Is léir don dall gur tháinig athrú ar Éirinn; tá an inimirce ina cuid lárnach de shaol na tíre agus tá sí ag imirt a tionchair féin ar chúrsaí cultúir agus féiniúlachta de réir a chéile.
Tá grúpa nua, iMeasc, bunaithe ag inimircigh lena gcás agus cás na Gaeilge a chur chun cinn. Is í Ariel Killick, aistritheoir, cathaoirleach iMeasc. Is de bhunadh na hAstráile í Killick agus Gaeilge líofa aici.
Mar a mhínigh sí, is é ceann de phríomhchuspóirí an ghrúpa "inimirceoirí a spreagadh leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid le hidirghníomhú leis an gcuid sin de chultúr na hÉireann mar mhodh le hiad féin, a bpáistí agus a bhféiniúlacht chultúir féin a imeascadh níos fearr sa tsochaí".
De thaisme a bunaíodh an grúpa. Léigh Killick alt leis an iriseoir, Alex Hijmans, faoi cheist na hinimirce agus teanga. Is de bhunadh na hÍsiltíre é Hijmans agus cónaí air i nGaillimh. Tharla Killick bheith ar cuairt sa chathair agus bhuail an bheirt le chéile. As sin a tháinig.
"Rith sé liom gur cheart dúinn inimiriceoirí le Gaeilge a eagrú ach ní raibh a fhios agam cén chaoi chun é a dhéanamh ar bhealach nach bhfágfaimis scoite amach ón mórphobal nó saol na Gaeilge nó go mbeimis inár ngrúpa stocaireachta," a dúirt Killick.
Ní chuireann Killick fiacail ann agus í ag cur síos ar thábhacht an eagrais: "Tá daoine in Éirinn a bhfuil ríméad ar fad orthu mar gheall ar inimirceoirí bheith tagtha chun na tíre seo mar breathnaíonn siad orainn mar dheis le fáil réidh leis an nGaeilge - ar mhaithe linn, mar dhea. An rud nach dtuigeann na daoine seo nach ar mhaithe linn atá siad ar chor ar bith."
Tá eagla ar an ghrúpa go mb'fhéidir go mbainfeadh daoine atá naimhdeach don Ghaeilge úsáid as ceist na hinimirce le céim síos a thabhairt don teanga. Níl rún ag iMeasc ligean dóibh ceap milleáin a dhéanamh díobh nó leithscéal a sholáthar lena gclár frith-Ghaeilge a bhrú chun cinn.
Is é an rún atá ag iMeasc iad féin a chur chun tosaigh mar eiseamláir dhearfach den tionchar a bheidh ag inimircigh ar an teanga.
"Is féidir linn cur agus cabhrú le saol na Gaeilge ar go leor leor leibhéal," a dúirt Killick. Tá mórán daoine gairmiúla i measc bhaill an ghrúpa, daoine atá "ag cur le heispéireas na Gaeilge ar bhealaí iontach iontach tábhachtach".
Níl ach trí chruinniú eagraithe ag an ghrúpa go dtí seo; tá daoine ón tSeapáin, ón Ghearmáin, ón tSeic agus ó na Stáit Aontaithe cláraithe cheana féin agus is í an Ghaeilge a dteanga oibre. Tá taithe acu ar chúrsaí teanga agus ilchultúrchais ina dtíortha féin, a dúirt sí, agus is mian leo an taithí sin a chur a dh'obair i gcomhthéacs Éireannach.
Tá Killick le bualadh le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, an Luan seo le cuspóirí iMeasc a phlé. Molann sí é as a thuisceanaí agus atá sé ar an cheist seo agus tá dóchas aici go mbeidh toradh fiúntach ar an chomhrá leis.
"An t-eachtrannach a thógann an t-am leis an nGaeilge a fhoghlaim, beidh uirlis thar a bheith cumhachtach aige le tuairimí seineafóbacha a dhíchumhachtú. Tá sé sin an-tábhachtach ar fad," a dúirt sí.
Is ar son an chultúir dhúchasaigh atá siad; ar son comh-mheasa agus comheolais: "Tosaíonn meas le meas ort féin agus ar do chultúr féin. Níl na hÉireannaigh ag déanamh fabhair ar bith dóibh fein ar an ardán idirnáisiúnta trí fáil réidh lena dteanga féin nó gan a bheith cumasach ina dteanga féin."
Cuirfidh iMeasc fáilte roimh inimirceach ar bith teagmháil a dhéanamh leo. Eolas: imeasc@eircom.net