobh, ach gurb iad a gcuid polasaithe is ceart a bheith in uachtar.
Nuair a bhíos féin im stócach neamhulchach chuas isteach in oifig pháirtí áirithe polaitíochta ag lorg a gcuid polasaithe maidir le pé rud go raibh suim agam ann ag an am.
Ní mór ná gur thit siad i bhfantais.
Is mór againn ár gcuid polaiteoirí mar is polaiteoirí iad. Dá mbeadh fios a n-aigne féin acu ní móide gur polaiteoirí a bheadh iontu.
Is gean linn polaiteoirí mar is gné den dath poiblí iad. Is mór againn iad mar tugann siad bheith istigh grinn agus spóirt dúinn nuair is ciúine atá an spórt ar pháirc na himeartha, agus nuair is gann iad scannail na gceiliúrán.
Is í an traigéide is mó a bhaineann le Bhfuilí Ó Dí ná gur pearsa mhór ghrinn é agus go n-aireoimid uainn é lá aonaigh is margaidh – go ceann tamaill.
Tá Dáil Éireann róbhreac le leibidí leadránacha, le Sílí slítheánta, le Taighgíní tuirsiúla, is le Leo-anna leamha langarúla.
Má bhí tú i bponc ní raibh aon amhras ann ach go ndéanfadh Bhfuilí an bheart duit.
Ag éirí as an méid sin d’éirigh easpaig as. D’imigh Seoirse Ó Laoi le mórshruth na habhann. Chuaigh Deirdre de Burcka i bhfolach laistiar de chaille na poiblíochta.
Is deacair a chreidiúint nach éirí slí an t-éirí as ar fad, seachas éirí amach de shaghas ar bith. Um Cháisc beidh an tEaspag Ó Muircheartaigh, comharba Bhríde, ag caolú leis; agus is gairid uainn tuarascáil Bhinse Fiosraithe an Mhuircheartaigh eile i dTiobraid Árann.
Ligimid orainn gur cás linn polasaithe, ach is é is scim linn ná daoine. Bhí muintir an stáitín seo bréan bailithe tinn tuirseach dú dóite de na sé chontaetha siar ó thuaidh, agus is siar ó thuaidh a bheannaíomar uainn iad.
Ach nuair a nochtadh an Iris nua Róibíneach, níorbh fhada gur déanadh iris phósta idir an scéal agus an pobal ba róchuma an raibh an trácht iriseach go hiomlán nó nach raibh.
Um an am céanna, bhí líomhaintí faoi dheartháir Gerry Adams ag baint na ngiobal anuas den stair a bhain lena theaghlach féin.
Gan choinne, bhí “An Tuaisceart” i mbéal an phobail arís, gan beann ar pholasaithe ná ar straitéisí ná ar dhúnghaoiseanna ná ar idirbheartaíocht na bpáirtithe uile go léir, arna dtógáil le chéile, nó ar a bhfágáil lasmuigh den doras.
“Is é an duine, an duine, in ainneoin sin,” mar a chan Robbie Burns ina Ultais Albanach faoi leith.
Mar sin féin, braithfimid uainn Bhfuilí Ó Dí, mar a bhraithimid uainn an sorcas nuair a fhágann sé an baile.
Chuir sé le spraoi an tsaoil. Laistiar den chroiméal sin bhí béal, agus laistiar den bhéal sin bhí bladar, agus laistiar den bhladar sin bhí Bhfuilí.
B’é agus is é an teachtaire ina chrutaon é. Is é Bhfuilí atá lomnocht i Luimneach agus nochtann Luimneach a loime go nocht leis. Is é atá sásta steabaireacht a dhéanamh ar son na cathrach, agus sin é an fáth nach bhfuil an chathair sásta a droim a thabhairt dó.
Ní hé go raibh aon éirí in airde ag baint leis. Ba dheacair sin dó, mar b’as Luimneach é. Ag éirí as sin, b’é an duine ba mhó a raibh muintir Luimnigh mórálach as ná Ned Breathnach a chuir léann san áit nach raibh léann ar bith cheana. Agus Corcaíoch ba ea é sin.
D’éireodh an ceann orainn dá gceapfaimis gur nuacht ar bith é seo. D’éireodh an bréan orainn ar an gcuma chéanna.
D’éireodh le daoine áirithe munarbh ea. Bíodh sin mar atá, bhí an mhuintir eile ag rince le háthas is le gealadhram. Chualathas ar na sráideanna iad lena ’Bhfuilí Ó Damhs ó Damhs/ Bhfuilí Ó Damhs Ó Dí/ Bhfuilí ó Damhs, ó Damhs, ó Damhs, ó Bhfuilí ó Damhs Ó Dí.
Íslítear an ceol áthais, áfach, agus smaoinítear ar an bpost a bhí aige.
Fear gunna cinnte, agus fear a bhí maíteach as an ngunna céanna.
Eisean a chuir saighdiúirí na hÉireann amach chun troda i gcoinne na bPashtún nár dhein dochar ar bith riamh dúinne.
Ní mhaithfear é sin dó.