CROBHINGNE:TÁ SCÉAL cáiliúil ag Anton tSechobh ina dtarlaíonn díospóireacht fhíochmhar theasaí idir ealaíontóir péintéara agus bean leasaithe an phobail. Ar nós go leor de scéalta na Rúisise is míthuiscint maidir le críocha agus le báirí na beatha is bun leis. Deacair dúinne na háitimh chéanna a shamhlú le litríocht na Gaeilge nó an Bhéarla Éireannaigh, bíodh is gur dócha iad a bheith ann ar shlí níos caolchúisí.
Dá mbuailfeadh Tadhg an Ghrinn ó Allagar na hInise Thomáis Chriomhthain le Peats a’ Tobac in Caint an tSean-Shaoil Arland Ussher, is deimhnitheach gur caint fhealsúnta a bheadh eatarthu, an té a thuigfeadh í. Ach is loime go mór is go fada argóintíocht phearsana tSechobh ná sin.
Sa scéal áirithe seo, An Teach leis an Idirurlár is amhlaidh go bhfuil leisceoir d’ealaíontóir ag tabhairt le fios nach fiú leasú a dhéanamh ar an saol sóisialta mar nach dtiocfadh as ach leithleachas agus beann ar nithe suaracha gan aird. “Cén mhaith an t-oideachas?” a fhiafraíonn sé mura bhfuil ann ach go gcuireann sé ar chumas daoine “fógraí do na tithe tábhairne a léamh, agus paimfléid nach féidir leo a thuiscint”. Tá an iomad dochtúirí agus dlíodóirí againn, ar seisean go hardghlórach, ach gan go leor filí agus fealsamh. An bhean atá ina coinne, is dearcadh níos talmhaí agus níos gátaraí atá aici siúd, an riachtanas a bhaineann le feabhas a chur ar chaighdeán maireachtana na ndaoine, ach is cuma leis: “tógann tú ospidéil agus scoileanna,” ar seisean go fiata, “ach ní scaoileann tú óna gcuid laincisí iad! Is amhlaidh go méadaíonn tú orthu, go neartaíonn tú a gcuid slabhraí. Ní dhéanann tú ach éilimh bhreise a chothú ina measc.”
Tá an chuma air sin gur solaoid í a d’fhéadfadh sagart nó easpag leas a bhaint aisti agus é i mbun seanmóintíochta lá píopaireachta. Críocha na beatha is críocha spioradálta iad agus ní tithe nua agus éadaí gáifeacha agus laethanta saoire in Abu Dhabi. Ní chuige sin an phíopaireacht áirithe seo, áfach, ach chun sprice eile ar fad. Ní móide go bhféadfadh carachtar tSechoibh saol sin na bhfuíoll ar chuaigh go leor de mhuintir na tíre seo tríd le blianta anuas a shamhlú, fiú is dá mbeadh samhlaíocht tSechoibh féin aige. Agus bhí lán an chirt aige nár thug saol na bhfuíoll sin aon athaoibhneas ná aimsir óg chugainn maidir le borradh na healaíne, ná dúil sna dána uaisle. Ba thrua sin, gan amhras, ach ní dócha go mbeidh oiread céanna daoine ag éisteacht choíche le Réamhdhréacht i C géar mion le Rachmaninov seachas le Foster and Allen sa Mhuileann Cearr dá mhéid cultacha moncaí a sholáthrófaí don phobal.
Tharla rud eile ar fad le linn ré na rabairne. Bhaineamar an tsúil den saol talmhaí féin, d’fhéachamar i leataoibh fad is a bhí an chóisir ar siúl, an ceol á sheinneamh, curadhmhír muiceola ar gach clár, agus an fíon á thál go fras. Bhaineamar ár súil den dioscúrsa poiblí.
Ligeamar ár gcuid maidí le sruth, agus ligeamar do na captaein an bád a stiúradh. Stiúraigh siad an bád in airde ar na carraigreacha. Is ann atáimid, mar is sinne a lig dóibh é a dhéanamh. Is sinne a thug cead a gcinn is a lámha dóibh. D’éiríomar as an daonlathas ar son an aráin agus na sorcas. Scaoileamar leis an tiarna glanbhearrtha fad is nár ghá dúinn ár mbeatha a thomhas le hallas. Ní fhacamar sine dhubh na hoíche ar crochadh os ár gcionn, fad is a bhí úth geal an stáit á chrú acu siúd a raibh fios a bhlite acu. Bhaineamar sult agus scléip as an rince fada le linn dóibh siúd a gcuid lapaí a chur isteach inár bpócaí i seomra an fheistis. Rince an ghaid ar siúl againne; rince na gadaíochta acu siúd. Bhí a fhios acu siúd cad a bhí ar bun gach orlach den slí agus gach milliún sa mhála; bhí a fhios acu siúd, agus ba chuma linne.
Dá réir sin, easpa daonlathais is bun leis an staid ina bhfuilimid. Ní easpa vótaí a chaitheamh; ach easpa comhpháirtíochta agus eolais agus tuisceana. Easpa teagmhála leis an saol poiblí, ceal suime ina raibh ar siúl inár dtimpeall, uireasa spéise san ghnó a bhí faoi radharc na súl againn.
Dealraíonn go bhfuil athrú éigin ag teacht air sin. Tá fearg na ndaoine dorcha agus b’fhéidir nach bhfuil ann ach a tús. Sifíní gaoithe ar an aer ba ea imeacht an Easpaig Magee tar éis mórán cor, agus díbirt na deachtóireachta ar fhoireann iomána Chorcaí. Dá laghad iad, léirigh siad go bhfuil cumhacht áirithe fós ag guth an phobail. Gur fiú máirseáil, gur fiú léirsiú, gur fiú áiteamh, gur fiú díospóireacht, gur fiú an dá shúil lánoscailte ar gach taobh den chloigeann, gur fiú an fhearg dhorcha, agus gur fiú, leis, an plé ar chríocha na beatha.