Ag cosaint chearta an teifigh

Tionscadal na dTeifeach i nDún Laoghaire agus an t-ionad Buail Isteach ann faoi lán seoil oíche Luain

Tionscadal na dTeifeach i nDún Laoghaire agus an t-ionad Buail Isteach ann faoi lán seoil oíche Luain. Daoine ar tugadh tearmann dóibh in Éirinn agus iad ina leanaí ach atá os cionn 18 bliain d'aois anois, buaileann siad le Teachtaí Dála áitiúla.

Faigheann na teifigh blas ar an daonlathas, rud a ceileadh orthu ina dtíortha dúchais: Angóla, Sierra Leon, An Congó, An Nigéir, Eritrea, An tSiombáib. Ach an leor an blaiseadh beag seo den daonlathas chun iad a chosaint, nó an dteipfidh an Stát seo orthu arís is arís eile?

Tugaimid "aged-out minors" nó iar-mhionaoisigh ar an ngrúpa speisialta seo. Tá fógraí faighte ag cuid acu go bhfuil an díbirt i ndán dóibh. Cuid eile acu tá siad fós ag feitheamh, le ceithre bliana anuas, gan a fhios acu cad atá i ndán dóibh, cuid eile fós tá eagla a gcraicinn orthu agus iarracht á déanamh acu ar dhul i bhfolach.

Mar pháistí scartha nó mar pháistí gan tionlacan a tháinig an grúpa seo go hÉirinn. D'aithin an Stát soghontacht nó leochaileacht na mionaoiseach seo agus cuireadh faoi choimirce na mBord Sláinte iad. Sa tslí sin freastalaíodh ar a mbunriachtanais - lóistín, bia agus oideachas. Ach de réir a chéile, faoin bpróiseas tearmainn, rinneadh dearmad ar leochaileacht na n-iar-mhionaoiseach. Is daoine fásta iad agus iad ag streachailt leis na nósanna imeachta a bhaineann le tearmann, iad féin agus na hoibrithe sóisialta a ceapadh chun iad a thionlacan tríd an bpróiseas.

READ MORE

Déantar idéalú go minic ar an óige. Tugadh tacaíocht uilíoch do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, an coinbhinsiún is leithne daingniú riamh. Mar sin féin, tá na mílte is na mílte páistí ag fulaingt ar fud an domhain. Tá fianaise ag Amnesty International go bhfuil cearta daonna an pháiste á sárú an t-am ar fad - tá páistí á marú agus á bhfeallmharú, páistí ar iarraidh, páistí á gcéasadh, páistí faoi ghlas, milleadh ginitiúil á dhéanamh orthu, páistí á ndíol ina ndaoir, baill bheatha á ndíol agus leanaí sráide ag fulaingt gach saghas droch-íde faoin spéir.

Anuas air sin, tarlaíonn pósadh éigeantach, coinscríobh agus earcaíocht éigeantach, naímharú, striapachas, gan trácht ar easpa bia agus easpa cóir leighis - is liosta mór fada é a chruthaíonn go ndéantar cos ar bolg ar leanaí toisc gur leanaí leochaileacha iad agus gur féidir dúshaothrú a dhéanamh orthu gan dua.

Mar sin féin, ní thugtar aois an duine san áireamh agus sinn ag iarraidh teifeach a shainmhíniú mar sin ní bheidh lánléargas againn ar an bhfadhb seo go ceann i bhfad. Tugadh oiliúint d'fheidhmeannaigh áirithe chun déileáil leis an bhfadhb ach níor foilsíodh na torthaí agus ní fios cén éifeacht a bhí ag an oiliúint sin ar chas na n-iar-mhionaoiseach inár measc.

Is beag páiste scartha a aithníodh ina theifeach in Éirinn agus is lú fós an líon díobh ar tugadh cead dóibh fanacht in Éirinn (faoi dhiscréid an Aire amháin é sin agus bíonn an chuid eile againn dall ar a chinneadh siúd). Ach is léir do chách go bhfuil sainriachtanais ag an ngrúpa seo nach dtagann faoi fhráma an chórais mar atá sé.

Tóg mar shampla duine atá 19 bliain d'aois. Tá cónaí air in Éirinn ó bhí sé 15 bliain d'aois. Ar nós éinne eile, ba mhaith leis dul ar aghaidh sa saol. Deirtear leis: "Is oth liom a rá leat go mbeidh ort filleadh ar Angóla. Tá a fhios agam nach bhfuil cairde ná gaolta leat ann a thuilleadh. Tuigim go bhfuil an Ardteist déanta agat, tá togha an Bhéarla agat, phioc tú suas cúpla focal Gaeilge - maith thú! - tá cairde agat sa tír seo, imríonn tú ar an bhfoireann peile áitiúil ... sea, tuigim é sin go léir ach beidh ort filleadh ar Angóla..."

An t-agallamh a shocróidh cad atá i ndán don dídeanaí, ní fhéadfá a rá gur ceapadh do leanaí é. Ní mór don pháiste fianaise a sholáthar ach is minic nach mbíonn na sonraí go léir aige.

Chun a bpáistí a chosaint, is minic a cheileann tuismitheoirí sonraí áirithe orthu, nádúrtha go leor. Ní thuigeann an páiste gach gné de shaol an duine fhásta. Ní gá go mbeadh a fhios ag an bpáiste, cuir i gcás, cérbh é an duine faoi éide dhubh a tháinig go dtí an doras: ar dhuine den mhílíste é nó ball d'arm an stáit?

Féachtar go géar ar iompraíocht duine le linn agallaimh, teagmháil súl mar shampla. I súile an linbh, áfach, is pearsa údarásach é an té atá i mbun an agallaimh, feidhmeannach rialtais go deimhin - agus eachtrannach - agus cá hionadh an páiste a bheith corrthónach? Ní ligeann cultúir áirithe do pháistí féachaint ar dhuine fásta idir an dá shúil - ní gá gur comhartha mímhacántachta é má bhíonn an páiste seachantach.

Tá céatadán ard dár n-iar-mhionaoiseach i mbaol a ndíbeartha. Bíonn orthu tuairisciú chuig Oifig Náisiúnta Inimirce na nGardaí toisc fógra díbeartha a bheith faighte acu. Duine de na daoine sin a shínigh a ainm san oifig sin, Sierra Leonach, bhí sé ag tuairisciú ann ó mhí Eanáir seo caite agus gan a fhios aige ó lá go lá cad a bhí i ndán dó. An uair dheireanach a thuairiscigh sé, i mí Iúil, dúradh leis teacht ar ais arís i mí Mheán Fómhair. Faoiseamh beag. Ach cad is fiú faoiseamh beag agus tú i Liombó an t-am ar fad?

Bhí cuma mhílítheach air, mheasas. Tá an-chuid meáchain caillte aige, a deir Mary King, cathaoirleach Thionscadal na dTeifeach i nDún Laoghaire, duine a fheidhmíonn mar mháthair do bhaill áirithe an ghrúpa seo. Thug sí i leataobh é agus chuir focal ina chluas. D'éirigh leis miongháire beag a dhéanamh.

Thairg sí deich euro dó, ar mhaithe le billí fóin. Dála go leor déagóirí eile, bíonn sé ag téacsáil chomh minic agus is féidir leis ach ní ligeann an liúntas €19.10 in aghaidh na seachtaine dó an oiread cumarsáide a dhéanamh agus ba mhaith leis: fáiltíonn sé roimh an síntiús seo chun sochair a bhille.

D'oscail mo chara Sierra Leonach a vallait agus sháigh an nóta deich euro ann. Níor dhún sé an vallait láithreach. Ba léir gur theastaigh uaidh rud éigin a thaispeáint dom. Grianghraf dá mhuintir? Níorbh ea. Tharraing sé gearrthóg nuachtáin amach a bhí ábhairín stróicthe san áit a raibh an filleadh inti. D'oscail amach go cúramach í faoi mar a bheadh máinlia i mbun obráide ann. Grianghraf de féin agus an fhoireann sacair aige, SARI FC (Sports Against Racism in Ireland), grianghraf a glacadh ag oscailt na gCluichí Oilimpeacha Speisialta.

Ghabh íomhá trí m'intinn ina splanc - é díbeartha go Sierra Leon, é sa phríomhchathair, Freetown (!), a vallait á hoscailt aige, é ag stánadh ar an ngrianghraf úd is ag fiafraí de féin, "An brionglóid a bhí ann?"

Leas an pháiste an rud is tábhachtaí ar fad, dar leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh, agus ná sáraíodh polasaithe imirce/inimirce na cearta sin go deo. Dá réir sin, níor díbríodh éinne faoi bhun 18 bliain d'aois ach níl aon chosaint agat má tá tú lá níos sine ná sin.

Nigéarach óg a cuireadh ar bord eitleáin go Lagos i mí an Mhárta, tá teachtaireachtaí curtha abhaile go hÉirinn aici. Deir sí gur cuireadh iachall uirthi páirt a ghlacadh sa tionscal gnéis ann agus nach bhfuil oscailt eile ar bith di. An bhfuilimid chun a thuilleadh daoine a sheoladh ar ais chun an dorchadais?

Ba mhaith liom muinín a bheith agam as an daonlathas. Ba mhaith liom an íomhá sin a dhíbirt, an íomhá sin de mo chara agus é ar ais in Freetown agus an grianghraf á thaispeáint aige d'éinne a chuirfeadh spéis ann agus é ag cur síos ar theip an daonlathais.

Tá Héilean Rosenstock-Armie ag obair le Comhairle Teifeach na hÉireann (www.irishrefugeecouncil.ie)