Cú Chulainn dearmadta an Mhisteachais

Rachmasaí Angla-Éireannach, úinéir Zarathrustra, an capall a bhuaigh Corn Óir Ascot sa bhliain 1956, pearsa aitheanta ach mistéireach…

Rachmasaí Angla-Éireannach, úinéir Zarathrustra, an capall a bhuaigh Corn Óir Ascot sa bhliain 1956, pearsa aitheanta ach mistéireach ar a shon san sa Kildare Club agus in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, saoi a bhfuil cáil idirnáisiúnta inniu air faoin ainm Wei Wu Wei, ceannródaí na hamharclainne thall sa Bhreatain faoin ainm Terence Gray, duine a bhí leathdhearmadta in Éirinn agus sa Bhreatain go dtí gur foilsíodh beathaisnéis anuraidh faoin teideal iontach Only by Failure: The Many Faces of the Impossible Life of Terence Gray a scríobh Paul Cornwell, foilsithe ag Salt, a scríobhann Gabriel Rosenstock.

Cérbh é féin? Fear fadsaolach ab ea Wei Wu Wei a dhein ath-shainmhíniú air féin arís is arís eile go dtí sa deireadh gur roghnaigh sé trí náid - OOO - mar ainm cleite dó féin, é ag dul i dtreo an neamhní ba chroí ann agus ba dhual dó an t-am ar fad. A thuismitheoirí luaite, ar an dá thaobh, in Landed Gentry in Ireland de chuid an Bhúrcaigh. Ard-Shirriam Aontroma ab ea an t-athair. Bhog siad go Sasana le bheith níos cóngaraí do Newmarket, ceanncheathrú na rásaíochta.

Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach chuaigh Wei Wu Wei chun na Fraince ina thiománaí otharchairr le Cumann na Croise Deirge. Thart ar 50,000 Francach á marú in aghaidh na míosa ar an bhFronta Thiar.

Éigipteolaí amaitéarach ab ea é tar éis an Chogaidh Mhóir. Caitheamh aimsire faiseanta ab ea é sin - cuimhnigh go rabhthas tar éis teacht ar Thútancámún ag an am.

READ MORE

Bás na mílte sna trinsí agus seargáin ársa á n-aimsiú sa ghaineamhlach, ar chuir sé sin Wei Wu Wei ag smaoineamh ar mhistéirí na beatha is an bháis?

Déarfainn nár chuir, dáiríre. Fear óg ab ea é agus cé go raibh stad ina ghuth agus fonn air fanacht sna sciatháin, faoi ainmneacha cleite, fós féin thum sé isteach i saol na hamharclainne i Sasana, bhunaigh an Festival Theatre in Cambridge agus a cheangal le hÉirinn le feiscint sna drámaí a chuir sé á léiriú ann, saothar le Yeats, Lord Dunsany, Lady Gregory, Shaw, Wilde, Synge, Austin Clarke agus a thuilleadh nach iad.

I measc na ndaoine a tháinig faoina anáil bhí Sir Tyrone Guthrie a d'fhág a thigh mór, Eanach Mhic Dheirg, ag ealaíontóirí na hÉireann.

Scríobh sé féin dráma dar teideal Cuchulainn ina bhfuil 29 radharc, mná nochta i gcuid acu. Níor léiríodh riamh é. Dúshlán d'Amharclann na Mainistreach? Deir an laoch ann: "I cannot behold you. It is my geasa that I behold not the naked breasts of a woman. Conchubhar knows my geasa and he has set this trap for me."

Ainm cleite eile a d'úsáid Wei Wu Wei ná Quetzalcoatl. Aisteach go leor, bhronn an file Chicano Francisco X. Alarcón ainm Aisticeach ormsa sa bhliain 1992 (agus Colambas á chomóradh i Meiriceá) agus ba é an t-ainm sin ná Xolotl, leathchúpla Quetzalcoatl mar a tharlaíonn - agus Xolotl is teideal don dán is faide a scríobhas riamh. Nach aisteach, uaireanta, na ceangail a bhíonn ann, ná ceangail a dhéantar is gan aon choinne againn leo.

Col ceathrair leis ab ea Ninette de Valois (ainm stáitse), damhsóir agus ceannródaí cóiréagrafaíochta. Gluaiseachtaí, damhsa, mím, soilsiú, ceol, leagan amach an stáitse ... ní fhéadfadh an focal scríofa a bheith neamhspleách orthu san, dar le Quetzalcoatl, Terence Grey, Wei Wu Wei.

Tar éis dó saol na hamharclainne a fhágaint ina dhiaidh thug sé aghaidh ar an bhFrainc agus ar na fíonghoirt aige in Tain l'Hermitage ar bhruacha geala na Róine. Iarradh air leabhar dar teideal La Doctrine Supreme (staidéir shíceolaíochta ar smaointeachas Zen) le Hubert Benoit a aistriú agus caithfidh gurb in an uair a dúirt sé leis féin, "Ambaiste, ná féadfainnse leabhar - nó carn leabhar - a scríobh ar an ábhar céanna!" Rugadh Wei Wu Wei.

Sealúchas aige i gCill Dara (Osborne Lodge), i ndeisceart na Fraince agus i Monte Carlo, phós sé banphrionsa Rúiseach ... thaistil sé chun na hIndia chun bualadh le Ramana Maharshi arbh é an Tost an modh teagaisc ab éifeachtaí aige ... féach, má leanaim ar aghaidh leis seo déarfaidh tú gur síscéal atá á chumadh agam.

Sea, thosnaigh Wei Wu Wei ar scata leabhar a scríobh agus an léamh a dheinimse orthu ná gur chreid an t-údar go diongbháilte gur scéal sí is ea an domhan ar fad, scéal sí atá ár gcur chun suain lá i ndiaidh lae ach má thuigimid an méid sin, go glé, tá seans beag éigin ann go ndúiseoimid. Agus i leabhair ar nós Ask the Awakened agus All Else is Bondage thug sé cúpla nod dúinn ina thaobh sin.

Shíl Wei Wu Wei go raibh sé ar fad ráite cheana, go mion minic, ag an mBúda, ag Íosa, ag Lao Tzú, ag Patrarcaí na Síne agus mar sin de ach go raibh sé in am friotal nua a chur ar an scéal, an tsaíocht a chur i láthair i gcaint ár linne.

Agus cad go díreach a bhí á rá aige? Mar shampla, sa leabhar Fingers Pointing Towards the Moon: Reflections of a Pilgrim on the Way, deir sé: "Is é is naomh ann ná duine a chuireann smacht ar an ego; is é is saoi ann ná duine a chailleann an ego."

Cé acu ab fhearr leatsa, a bheith i do naomh nó i do shaoi? Is dócha nach gcuireann múinteoirí gairmthreorach an cheist sin ar éinne na laethanta seo. Is é is gairmthreoir anois ann ná féachaint cén jab a d'oirfeadh duit, conas dul ar aghaidh sa tsaol, conas an dréimire a dhreapadh chun go mbeadh dóthain airgid agat le bheith i do thomhaltóir. Agus, mar thomhaltóir, bí cinnte go bhfuil cearta agat chomh maith.

Ní raibh spéis rómhór ag Wei Wu Wei sna bunluachanna sin a shamhlaímid le sochaí an lae inniu ná fiú san earra sin atá George W. Bush ag iarraidh a dhíol le tíortha neamhshibhialta an domhain, is é sin le rá an daonlathas. B'fhacthas do Wei Wu Wei gur coimhlint idir pháirtithe leasmhara agus iomaíocht bhuile iad bunchlocha an daonlathais.

Ag tochras ar ár gceirtlín féin a bhíonn an chuid is mó againn, de réir dealraimh.

B'fhearr leis siúd nóisean na híobartha agus nóisean na seirbhíse a bheith in uachtar ná an uile dhuine againn a bheith ag tarraingt uisce ar ár muileann féin. Cothaíonn na rialtais atá againn, a dúirt sé, cothaíonn siad éad, fuath agus mailís.

Tá an t-am ag imeacht... agus táim ag rith as spás. D'fhéach Wei Wu Wei ar an aigne mar tic-toc an chloig. Breith ar an leathshoicind sin idir an tic agus an toc, má thuigeann tú leat mé, sin is dúiseacht ann. D'úsáid sé meafair eile.

Is fuirist bata a chur idir spócaí rotha agus an roth ina stad, ach ní féidir nuair atá an roth ag casadh. An roth ag casadh, sin an t-am ag imeacht. Ní féidir bata a chur sna spócaí sa chás sin. Rud a bheadh ag gluaiseacht an-tapaidh ar fad, áfach - urchar, abair - d'fhéadfá urchar a chur trí na spócaí agus an roth ag casadh.

Faighimid léargas ó Wei Wu Wei ar nádúr an ama, ar nádúr an spáis, ar nádúr na haigne is na gcéadfaí. Thuig sé féin na deacrachtaí a bheadh aige teacht ar an bhfriotal cuí. Níl an tsúil in ann í féin a fheiscint agus níl an fhírinne in ann í féin a chur in iúl, a dúirt sé.

Sea, b'fhéidir gurb é an tost an teachtaireacht is fearr i ndeireadh thiar.

Nuair a cailleadh é in Monte Carlo sa bhliain 1987 in aois a 93 níor tuairiscíodh a bhás ar nuachtáin Shasana ná ar nuachtáin na hÉireann (go bhfios dom). Tost. Is mall an fógra seo ag teacht mar sin - fógra neamhbháis - ach is mithid.