Gearóid Ó Tuathaigh
Síníodh sos lámhaigh idir ceannairí fórsaí míleata na Breataine in Éirinn agus óglaigh na poblachta (an IRA) ar an 9 Iúil 1921. Beart cinniúnach ab ea é seo. Bhí an choimhlint mhíleata idir an dá thaobh tar éis a bheith ag dul i ngéire agus i bhfíochmhaire de réir a chéile ó earrach na bliana 1920 i leith, go háirithe i ndiaidh theacht na nDúchrónach agus na bPóilíní Cúnta go hÉirinn i rith na bliana sin. Faoiseamh do chuid mhaith de cheannairí na bpoblachtánach in Éirinn - go háirithe don Choileánach - an sos lámhaigh seo. Ní hé go raibh an IRA buailte nó réidh chun géillte; ach bhí sé ag dul rite go leor orthu teacht ar airm agus armlón.
Bhí roinnt luíochán agus bearta míleata tar éis a bheith tubaisteach do na poblachtánaigh, i gcontae Chorcaí go príomhtha, ach i mBaile Átha Cliath, leis, áit inar tharla an beart ba mhí-stuama ar fad , an t-ionsaí ar Theach an Chustaim ar 25 Bealtaine, nuair gabhadh suas le céad óglach. Bhíothas go te sa tóir ar cheannairí ghluaiseacht na poblachta agus an Caisleán ag fáscadh go tréan ar ghréasán faisnéise Uí Choileáin. De réir tuairiscí áirithe comhaimseartha bhí an Coileánach féin in ísle brí faoin tráth san.
Bhí tábhacht faoi leith le dearcadh agus breithiúnas Uí Choileáin ar cheist seo an tSosa agus a dtiocfadh as, mar gheall ar na rólanna iomadúla a bhí aige - sa Rialtas, sa Dáil, san arm (IRA) agus san IRB. Bhí ladhar i ngach cúinne aige, agus deisceabail ar gach leibhéal den ghluaiseacht. Ach bhí naimhde aige, chomh maith, nó, ina áit sin, ceannairí míleata eile a bhí in éad nó in iomaíocht leis, agus nach ngéillfeadh go réidh dá chomhairle. D’athraigh dinimic na ceannaireachta polaitíochta tar éis do de Valera filleadh ar Éirinn óna chamchuairt fhada ar Mheiriceá um Nollaig 1920. Ba dheacair do Dháil Éireann a húdarás a mhaíomh, agus gan ach ocht dtionól ar fad den Dáil ann idir Meán Fómhair 1919 agus Iúil 1921.
Ní raibh na ceannairí poblachtánacha go léir ar aon intinn faoi chaothúlacht an tsosa cogaidh; cuid de na ceannairí míleata ba dhásachtaí - go háirithe sna buíonta i ndeisceart na tíre - bhíodar den tuairim go bhféadfadh an IRA leanacht leis an gcogadh in aghaidh fórsaí na corónach, gan aon lagan a theacht ar mhisneach na n-óglach ná ar thacaíocht an ghnáth-phobail. Má theip ar bhearta éagsúla de chuid an IRA sa chéad leath de 1921, bhí bearta eile inar éirigh leo buillí sách láidir a bhualadh ar fhórsaí na corónach, go háirithe i ndeisceart agus in iarthar na tíre.
Foinse eile teannais ab ea na hearcaigh a bhailigh isteach sna hÓglaigh tar éis don sos lámhaigh teacht i bhfeidhm agus a mbíodh cuid de na seanfhondúirí ag tabhairt ‘Trucileers’ orthu, le searbhas. Ach, cibé comharthaí a bhí ann den aighneas a phléascfadh ar ball, thuig na ceannairí poblachtánacha gurbh í mian fhurmhór an ghnáth-phobail go dtiocfaí ar réiteach polaitíochta a chuirfeadh stop leis an bhforéigean.
B’é ba bhun-chuspóir ag an sos lámhaigh, má’s ea, ná deis a thabhairt do na páirtithe sa choimhlint cainteanna a thionscain, féachaint le réiteach polaitíochta a aimsiú ar an gcoimhlint Angla -Éireannach. B’ionann réiteach sa chás seo agus comhréiteach: má bhí socrú le déanamh, chaithfeadh comhghéilleadh a theacht ón dá thaobh. An cheist, mar sin, ná, cad iad na cártaí a bhí le himirt ag an dá thaobh sa chluiche seo: cad a bhí so-aimsithe, cad d’fhéadfaí a chur ar leataobh?
Faoi dheireadh na bliana 1921, príomh-aire gan páirtí seasta taobh thiar de ab ea Lloyd George, é in oifig le toil an pháirtí Chaomhaigh, páirtí a raibh Andrew Bonar Law - a thug tacaíocht gan cheist gan choinníoll d’Aondachtóirí Uladh ó thús na géarchéime i 1912 - ina cheannaire air.
Bhí na hacmhainní míleata ag an mBreatain chun na poblachtánaigh in Éirinn a bhascadh agus an Dáil, agus ar bhain lena húdarás, a chur faoi chois.
Rud eile ar fad, áfach, an toil pholaitiúil chuige. Cinnte, ba líonmhaire na seabhaic ná na colúir ar ard-chraobhacha an pháirtí Chaomhaigh. Ach, os a choinne sin, bhí an Bhreatain - a cáil agus a féin-íomhá - ag fulaingt go dona sa chogadh bolscaireachta, go hidirnáisiúnta agus ag baile. Bhíothas ag déanamh comparáide, ach go háirithe, idir mí-iompar na nDúchrónach agus na bPóilíní Cúnta - foréigean gan srian, clampar gan smacht, ciapadh sibhialach - agus a bhíodh á chur i leith na nGearmánach sa Bheilg sa chéad chogadh mór i dtréan-bholscaireacht na Breataine ag an am. Ach oiread le ceannairí Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, ní fhéadfadh Rialtas na Breataine an chluas bhodhar ar fad a thabhairt do na hachainí éagsúla a bhí á ndéanamh ar son réitigh agus síochána.
Má cheap ceannairí Shinn Féin go mbeadh na cainteanna a bhí á mbeartú idir toscairí Dháil Éireann agus Rialtas na Breataine in ann socrú cuimsitheach nua idir Éire agus an Bhreatain Mhór a sholáthair a sháródh gach uile ghné d’Acht 1920, bhí dul amú orthu. Bhí gné lárnach den Acht sin a bheadh imdhíonach, chóir a bheith, ar gach seift agus teaictic a mbainfeadh toscaireacht Shinn Féin feidhm astu sna cainteanna. B’shin an chuid den scéal a bhain le Tuaisceart Éireann agus leis an gCríochdheighilt.
B’í uair na cinniúna í d’Aondachtóirí Uladh nuair a chinneadar i Márta 1920 glacadh leis an mbille (an tAcht ar ball) um Rialú na hÉireann mar réiteach ar a gcás, bíodh is go gciallódh bunú Thuaisceart Éireann (sé chontae) go gcaithfeadh Aondachtóirí na sé chontae a gcomhaondachtóirí sna trí chontae eile de chúige Uladh (an Cabhán, Muineachán agus Dún na nGall) a thréigean. Ón lá sin amach, ní raibh aon luí siar ar na maidí acu. Do thuig ceannairí Aondachtóirí Uladh gurbh é a bheadh cinniúnach ar deireadh thiar ‘na fíricí ar an talamh’, mar a déarfá, cibé rud faoi mheamraim rialtais nó forálacha dlí ar phár.
Bhí ‘stát’ dá gcuid féin le bunú agus le cosaint acu. B’í an chéad chloch ar a bpaidrín (má’s ceadmhach an meafar sin a úsáid sa chás áirithe seo) ná dul i ngleic leis an bpriacal slándála. Faoi Shamhain 1920 - agus an bille um Rialú na hÉireann fós ar a chúrsa parlaiminte i Westminster - thosnaigh an earcaíocht d’fhórsa Póilíní Speisialta (aicmí A, B agus C) ó thuaidh, bíodh is nach raibh aon bhunús dlí dá leithéid ag an am. Mílíste armtha Protastúnach a bhí anseo agus, le cead agus cúnamh baill shinseareacha de na Caomhaigh, bhíodar in ann teacht ar sholáthar arm ón tús.
Aríst, níor fhanadar ar riail ná reacht chun creatlach den rialtas Aondachtach a bhí le teacht a chur le chéile. Bhí earcú na foirne sinsearaí don státseirbhís nua, a bheadh faoi réir chun an rialtas nua i mBéal Feirste a riaradh, faoi lánseol faoi earrach na bliana 1921 agus an cogadh Angla-Éireannach fós ar siúl ó dheas.
Thug olltoghchán Bhealtaine 1921 le haghaidh pharlaimint nua Thuaisceart Éireann móramh láidir do na hAondachtóirí (40 as 52 suíochán); ceapadh Craig ina phríomh-aire ar an 7 Márta, agus tháinig an rí Seoirse V go Béal Feirste ar an 22 Meitheamh chun parlaimint Thuaisceart Éireann a oscailt go hoifigiúil i Halla na Cathrach ansin.
Ar feadh an ama ar fad ina raibh na socraithe seo á ndéanamh, bhí tacaíocht cheannairí an pháirtí Chaomhaigh ar fáil go daingean do Craig agus a pháirtí i ngach beart dar thugadar faoi. Go deimhin, ar 22 Samhain 1921 bronnadh an t-údarás agus an fhreagracht as riaradh an R.I.C. i dTuaisceart Éireann ar an rialtas nua i mBéal Feirste. Is féidir a rá, mar sin, faoin am gur thug toscairí na Dála a n-aghaidh ar Londain ag tús mhí Dheireadh Fómhair 1921, le haghaidh na gcainteanna cinniúnacha, a thabharfadh socrú cuimsitheach ar an gcoimhlint Angla-Éireannach, go raibh an capall scaoilte agus imithe ina chos inairde, chomh fada is a bhaineann an scéal le Tuaisceart Éireann.
Ní shin le rá nach raibh aon údar imní faoin spéir ag Craig agus a pháirtí faoi dheireadh na bliana 1921. Bhí comhairlí áitiúla ó thuaidh a raibh náisiúnaithe ina móramh iontu fós ag diúltú aitheantais don réimeas nua i mBéal Feirste (agus iad á ngríosadh chuige sin ag rialtas na Dála). Bhí an IRA sna sé chontae de Thuaisceart Éireann i mbun gnímh, go háirithe in aghaidh na bPóilíní Speisialta agus teaghlaigh Aondachtacha cois teorann: bearta arbh iad Caitlicigh Bhéal Feirste ba mhó a bhí i mbaol díoltais dá mbarr. Ainneoin tacaíocht dhaingean na gCaomhach a bheith acu, bhí Craig agus a pháirtí amhrasach faoi shlítheántacht Lloyd George.
Má’s tada é, mhéadaigh ar an amhras sin nuair a fógraíodh téarmaí an Chonartha faoi Nollaig 1921. Bhí tacaíocht Uí Choileáin agus baill den IRA sa deisceart ar fáil d’fheachtas an IRA sna sé chontae sa chéad chúpla mí den bhliain 1922. An clásal sa Chonradh Angla-Éireannach a gheall Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar cá luífeadh líne na teorann, clásal a thug dóchas áirithe do náisiúnaithe ó thuaidh, b’ábhar mór imní é d’Aondachtóirí, go háirithe ar an dteorainn díreach laistigh de Thuaisceart Éireann. Ach bhí rún daingean acu-san gan orlach a ghéilleadh den ‘slánú’ a dheonaigh Acht 1920 dóibh.
Ag breathnú siar dúinn anois, is fuirist soineantacht pholaitíochta a chur i leith na gceannairí náisiúnta úd a chreid go mbeadh gach rud a bhí uatha - poblacht neamhspleách uile-Éireannach san áireamh - ar an mbord ag na cainteanna a thosnaigh i Londain ar 11 Deireadh Fómhair 1921. Ní raibh fianaise dá laghad ann, áfach, go mbeadh an Rialtas (nó an drong cheannais fré chéile) sa Bhreatain réidh chun socrú dá shórt a cheadú nó fiú é a phlé. An faicsean poblachtánach ba neamh-ghéilliúla sa bhaile in Éirinn, ba léir nach nglacfadh siadsan le comhréiteach ar bith ar an mbun-éileamh seo. Ba dhóigh le duine a leanfadh an loighic siar go heireaball go raibh scoilt de shaghas éigin ag bagairt.
Ach, ní raibh sé iomlán soiléir roimh ré (fiú do státseirbhísigh shinsearacha) cé acu a bhféadfadh nó nach bhféadfadh na cainteanna úd teacht ar comhréiteach a sháródh Acht 1920, nó a chinnteodh go mbeadh téarmaí an Achta sin caite i gcártaí, chomh fada is a bhain sé le stádas agus críocha an struchtúir áirithe féin-rialtais a bhí le bunú in Éirinn. Ar ndóigh, cuid dhílis de ‘credo’ an staraí é nach féidir a rá riamh faoi cheist nó eachtra staire ar bith go raibh an toradh áirithe a bhí uirthi sa deireadh dosheachanta. Mar sin féin, i bhfianaise na gcúinsí agus na bhfórsaí a bhí i dtreis san idirbheartaíocht idir na príomh-pháirtithe i Londain, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste ag druidim le deireadh na bliana 1921, níor chóir go mbeadh aon ró-iontas ar éinne faoinar thit amach ar ball.
Is Ollamh Emeritus le Stair é Gearóid Ó Tuathaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh