CROBHINGNE: TÁ MÓRÁN cainte le seachtain anuas mar gheall ar Wikileaks a thug fios scéil amach i dtaobh an chogaidh ar son na sibhialtachta agus cearta na mban san Afganastáin. D'fhéadfadh an scéal a bheith níos measa, áfach, ós rud é go bhfuil sé dlite orainn an taobh geal de scéal ar bith a iompáil aníos.
Mura mbeadh an cúram slándála ar fad, tá gach seans ann go marófaí níos mó de na saighdiúirí nach bhfuil ach a ndualgas á gcomhlíonadh acu, agus a bhfuil an fód á sheasamh acu i gcoinne na sluaite anoir a bheadh ag an doras gan mhoill murach iad.
Is fíor gur tharla roinnt timpistí, rud a tharlaíonn i ngach cogadh ar son an chirt. Ní féidir ubhóg a dhéanamh gan uibheacha a bhriseadh. Ní féidir an drochúll a fháil sa bhairille, mura ndoirteann tú scata acu amach ar an mbán. Ní hann don deatach ceal na tine.
Ní bhíonn an gáire ann gan an gol a bheith ina orlaí tríd. Soineann agus doineann dhá thaobh an aon bhoinn. Níl fáithim gréine ann gan scamall dubh a bheith ina theannta. Gné den thuas seal is ea an thíos seal. Níl leigheas gan a chandam féin den phian a bheith ann, leis. Ní bhíonn saoi gan locht. Titeann an naomh féin seacht n-uaire sa lá.
Is mó is léir ná riamh gur cheart a bheith buíoch nach iad airm Hitler ná Genghis Khan atá ar an talamh sa tír, mar is cinnte nach mbeadh aon bheann acu ar chearta daonna. Tar éis an tsaoil rud úrnua i stair na cogaíochta is ea go n-admhódh saighdiúirí gur dhein siad botún. Ní bhíonn sé i gceist ag arm na sibhialtachta daoine a mharú, seachas an Taliban féin, agus roinnt Pashtún atá báúil leo, agus beagán eile a mbíonn féasóga orthu, agus an corrdhuine nach stopann nuair a iarrtar orthu é, agus an fánaí aonair a mbeadh buama i bhfolach faoina sciortaí aige, b’fhéidir.
Agus nuair a tharlaíonn de chor sa tsaol go maraítear go glanseansúil duine atá go hiomlán neamhurchóideach ar fad ar fad gan cheist ar bith, tá na húdaráis sásta cúiteamh a dhéanamh i mbás an duine sin. Cé go bhfuil beagán éigin fianaise ann sna 90,000 éigin cáipéis a tháinig chun solais gur cuireadh daoine chun báis d’aon ghnó – cuir i gcás, ag tobar éigin, nó le linn bainise, nó ag siúl chun na scoile, nó le linn proinne – ní gá an fhianaise sin a chreidiúint go díreach toisc gur cáipéisí oifigiúla iad. Tar éis an tsaoil, is minic a d’inis na Meiriceánaigh bréag cheana.
Go fiú is dá mb’fhíor gur loisceadh daoine thall is abhus d’aon ghnó, agus cuimhnigh nach bhfuil aon deimhne againn air sin, caithfear a rá go sciorrann éan as gach ealta, go mbíonn an caora dubh féin sa tréad is gile, go bhfuil peaca an tsinsir ionainn go léir.
Fairis sin, gan amhras, bíonn daoine i ngach arm a mbíonn fadhbanna síceolaíochta acu, daoine a fuair batráil nuair a bhí siad óg, daoine ar déanadh éagóir orthu sa chliabhán nó i gclós na scoile, daoine nach bhfuair oiliúint phota nuair a bhí an t-am oiriúnach chuige.
Bíodh nach bhfuil aon mhilleán ag dul do dhuine ar bith, fós féin tá na húdaráis sásta cúiteamh a dhéanamh, agus cúiteamh thar a bheith flaithiúil é, gan bhréag ar domhan ná sa bhanc. Tá tuairiscithe gur íocadh $950 le teaghlach ar maraíodh mac leo nach raibh ach 10 mbliana d’aois.
Don té nach bhfuil an mhatamaitic go rómhaith aige, sin tuairim is $100 do gach bliain dá shaol. Is cinnte go bhfuil cuma shuarach air sin, dar linne, agus is fior gur beag teaghlach a bheadh iontach sásta dá n-íocfadh arm eachtrannach breis bheag éigin is €100 i gcomhair gach bliain saoil sa chás is go lámhachfadh saighdiúirí eachtrannacha buachaill beag Éireannach abhus. Ach ní hionann an dá chás, gan amhras, sa mheá tomhais.
Ní cheannódh $950 anseo timpeall ach béile nó dhó sna bialanna is galánta, nó neachtar acu, seanbhathalach gluaisteáin athláimhe dá mb’áin leat dul ag rásaíocht ar na sráideanna istoíche. Ach san Afganastáin, is cuma nó an crannchur náisiúnta é. Dream ar bith a raibh an t-ádh leo gur maraíodh a mac a raibh deich mbliana d’aois slánaithe aige bheidís ar muin na muice nó an yak don chuid eile dá mbeatha.
Níl áireamh ar a mbeadh de mhaitheasaí le fail ar an aonach: gabhar le róstadh, próca óipiam, mugaí caifé, bróga adhmaid, forchraiceann an fháidh, fuip cinn airgid, gulab jamun gan chríoch, cloigeann briste Bhúda, carpéid draíochta chun imeachta ar neamh.
Is róbhaol anois, áfach, toisc luach linbh a bheith chomh hard sin go mbeidh tuismitheoirí de chuid na hAfganastáine ag cur a gcuid páistí féin i gcontúirt a n-anama. Tar éis an tsaoil eile, bheadh siad ina suí go te.