A bhfuil i ndán dúinn san am atá romhainn...

CAD ATÁ i ndán don dán? Cad atá i ndán don litríocht? Is ceisteanna iad sin a chránn daoine áirithe

CAD ATÁ i ndán don dán? Cad atá i ndán don litríocht? Is ceisteanna iad sin a chránn daoine áirithe. (Ba cheart dóibh dul amach agus níos mó den saol a fheiscint, a déarfadh daoine eile.) An mbeidh filíocht Ghaeilge - nó filíocht i dteanga ar bith - á cumadh i gceann leathchéad bliain?

Bhíos im stiúrthóir ar cheardlann haiku sa Schule für Dichtung (Acadamh na hÉigse) in Vín tamall ó shin agus an bhfuil a fhios agat an rud is mó a chuir iontas, agus deargiontas, orm? Mheas gach éinne go raibh deireadh linn.

Agus nílim ag caint ar chúrsaí geilleagair mar nach raibh an drochscéal sin fógraithe go fóill. Ní hea. An domhan, a dhuine. Bhí sé ródhéanach anois, dar leo, chun an pláinéad a shábháil.

Chuireas ina gcoinne go tréan. Hé, cad is fiú dánta nó haiku nó aon ní eile a scagadh mura bhfuil faic i ndán dúinn go léir ach droch-chríoch thubaisteach? Ina dhiaidh sin is uile, arsa mise liom féin, is deacair an milleán a chur orthu; nach bhfuil matalaing agus tubaistí móra á dtuar ag mórfháithe ár linne le fada an lá? Ní gá dul chomh fada siar le Nostradamus.

READ MORE

Nuair a ghlac sé leis an Duais Börne, mheabhraigh George Steiner dúinn, criticeoir agus fealsamh a bhfuil meas agam air, gur aíonna is ea sinn ar an bpláinéad seo.

San óráid bhuíochais uaidh dúirt sé go raibh na tonnaí bruscair ina luí ar Shliabh Everest, go raibh na farraigí ag fáil bháis, go raibh speicis plandaí is ainmhithe gan áireamh ag fail bháis...

(Ar ndóigh is do Shliabh Everest a thagair Steiner faoi mar nach raibh ainm níos ársa agus níos dúchasaí ann, ach sin scéal eile… nó b'fhéidir nach ea.)

An bhfaca sé leigheas ar bith ar an scéal? Ní fhaca. Barbaraigh is ea sinn, dar leis. Tá meisce na teicneolaíochta orainn. Tá slad déanta againn sa tigh aíochta seo (an domhan) a d'oscail a dhoirse go fáilteach dúinn. Slad.

Táimid inár ngealta, a deir Steiner. Gealtachas airgid an galar atá orainn. Ní bheidh seans ag an bpláinéad seo go dtí go n-imeoimid.

Is san iris Kulturchronik, Uimh, 2, ón mbliain 2003 a léas é sin. Is táimid fós beo. Tá. Ach tá na farraigí ag éirí, nach bhfuil, agus tá níos mó agus níos mó gluaisteán ag teastáil ó mhuintir na Síne agus ó mhuintir na hIndia, rud a chuirfidh na farraigí ag éirí níos tapúla fós.

Sea, agus cá seasann an litríocht, an fhilíocht, sa chíor thuathail dhomhanda seo go léir? An bhfuil an litríocht ag cur le deireadh an domhain? (Agus nílim ag caint ar na foraoisí is gá a leagan chun tionscal na leabhar a choimeád beo.)

An dtugann an litríocht dóchas do dhaoine, an spreagann an litríocht seiftiúlacht agus misneach ionainn chun tabhairt faoi na fadhbanna atá againn mar phobal agus mar chine? An bhfuil aon ról ag an scríbhneoir inniu chun an domhan a bheidh ann amach anseo a mhúnlú?

An-scríbhneoir ab ea J. G. Farrell a bádh amach ó chósta Chorcaí roinnt blianta ó shin. San úrscéal aige The Siege of Krishnapur (1973) cuirtear na focail seo i mbéal an phríomhcharachtair ann, fear a bhí ina fhinné ar an mbarbarthacht a tharla ar an dá thaobh le linn na Ceannairce san India. "Culture is a sham," a dúirt sé. "It's a cosmetic painted on life by rich people to conceal its ugliness."

ÓN MÉID a tharla san úrscéal corraitheach sin, bheadh leathfhonn ar an léitheoir aontú leis an tuairim sin. Ach mura bhfuil níos mó ná sin ag baint le cultúr, is beag dínit ná dóchas a bheadh fágtha againn agus d'éireodh leannáin óga as a bheith ag pógadh a chéile, ag éisteacht le ceol is ag cumadh véarsaí seirce!

Is é is brí le peann a chur le pár ná freagairt do mhistéir na beatha, an chruthaitheacht ag freagairt don Chruthaitheoir. Tá an domhan ag cur thar maoil le mistéirí beaga is le mistéirí móra.

Bhí riamh is beidh go brách. Mistéir na breithe, mistéir an ghrá, mistéir an bháis. Mistéir an fhocail féin. Níl aon léamh orthu. Sin an fáth go mbeifear ag scríobh ina dtaobh agus ag léamh ina dtaobh go Lá Philib an Chleite. Agus mo sheanchara, Pilib an Chleite féin, beidh seisean ag scríobh mar gheall orthu go Lá an Luain.

Tá a bhfuil i ndán don dán ag brath ar an-chuid fachtóirí. Braitheann sé ar fhoilsitheoirí, ar chraoltóirí, ar oideachasóirí agus ar léitheoirí, ar ndóigh. Cad atá i ndán don leabhar féin nó an dtógfaidh an tIdirlíon is an leabhar leictreonach áit an leabhair amach anseo?

Tá an giúiré amuigh ina thaobh sin. D'fhéadfá a rá go bhfuil todhchaí na litríochta ag brath ar aistritheoirí chomh maith.

Dúirt an Portaingéalach José Saramago, Duaiseoir Nobel, gurb é an t-údar a chruthaíonn litríocht náisiúnta ach gurb é an t-aistritheoir a chruthaíonn litríocht dhomhanda. D'fhéadfaí litríocht na Gaeilge a neartú as cuimse, dar liom, ach cúrsaí aistriúcháin a fhorbairt ar bhonn fuinniúil - sa dá threo, aistriúcháin isteach agus aistriúcháin amach.

Nuair a smaoiním ar a bhfuil i ndán don litríocht amach anseo, smaoiním ar an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire. Caithfear am a chur i leataobh dó. Ní nochtann gearrscéalta agus dánta áirithe a rún ar an gcéad léamh; is gá filleadh orthu.

Ach tá daoine ann ina milliúin is níl am fóillíochta acu dóibh féin. Bíonn siad ag saothrú leo ó dhubh go dubh chun greim a chur ina mbéal. Ní lón léitheoireachta atá uathu más gan lón bia atá siad.

Is fíor. Ach ansan arís, tugann an litríocht deis dúinn chun na ceisteanna sin a ardú agus a phlé nó chun drámatú a dhéanamh orthu. Déanann an iriseoireacht sin chomh maith agus nuacht na teilifíse ach an cháilíocht a bhaineann le dea-litríocht ná go bhfanann iarsmaí di, eisint éigin, inár gcroí is inár n-anam toisc gur dingeadh isteach ionainn iad le cumhacht na samhlaíochta.

Rud eile a ritheann liom nuair a smaoiním ar a bhfuil i ndán don litríocht ná saoirse. Cuimhnigh ar scríbhneoirí a ndéantar cinsireacht orthu.

Cuimhnigh ar scríbhneoirí atá i bpríosún. Balbh. Ina dtost. Cuimhnigh ar scríbhneoirí atá ar deoraíocht in aghaidh a dtola. B'éigean don scríbhneoir mór as an Albáin, Ismail Kadare, tearmann a lorg sa Fhrainc sa bhliain 1990. "Namhaid nádúrtha na deachtóireachta é an scríbhneoir," a dúirt sé.

Beidh todhchaí na litríochta ag brath ar shaoirse, mar sin. Saoirse, thar aon ní eile.

I measc na leabhar is déanaí ó pheann an údair tá a rogha haiku, Géaga Trí Thine (Comhar), eagrán nua dá scéilíní do dhaoine óga Fear na bPéistíní (CIC), an dialann spioradálta Dialann Anama (Coiscéim), agus ón bhfoilsitheoir céanna bailiúchán de scéalta grinn na nGiúdach, Éist Leis Seo, an díolaim idirnáisiúnta Guthanna Beannaithe an Domhain agus Guantánamo, leaganacha Gaeilge de véarsaí agóide a cumadh sa champa géibhinn i gCúba

aistriúchán translation - anam soul - barbaraigh barbarians - deachtóireacht dictatorship - dínit dignity - eisint essence - fuinniúil energetic - leannán lover - leigheas cure - mistéir mystery - namhaid enemy - pláinéad planet - saoirse freedom - speiceas species - teicneolaíocht technology - todhchaí future