Nuachtáin

CROBHINGNE: THAGADH NUACHTÁIN áiseach sa seanshaol, go háirithe d’fhonn a chur timpeall ar sceallóga san oíche go déanach. Is…

CROBHINGNE:THAGADH NUACHTÁIN áiseach sa seanshaol, go háirithe d'fhonn a chur timpeall ar sceallóga san oíche go déanach. Is fearr fós an blas a fhaighim ar scealpóg de throsc atá ina luí go néata sa nuachtán áitiúil agus an fínéagar ar sileadh tríd. Chuir rialtas cosc éigin ar a leithéid roinnt bhlianta ó shin nuair nach raibh cosc á chur ar phléisiúr ar bith eile acu.

Baol sláinte a bhí ann, dar leo, toisc go raibh an chontúirt ann go rachadh an cló ceangailte id scornach leis na sceallóga agus go gcromfá ar thablóidis a labhairt.

Tá an chontúirt sin ann ceart go leor más i dtaobh leis na tablóidí a bhíonn tú d’fhonn do chuid de léas an tsaoil a fháil. Ní hé nach mbíonn a gcuid cinnlínte bríomhar agus gonta, agus gur dea-shampla iad don scríbhneoir a bhfuil claonadh ann abairtí fada a scríobh agus dul ar aghaidh mar seo nuair nach bhfuil faic eile le rá aige nó nuair atá sé ráite cheana féin aige ar shlí amháin nó ar shlí eile ach é ag dul go heireaball timpeall ina fháinne fí a bhfuil cuilithíní ann a ghabhann amach is thar chailc.

Oireann an buille agus an drochimeartas focal. I saol eile de chuid na samhlaíochta, i leataoibh ó bheith im mhainicín fireann, níor mhiste liom cinnlitreacha a scríobh do dhrochnuachtán. San ghéarchéim bhog a tháinig le déanaí maidir leis an ngalar a thosnaigh i Meicsiceó scríobh neach pinn áirithe ‘Ar muintir na muice!’ Ní raibh sé chomh glic sin, ach ba thús é. ‘Bualadh Boss’ a thug scríbhneoir eile ar bhaincéir ar baineadh cúpla billiún euro de thar oíche nuair a fuarthas go raibh a chrág sa scipéad gan teora. Ní raibh ‘Beirt Wans Mhisniúla’ go dona ach an oiread maidir leis na mná a thug dúshlán an Stáit i gcúis éigin atá ligthe i ndearmad anois.

READ MORE

Ach de ghnáth, is iad na nuachtáin mhaithe is ansa liom. Dá gcuirfeá eagrán seo an nuachtáin le chéile i bhfoirm leabhair, is ródhócha go mbeadh saothar ceithre chéad leathanach agat! Gach uile ní ann, ach gan a bheith idir dhá chlúdach. Scéalta lándáiríre, ráflaí gan bhun, tuairimíocht fhánach, eagarfhocail i lár an bhóthair, comhairle airgeadais, tuairiscí ó imeall an domhain, ábhar eile ó Chiarraí, fógraí i gcomhair nithe nach bhfuil ag teastáil, réamhthuartha spóirt ar póg an bháis iad, meastóireacht teilifíse, sódócú le huimhreacha simplí, réamhaisnéis na haimsire ó thíortha teo, an colún seo, colúin eile, ábhar éigin faoin stocmhargadh nó rud éigin, litreacha don nuachtán ag gearán faoi ghramadach Bhéarla an 19ú haois, fógraí teachta is imeachta, grianghrafanna de dhaoine dóighiúla, agallaimh le daoine nár chualamar puinn tráchta orthu, an saol agus a chuid seanmháithreacha go léir.

Dá olc maith linn é, is san nuachtán a fhaighimid formhór ár gcuid eolais ar an saol reatha láithreach. Is ea tá an ráfláil fhón póca agus an ghiolcaireacht, ach ní móide gur féidir leo siúd níos mó cuimilt ar ghearb uachtar na linne.

An clár faisnéise teilifíse féin, is mó an t-eolas a dháilfidh colún roinnt chéadta focal ar nuachtán ná é. Tá idir bhuaine an chló agus obainne na huaire ag baint leis an nuachtán. Téann i bhfeidhm ort láithreach, agus tá teacht air níos déanaí, ar an urlár, nó cois na leapa, nó sa leithreas féin. Agus ina dhiaidh sin, mura bhfuil sé curtha sa tine (nuair a bhíodh tinte ann), nó sa tseanbhróg d’fhonn a tirimithe (nuair a bhíodh bróga fliuch), nó sa lochta lasnairde (nuair ba ghá insliú áiléir), bíonn an stair ann, agus an saol mar a bhíodh, agus tuairisc ar na seanchluichí a bhfuil fonn ort iad a imirt arís, agus litreacha um chonspóidí a bhfuil an dé imithe astu.

Sin é an fáth nuair a fhaigheann nuachtán bás go gcealaítear cuid den aimsir láithreach agus den aimsir chaite araon. Tá an chuma air go bhfuair Foinse bás an deireadh seachtaine seo caite. Sraith eile ar lár; guth eile múchta.

Ní féidir le nuachtán Gaeilge choíche teacht slán gan cabhair deontais agus sínte lámha. Níl sí aon phioc éagsúil sa mhéid sin ó na healaíona go léir – ón amharclainn, ó na ceolfhoirne filharmónacha, ón oideachas, ón léann, ó na hirisí liteartha, ó na féiltí áitiúla, ón mbailé, ó na dánlanna.

Ó, ba dhóbair dom dearmad a dhéanamh air! Níl sí aon phioc difriúil sa mhéid sin ón gcóras bus, ón gcóras traenach, ó chomhlachtaí idirnáisiunta isteach, ó arrachtaigh mhóra ola amach ón gcósta, agus ó, conas ab fhéidir liom gan smaoineamh air, na bainc iad féin!

Cad é seo? Airgead do chearrbhaigh, ach sprionlaitheacht i leith an fhocail scríofa a choimeád gaois agus greann agus geabstaireacht linn i gcaitheamh na mblianta? Cad é an chéad chúlú eile ón bhfreagracht shibhialta atá i ndán dúinn?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar