'Tá creimeadh leanúnach déanta ar an nGaeilge mar phríomh-mheán teagaisc i líon mór scoileanna ag an dá leibhéal ag brúnna éagsúla . . . gur gá aghaidh a thabhairt orthu," a thugann príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, le fios ina athbhreithniú ar obair an eagrais le linn 2005.
Creideann Ó hAoláin: "Má tá an Ghaeilge le treisiú mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht is gá aghaidh a thabhairt ar bhonn práinne ar staid agus stádas na Gaeilge i scoileanna na Gaeltachta agus go gcuirfí na tacaíochtaí riachtanacha ar fáil do mhúinteoirí le cur ar a gcumas an claonadh ón oideachais trí Ghaeilge agus ón nGaeilge mar theanga chaidrimh i scoileanna, atá ag tarlú de réir a chéile le blianta, a iompó ar ais."
Chuige sin, beidh "iarracht comhpháirtíochta" idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta de dhíth le cur in éadan an chreimthe seo.
Is é tuairim Uí Aoláin go bhfuil "an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail ag staid chriticiúil chinniúnach sa Ghaeltacht.
Cé nach bhfuil aon phróifíl gurbh fhiú trácht air ag an nGaeilge i saol an phobail i gcuid mhaith ceantar Gaeltachta - ach an oiread agus a bhí nuair a leagadh amach teorainneacha na Gaeltachta i dtosach - fós féin tá roinnt mhaith ceantar ina bhfuil beocht agus spreacadh sa teanga a thabharfaidh ardán d'fhás agus d'fhorbairt ach na tacaíochtaí cuí a bheith ar fáil . . .
"Tá todhchaí na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail, áfach, ag brath cuid mhór ar úinéireacht a bheith ag an bpobal ar an dúshlán a bhaineann leis an aidhm uaillmhianach seo."
Cheap sé gurbh iad na himeachtaí ba thábhachtaí a raibh tionchar acu ar an teanga anuraidh: tús feidhmiúcháin Oifig an Choimisinéir Teanga; stádas mar theanga oibre ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach; bunú struchtúir nua óige don Ghaeltacht; dlús bheith curtha le forbairt na hollscolaíochta trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tús curtha le tionscnaimh phleanála teanga i gcúig phobal Gaeltachta.
Chuir an tÚdarás airgead mór ar fáil do struchtúr 'naíonraí' réamhscolaíochta agus struchtúr nua óige a thosóidh ag feidhmiú le foireann lánaimseartha i dtús 2006: "Tá maoiniú substaintiúil á chur ar fáil mar thacaíocht don ollscolaíocht trí Ghaeilge sa Ghaeltacht mar aithnítear an tábhacht mhór a bhaineann leis an réimse seo ó thaobh socheacnamaíochta agus teanga de."
Tá Suirbhé Teangeolaíochta idir lámha ag an Rialtas agus bhí Ó hAoláin dóchasach go dtabharfadh torthaí agus tátal na suirbhé "bunús eolaíoch don phróiseas comhtháite pleanála teanga a bhfuil géarghá leis sa Ghaeltacht".
Chreid sé fosta gur cheart go mbeadh maoiniú "leordhóthanach" ar fáil do TG4 le go mbeadh siad ábalta cur le réimse na gclár agus "tógáil ar an dúshraith láidir lucht féachana atá meallta ag an tseirbhís cheana féin".
Ba chuid bheoga den eacnamaíocht náisiúnta í an turasóireacht ach d'fhulaing an Ghaeltacht laghdú ar líon cuairteoirí.
Chreid sé gur chóir aghaidh a thabhairt ar an fhadhb seo ar dhá bhealach; "comhghuaillíocht straitéiseach mhargaíochta" a bhunú le heagrais áitiúla agus réigiúnacha turasóireachta le sciar níos airde cuairteoirí a mhealladh ó réigiúin an oirthir - Baile Átha Cliath ach go háirithe - chun a réigiúin féin agus "díriú ar tháirgí eiseamláireacha den scoth a fhorbairt".
D'oibreodh tionscal turasóireacht an Údaráis, GaelSaoire, "i bpáirtíocht le soláthróirí seirbhísí turasóireachta sa Ghaeltacht chun pacáistí tarraingteacha saoire le 'blas' ar leith Gaeltachta a fhorbairt agus a mhargú." Dhíreodh oifigí réigiúnacha an Údaráis ar "thograí eiseamláireacha" sa dá bhliain romhainn.