Crobhingne:AIMSIR Í seo nach bhfuil aon bhreith againn uirthi. Is í atá lasmuigh dínn, beag beann ar ghléas nó ar ionstaimint. Is geall a bheith dodhéanta breith ar an aimsir chaite féin, agus an aimsir láithreach tá imithe i bhfaiteadh na súl.
Ach an aimsir fháistineach, faic ná giob ná pioc ní féidir linn a rá le deimhne ina taobh. Fós is í atá amach romhainn ina béist éigiallda, nó ina bréagán clúimh. Is í a thugann cuairt orainn gan teip, nó sa chás is nach dtugann, is sinn atá thíos leis. Tagann sí orainn mar a bheadh mac tíre i measc na gcaorach, mar a bheadh an uain ar chlár an ama.
Na fáidheadóirí féin, is iad atá balbh ina láthair. Ní hé nach labhrann siad. Scaipeann siad focail le gaoith, ach faic ní deireann siad. Deirtear gur thairngir Colm Cille teacht na Lochlannach barbartha aduaidh as na tíortha dorcha nach ann d’fhiacha náisiúnta agus a bhfuil córas sláinte den scoth acu.
Mhaígh sé leis go dtiocfadh an lá go mbeadh Éire rafar, rathúil, agus ag brúchtaíl go dtí an bolg le speilp, ach ní dúirt go n-imeodh chomh mear is a tháinig agus go bhfágfaí an trá agus a cuid bancanna briste, brúite, basctha, folamh.
Tá curtha i leith Nostradamus gur thuar sé gach uile rud faoin spéir agus lastall di ón dara domhanchogadh go dtí teacht an oighinn mhicrithonnaigh. “Tiocfaidh seomra/lán de theas/loiscfear ainmhithe/aniar is aneas.”
Is dóigh liom féin gur ródhócha gur tagairt í d’Ardfheis Fhianna Fáil, ceann ar bith díobh, le suim bhlianta anuas. Tá an dealramh air, leis, gur thuairimigh sé mórán mar gheall ar ionsaí shluaite an fháidh Mahamad ar an Eoraip, ach féach, gur fairsinge go mór is go fada ionsaí na hEorpa ar a dtíortha siúd.
Bhí Coinneach Odhar in Albain sa 17ú haois a chonaic roimhe teacht na teilifíse – “Chífidh daoine pictiúir ina gceann/Léimfidh na dathanna ó bheann go beann,” ach deir neachanna eile go raibh sé ar meisce le linn na bhfocal sin a bheith ag sileadh óna bhéal.
Dúirt sé go dtiocfadh tubaist mhór ar an saol nuair a bheadh cúig dhroichead trasna na habhann in Inbhir Nis, agus bíodh gur thosnaigh an cogadh mór nuair a bhí an tairne deiridh buailte isteach ar chlár an drochaid, is fíor leis, gur chaill Caledonian Inverness go tubaisteach an tráthnóna céanna.
An fear ar chuireamar tairní ann ar chrann na dlí, níor chosain sé ach oiread sinn. Na leabhair bheannaithe go léir níor chosain siad sinn. Na naoimh ar a dtroscadh is ar a dtréanas is ar chrústa donn na hAoine, níor chosain siad sinn.
Níor chosain aon duine ná focal díobh ar aineolas bán lom nocht na haimsire fáistiní sinn. A mbriathra uile go léir, tá scáile ina seasamh lena n-ais.
Lasmuigh de chraiceann tiubh a gcuid focal, tá doircheacht agus dorchadas agus doircheántacht agus poll picdhubh. Ní daille go daille a bhfuil romhainn, go fiú is má tá a fhios ag an aimsir atá romhainn cad a dhéanfaidh sí féin.
Tá trúíp fhairsing d’fháistineoirí fós féin ann. Cuireann siad umpu libhré na heolaíochta agus gléasann i mbéarlagair an bhéil bhladair. Is ea, tá gach seans ann go n-éireoidh an ghrian maidin amárach mar tá taispeánta le dóchulacht réasúnta láidir gur mar sin a thitfidh amach.
Ach sa chás is nach dtarlaíonn beidh fadhb teasa againn cuibheasach mear, agus raghaidh billí an Bhord Soláthair Leictreachais sna feirighlinnte ard thar chailc amach.
Ach faoina bhun sin, is deacair dul in iontaoibh na míre is lú a maítear maidir leis an lá amárach, ná an tseachtain seo chugainn, ná na tamallacha dá héis sin amach. Féach gur tháinig deireadh leis an stair; agus ina dhiaidh sin, níor tháinig. Féach go raibh an sóisialachas le buachtaint go heolaíochtúil, agus féach nár tharla fós. Féach go raibh an caipitleachas ag réabadh roimhe go dtí gur thosnaigh a prumpa a ligean uaidh.
Féach go rabhamar le tuirlingt go mall isteach sa chúlú eacnamaíochta, agus féach gur thiteamar inár bpleist. Féach, bean na dtrí mbó, as a bólacht bhí sí teann, agus anois tá an fheoil á tabhairt thar loch isteach anoir, pé acu bó, nó madra, nó francach í.
Tá an aimsir chaite doiléir go maith ar uaire; an chaint sin a bhí agat aréir; an scannán meánoíche; an tseanmháthair go raibh tú ceanúil uirthi; an leabhar filíochta deiridh nach bhfanann ach teimheal beag fánach di; an tsiúlóid sin cois na habhann...
Ach is solas gealaí gile iad suas is anuas leis an lá amárach, ó nach dtagann chugainn oiread agus an léas solais is lú.