BEOCHEIST: TÁ IONTAS beag i ndán do dhaltaí atá ag filleadh ar scoil san Ísiltír an mhí seo: tá cinneadh déanta ag an bhfoilsitheoir is mó de leabhair scoile san Ollainn, Noordhoff, chun carachtair aeracha a úsáid i gcuid de na ceisteanna, suimeanna agus samplaí a thugtar san ábhar teagaisc a chuireann an comhlacht ar fáil.
Faoi láthair, pléitear homaighnéasachas sna ranganna bitheolaíochta, staire agus eolaíochta sóisialta san Ísiltír ach, as seo amach, tá an seans ann go dtiocfaidh daltaí ar lánúineacha fear ag déanamh na siopadóireachta le chéile nó ar lánúineacha ban ag deisiú carranna.
Dúirt stiúrthóir an tí foilsitheoireachta, Frans Grijzenhout, go raibh sé in am na leabhair scoile a chur in oiriúint do na hathruithe atá tagtha ar shochaí na hOllainne.
Ba í an Ísiltír an chéad tír a cheadaigh an pósadh idir beirt den inscne céanna, thiar sa bhliain 2001, ach go dtí seo, ba iad mamaí agus deaidí amháin a dhéanadh an tsiopadóireacht ar fad sna leabhair scoile.
Tá an dearcadh nua eagarthóireachta seo á thabhairt isteach de réir a chéile.
Cuirfear na samplaí aeracha isteach san ábhar digiteach atá á thairiscint ag Noordhoff láithreach, ach tógfaidh sé roinnt blianta atheagar a chur ar na leabhair chlóite ar fad.
Ní hé an dearcadh ar dhaoine aeracha an t-aon rud amháin atá á athrú ag an bhfoilsitheoir.
Beidh mná le feiceáil taobh thiar den roth stiúrtha níos minicí sna leabhair, agus tabharfar samplaí agus suimeanna ina saothraíonn an bhean páigh níos airde ná a fear céile.
Is leor leathuair an chloig a chaitheamh in ollmhargadh Ollannach le dearbhú go bhfuil sochaí na tíre athraithe go deimhin ón lá go ndeachaigh deaidí chuig an oifig agus go mbíodh mamaí i mbun an tí.
Ach ní shin le rá go gcuirfidh gach scoil fáilte roimh an ábhar teagaisc nua-aimseartha.
Go deimhin, tá “bible belt” dá cuid féin ag an Ísiltír, ag leathnú siar ó thuaidh trasna na tíre, ó Zeeland go Overijssel – banda tanaí de bhailte beaga fíor-Phrotastúnacha a chuirfeadh cuma ghiodamach ar mhuintir Oileán Leodhais féin.
Lena chois sin, tá scoileanna Ioslamacha in an-chuid de na cathracha móra a mbeadh glacadh ar éigean acu le leabhair scoile ina dtéann lánúin fhear amach ag roghnú cuirtíní.
Mar sin féin, níl sé i gceist ag an gcomhlacht leabhair speisialta a chur ar fáil do scoileanna a mbeadh deacrachtaí acu leis an ábhar.
“Breathnaigh, ní tháirgimid leabhair nach bhfuil páistí de shliocht inimirceach iontu ach an oiread,” a deir Frans Grijzenhout. “Ar ndóigh, is é an chéad ról atá ag na leabhair seo ná go bhfoghlaimeodh na daltaí rud éigin astu. Ach nuair atá samplaí á dtabhairt, caithfidh siad bheith ina scátháin ar an tsochaí.”
Deir sé go bhfuil fáilte is fiche roimh scoileanna nach dtaitníonn an dearcadh eagarthóireachta nua leo ábhar teagaisc ó sholáthróirí eile a cheannach.
Sa bhunscoil ar ar fhreastail mise san Ísiltír, sna 1980í, pléadh homaighnéasachas uair amháin – le linn an ranga chreidimh. Ní dhearna an múinteoir creidimh aon díspeagadh ar dhaoine aeracha.
A mhalairt, dúirt sí gurbh ionann gach uile dhuine i súile Dé. Ag an meánscoil, ag tús na 1990í, pléadh an t-ábhar sna ranganna bitheolaíochta, staire agus eolaíochta sóisialta.
Más buan mo chuimhne, le linn na ranganna Ísiltírise freisin, ó tharla roinnt de mhórscríbhneoirí na teanga sin bheith aerach.
Ach in ainneoin gur tháinig an t-ábhar aníos ó am go chéile agus gur chaith na múinteoirí go tuisceanach leis, ní rithfeadh sé le déagóir aerach ar bith ag an am teacht amach dá chuid cairde.
Tá sé sin athraithe ó shin.
Le blianta beaga anuas, glacann buíonta dhaoine aeracha ar mionúirí iad – faoi bhun 16 bliain d’aois – páirt i bparáid aerach Amsterdam, le cead óna gcuid tuismitheoirí.
Éascóidh cinneadh eagarthóireachta Noordhoff an saol a thuilleadh do dhéagóirí aeracha agus iad ag an aois go bhfuil orthu glacadh lena gclaonadh gnéis féin.
Ní cheapfaidh duine ar bith acu a thuilleadh go bhfuil sé mínádúrtha grá a mhothú do dhuine den inscne céanna – nach bhfaca sé Jan agus Peter ag déanamh na siopadóireachta le chéile ó bhí sé i rang a haon?
Rugadh agus tógadh Alex Hijmans san Ísiltír. Is iriseoir agus scríbhneoir é agus tá sé ina chónaí anois sa Bhrasaíl