Pónairí agus pinginí

BEOCHEIST: B’FHÉIDIR GO bhfuil sé tugtha faoi deara agat agus b’fhéidir nach bhfuil – de réir a chéile a tharla sé – ach le …

BEOCHEIST:B'FHÉIDIR GO bhfuil sé tugtha faoi deara agat agus b'fhéidir nach bhfuil – de réir a chéile a tharla sé – ach le bliain anuas, tá ardú 25 faoin gcéad tagtha ar phraghas an chaife.

Is ea, tá baint éigin ag lucht na stocmhargaí leis an scéal, ach ní shin an phríomhchúis. Tá ardú mór ag teacht ar an éileamh, agus ciallaíonn sé sin nach dtiocfaidh laghdú ar phraghas an leachta dhuibh go luath.

Seachas an leacht dubh eile sin – ola – tá caife ar an earra is mó a ndéantar trádáil uirthi ar stocmhargaí an domhain. I bhfoirm “todhchaíochtaí” a dhíoltar é de ghnáth. I bhfocail eile: tá praghas an chaife bunaithe ar phónairí nár fásadh fós. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé éasca ag amhantraithe an praghas a bhrú suas – luíonn sé le réasún go mbeadh impleachtaí láidre ag ráflaí faoi dhrochaimsir, galair, coimhlintí srl. ar tháirge nach bhfuil ar fáil go fisiciúil fós.

Go dtí na 1930í, socraíodh praghas domhanda na bpónairí ag an Bolsa do Café, Stocmhargadh an Chaife, i gcalafort Santos i ndeisceart na Brasaíle (sin an fáth, go deimhin, gur “Santos” a thugtar go dtí an lá atá inniu ann ar mheascán de phónairí ó réigiúin chaife éagsúla na Brasaíle.)

READ MORE

Ag stocmhargadh Nua Eabhraic a shocraítear praghas domhanda an chaife le ceithre scór bliain anuas, ach tá baint nach beag ag an mBrasaíl leis an scéal i gcónaí: sa tír sin a fhástar an tríú cuid de phónairí caife an domhain.

Ó thaobh an chaighdeáin de, níl pónairí na Brasaíle inchurtha le, abair, pónairí ó ardchríocha Mheiriceá Láir nó na hAetóipe, ach tá pónairí ón mBrasaíl i nach mór gach cupán espresso a óltar – is iad bunús formhór na meascán.

Tá sé le tuiscint mar sin gur tháinig ardú breise ar phraghas an chaife i mí na Bealtaine, nuair a bhí drochgheimhreadh á thuar sa Bhrasaíl.

Dá dtitfeadh an teocht sna réigiúin ina bhfástar caife faoin reophointe, dhéanfaí dochar ní amháin d’fhómhar na bliana seo, ach d’fhómhar na bliana seo chugainn freisin. Tá ciorcal fáis de dhá bhliain ag pónairí caife.

Thosaigh stocbhrocaeirí ag tuar go mbeadh ganntanas pónairí ann, fiú amháin: tháinig an scéal faoin mbaol seaca sna sála ar ghalar a chuir as go mór do phlandálacha caife na Colóime (an dara tír is mó ar domhan ina bhfástar caife.)

Níor tháinig an tuar faoin tairngreacht go dtí seo, ach níl geimhreadh an leathsféir theas thart go fóill.

Ní stocbhrocaeirí ná athrú aeráide is cúis le cuid mhór den ardú ar phraghas an chaife, áfach, ach méadú ar an éileamh intíre sna tíortha is mó ina bhfástar na pónairí.

Cé go bhfuil 16.2 milliún Brasaíleach ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanais i gcónaí, tá fás mór tagtha ar an meánaicme le blianta beaga anuas: ó 37 faoin gcéad den daonra sa bhliain 2003, nuair a tháinig Páirtí na nOibrithe i gcumhacht, go 55 faoin gcéad den daonra anuraidh.

Tá athruithe sóisialta den chineál céanna ar bun i dtíortha eile ina bhfástar caife – arís, mar shampla, sa Cholóim. Agus bí cinnte go bhfuil dúil ag an meánaicme nua sa leacht dubh.

Nuair a bhog mé go dtí an Bhrasaíl ag deireadh na bliana 2007, bhí dhá theach chaife san ionad siopadóireachta is mó sa chathair ina bhfuil cónaí orm, Salvador.

Inniu, níos lú ná ceithre bliana níos déanaí, tá an t-ionad siopadóireachta a dhá oiread níos mó agus tá tú in ann espresso, latte agus cappuccino a cheannach ag deich siopa ann.

Taobh amuigh de na hionaid siopadóireachta aer-oiriúnaithe tá an scéal mar a chéile. Go deimhin, tá an chéad sreangshiopa caife bunaithe.

Ag an am céanna, tá ardú suntasach tagtha ar na praghasanna: an lá cheana, gearradh R$3.10 (€1.40) orm ar espresso i gceann de na caifeanna is mó a thaithím – R$2.50 (€1.13) a bhí air roimhe. Cosnaíonn latte sa chaife céanna R$6.90 (€3.10) anois – níos mó ná i mórán cathracha san Eoraip.

Is aistí fós an praghas ard ar chaife sa Bhrasaíl nuair a chuimhníonn tú nach bhfuil costas loinge trasna an Atlantaigh i gceist. Fós féin, íocann an mheánaicme nua na praghasanna seo agus fáilte: is beag rud a sháraíonn iced double chocolate mocha frappé mar shiombail stádais.

Idir an dá linn, drochscéal d’andúiligh chaife san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh atá sa mhéid seo. Barr sách casta le fás atá sa sceach caife.

Ní thiocfaidh méadú ar an soláthar thar oíche, rud a fhágann go bhfanfaidh praghasanna ard. An chaoi a bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag dul, cá bhfios, amach anseo, nach mbeidh caife ina shiombail stádais arís sa leathsféar thuaidh.

Tá cónaí ar Alex Hijmans sa Bhrasaíl. Tá a leabhar Favela faoin saol i mbruachbhailte bochta na tíre ar fáil ó Cois Life (www.coislife.ie)