Cad faoi...?

CROBHINGNE: I gCÚRSAÍ móra an tsaoil beidh tabhartha faoi deara agat go bhfuil daoine claonta

CROBHINGNE:I gCÚRSAÍ móra an tsaoil beidh tabhartha faoi deara agat go bhfuil daoine claonta. Is é sin le rá go gclasaíonn daoine argóintí agus cúiseanna chucu féin gan beann ar fhianaise ná ar radharc na súl.

Scríobh Julius Caesar nach raibh ailt ina gcosa ag an eilifint agus go gcodlaíodh siad sna crainn; d’aithris an geografaí Strabo an rud céanna, ghlac Arastatail leis an tuairisc, agus b’in a creideadh san Eoraip chaol oileánda anuas go dtí an 17ú haois.

Ní miste beagán den léann clasaiceach a lua le húdarás sa cholún seo, bíodh is gurb eolas amú go minic é eolas an léinn chlasacaigh chéanna.

Is dócha – ní hea – is é sampla na fianaise a bhréagnaítear an sampla is fusa déileáil leis maidir leis na bréaga poiblí de. Ó am go chéile is féidir a áiteamh ar dhaoine a dhá súl a oscailt, agus ó am go chéile is amhlaidh go n-oibríonn.

READ MORE

Cnó caoch eile ar fad é tabhairt ar dhaoine dhá thaobh an scéil a bhreith leo. Go rómhinic nuair is mian le daoine dhá thaobh an scéil a nochtadh, is é atá i gceist acu ná a dtaobh féin a chur os ard.

Dá réir sin, nuair a luann aontachtóirí sléacht Inis Cheithlinn bíonn mar fhreagra ag poblachtánaigh, ’is ea, voil, caidé mar gheall ar Dhomhnach na Fola?

Agus nuair a luaitear ‘íobairt fola’ Éirí Amach na Cásca, táim féin agus an beagán ar chomhaigne liom lánullamh le ‘cad mar gheall ar íobairt fola na Somme?’

Agus nuair a mhaíonn an cine Giúdach gurbh é an tUileloscadh acu féin an tUileloscadh ba speisialta agus ba shainiúla dá raibh riamh ann, seo chugainn go grod scata ciníocha eile á rá go raibh a bpian féin níos pianúla ná an rud ba phéiniúla dá raibh riamh á bpianadh ag duine ar bith.

Ina choinne sin thall, tá brí éigin leis. Ceann de chlis an tsaoil shlím é díchomhthéacsú a dhéanamh ar shruth an tsaoil. Ní móide aon bhrí a bheith lena rá gur dhein aerfhórsa na Stát Aontaithe agus na Breataine ionsaí buamála ar chathair álainn Dresden idir an 13ú agus an 15ú lá déag d’Fheabhra 1945 agus gur mharaigh siad suas le 40,000 duine gan chúis, gan fáth, gan chuireadh, gan iarraidh.

Glacaim leis go raibh comhthéacs éigin le marú an oiread sin daoine. Dá mbeifeá ag áiteamh gur coir in aghaidh an chine dhaonna a bhí ann, is gairid a déarfaí leat go gcaithfí ‘an comhthéacs’ a mheas. Níor leor a rá gur ag caint ‘ar an ócáid seo amháin’ a bhí tú.

Cuid den allagar ráite agus neamhráite sin, bhí timpeall ar fhuascailt Abdelbaset al-Megrahi ó phríosún na hAlban le déanaí. Fág gur dócha nárbh é a bhí ciontach san uafás os cionn Loch Earbaí, bhí púcaí eile feirge i gceist. Theastaigh ó ghaolta na ndaoine a maraíodh go bpianósfaí duine éigin. Tá an mothú daonna sin thar a bheith intuigthe.

Tá an díoltas ginte ionainn, murab ionann agus an ceart. Ach sa mhéid is nárbh fhiú le haon duine focal báúil, ná focal cáinte, ná focal tagartha dá laghad a rá mar gheall ar Eitilt Aer Iaráin 655 a shéid an USS Vincennes as an aer ar an tríú lá d’Iúil 1988 agus a rinne smionagar de 290 duine i bhfaiteadh na leathshúile, níor dheacair a cheapadh nár shín bá dhaoine le cách, ach amháin lena muintir féin.

Agus nach é sin é? Tá ár gclaon againn le muintir ár dtreibhe féin, bíodh sin ina threibh áitiúil, nó aicmeach, nó chraicneach, nó chreidmheach, nó chomh-mheabhrach. Is róchuma linn faoi na daoine bochta eile sin i dtír éigin eile i gcéin nach bhfuil ainm againn orthu.

Ligimid orainn – peaca bréan mímhacánta an duine ghil liobrálaigh – gur cás linn an cine daonna go léir, nuair nach cás linn ach na daoine a dtuigimid dóibh.

Is cás linn na daoine atá inghrianghrafaithe agus ar féidir ainm a chur orthu, na daoine arbh fhéidir gur sinne a bheadh iontu ach casadh beag bídeach a bheith i roth na cinniúna.

Is é nach féidir linn a dhéanamh an casadh mór a thabhairt ar roth céanna sin na cinniúna, an casadh ar casadh samhlaíochta is mó atá ann. Conas mar a bheadh agatsa dá mba ghiofóg tú ceithre scór bliain ó shin?

Conas mar a bheadh agatsa dá mba leanbh i scoil tionsclaíochta tú abhus tamall ar ais? Cailín i ndíleachtlainn sa tSín?

Coillteán sa tSean-Róimh? Tréadaí camall sa 15ú haois? Duine le dhá chloigeann? Baincéir macánta?

Ní droch-cheist in aon chor í, ‘Cad mar gheall air...?’

Cuireann sé d’fhiachaibh orainn na lúibíní a bhaint amach, na sraimlí a bhaint dár súile, agus cuid bheag den tsamhlaíocht sheasc sin againn a mhúscailt.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar