Cad chuige iad?

Cad chuige Páirtí an Lucht Oibre? Anois go bhfuil Pat Rabbitte éirithe as beidh an cheist á cur

Cad chuige Páirtí an Lucht Oibre? Anois go bhfuil Pat Rabbitte éirithe as beidh an cheist á cur. I leataoibh ar fad gur lú an ghaoth á bheidh á séideadh ar fud an bhaill agus go n-ísleofar ar phuthaíl mhorálta na n-aertonnta, an dtabharfar difear ar bith faoi deara? An mbeimid in ann codladh níos suaimhní inár leaba de cheal ár gcandam laethúil d'fhearg bhréige an fhíréin?

An ndéanfadh sé difríocht ar bith dá rachadh siad ar fad seacht léig i bhfarraige agus bró muilinn timpeall a muineál ar ghrinneall an aigéin? An cuma nó broim spideoige i stoirm iad?

Bhí tráth ann nuair a ligeadh siad orthu gur bhain siad leis an eite chlé. Ó am go chéile síothlaíonn abairt uathu de thimpist, abairt aniar as an réamhstair an t-an go raibh sóisialaigh in Éirinn beo.

Ach is gairid go gcuirtear é sin ina cheart le cabaireacht an aonaigh is an mhargaidh ar eagla na míthuisceana. Bhí tráth ann nuair a lig siad orthu féin gur bhain siad leis an lucht oibre bíodh is go raibh a fhios ag an saol gur páirtí de chuid na meánaicme go smior iad.

READ MORE

Ach ó déanadh meánaicme den lucht oibre, agus uasmheánaicme den mheánaicme, agus os-uasmheánaicme den uasmheánaicme, n'fheadar siad an ag imeacht nó an ag imeacht atá siad. An dá chuid, is dócha.

Bheadh sé rófhurasta an milleán ar fad a chur ar na sticíos a chlasaigh leo tamall de bhlianta ó shin. Rud ar bith a leag na sticíos lámh air thosnaigh siad á stiúradh ar dheis. Sa chás is go raibh duine óg agus idéalach agus lán de ghiodam chun an saol a chur ina cheart ba leor cuimilt bheag amháin de na sticíos chun an duine sin a thabhairt ar thuras ón speictream is faide ar chlé go dtí an cliathán is sia amuigh ar dheis.

Sa chás is go raibh duine ina chumannach poblachtánach ar son tart na córa agus roinnt na maoine dá ngreamódh sticí leis ag siúl na slí dhéanfaí stocbhróicéir caipitilíoch impiriúil de sula bhféadfá na focail Ionad Seirbhísí Airgeadais a rá.

Níorbh aon chabhair don lucht oibre gur neadaigh na sticíos iontu agus gur fhág siad a gcuid uibheacha ag lobhadh ina measc. Ach níorbh é sin iomláine an scéil.

An gcreideann siad in rud ar bith níos mó? An bhfuil aon phaisean iontu? Ar dhein siad ráiteas ar bith faoi rud ar bith le tamall arbh fhiú éisteacht leis? An t-intleachtóir aonair amháin atá acu, Michael D. Higgins, déanadh imeallú air nuair ba léir gur theastaigh uaidh seasamh don Uachtaránacht.

Ba dhóigh leat orthu go gcuireann a chuid díocais agus a chuid faghartha eagla ar an gcuid eile, eagla roimh smaointe, eagla roimh chreideamh, agus go deimhin, eagla roimh ghníomh. Is é is óige díobh go mór is go fada, is é is bríomhaire, is é is mó go bhfuil spreang ina chosa.

Cad chuige Fine Gael? Cá bhfuil siad le tamall? An bhfaca duine ar bith Enda Kenny? Tá iarthar na tíre agus Tuamhain go háirithe suaite mar gheall ar an loiceadh a dhein Aer Lingus ar an tSionainn.

An bhfuil polasaí ar bith ag Fine Gael ina thaobh? An bhfuil leagan amach ar bith acu atá aon phioc éagsúil le Fianna Fáil? Ar imigh siad go léir i bhfolach i bpoll éigin in Iarthuaisceart Mhaigh Eo (ach ní i Ros Dumhach)?

Cá bhfuil siad uainn anois go bhfuil tamall grinn agus scailéathain ag teastáil go géar? Nach bhféadfadh siad polasaí réabhlóideach éigin a cheapadh chun, abair, géarchéim na heolaíochta sna scoileanna a réiteach? Cuir i gcás gan é a theagasc in aon chor sa tslí is go mbeadh daltaí ag cur a mbundún amach á hiarraidh le grá don ábhar.

Nó an caoirigh iad i seithe na gcaorach? An dtabharfaí rud ar bith faoi deara dá n-imeodh siad tur te glan bán ó dhroim na talún? An bhfágfadh siad rian seilmide ar an aer ina ndiaidh? Na daoine nua atá acu is amhlaidh gur seanóirí iad ina gcimí i gcraiceann ógánach. Cad ina thaobh nach gcaithfeadh duine éigin díobh léine ghorm ionas go bhfeicfimis é? Bhí tráth ann nuair a d'fhéadfaí brath orthu a spága a chur go doimhin sa phuiteach ar shlí éigin. An bhfuil toise nua tugtha acu don fhocal 'irrelevance'?

An bhfuil siad chomh bodhar le clog sa choill, chomh húsaideach le hadharca ar bhroc, chomh bríomhar le duille leitíse, chomh fuinniúil le nóinín breoite?

Cén mhaith iad? An dtabharfaidh duine éigin ón bpéin sinn?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar