Ag dul thar sáile ar lorg lucht labhartha na Gaeilge

TUARASCÁIL: Níor cheart go gcuirfeadh sé iontas orm níos mó go bhfuil eachtrannaigh ar domhan a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu…

TUARASCÁIL:Níor cheart go gcuirfeadh sé iontas orm níos mó go bhfuil eachtrannaigh ar domhan a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu. Ní féidir liom freastal ar chúrsa de chuid Oideas Gael i nDún na nGall gan bualadh le duine éigin as cearn aisteach éigin den domhan agus iad ag foghlaim Gaeilge - agus ní de bhunadh Éireannach iad uilig ach oiread.

Bíodh sin mar atá, cuireann sé iontas orm go fóill agus chuir sraith nua TG4, Thar Sáile(Dé Domhnaigh, 8pm) iontas orm arís eile. Seans go bhfuil lucht féachana TG4 ag éirí blaséle cláir den chineál seo nó is beag cúinne den chruinne faoi seo nár leag criú ceamara TG4 cos air.

Bhí láithreoir an chláir, Brigid Breathnach, ar cuairt in ardchathair Phoblacht na Seice, Prág. (Caithfidh mé a rá go raibh mé leath ag súil go léimfeadh an cócaire Éamonn Ó Catháin amach as coirnéal éigin agus friochtán ina lámh aige ach níor tharla.)

Lón anama níos mó ná lón boilg a bhí ar lorg ag Breathnach agus - sea, tá an ceart agat - bhuail sí le Seicigh a bhí ag foghlaim Gaeilge agus, i gcás amháin, ag aistriú litríocht na Gaeilge go Seicis.

READ MORE

Chuir Breathnach bean óg as Duibhlinn, Síle Ní Bhroin, faoi agallamh. Tá Ní Bhroin ag teagasc Gaeilge ar Ollscoil Shéarlais i bPrág; bhí greim maith ag roinnt de mhic léinn Ní Bhroin ar an teanga agus cuairt tugtha ag cuid acu ar Éirinn.

Murar leor sin, d'éirigh le Breathnach Gaeilge a mhealladh ó Éireannaigh a raibh cónaí orthu i bPrág. Sin iontas eile a chuireann cláir den sórt seo orm go minic - an cumas Gaeilge atá in Éireannaigh nuair nach gcónaíonn siad in Éirinn. Do bharúil, an mbeadh Gaeilge níos fearr ag pobal na hÉireann dá mbeadh cónaí orthu uilig i dtír éigin eile? B'fhéidir gurb í sin fuascailt fhadhb na teanga - gach Éireannach a bhogadh thar sáile, áit a dtiocfaidh feabhas ar a gcuid Gaeilge.

Cibé, dúirt na hÉireannaigh go raibh an tSeicis ní ba deacra le foghlaim ná Gaeilge, rud a chuir gliondar orm. Is cinnte go dtugann gramadach na Gaeilge dúshlán foghlaimeoirí ach níl an teanga chomh casta agus a cheaptar. Leithscéal, b'fhéidir, é sin le míniú cad chuige nach labhraíonn níos mó daoine í.Seans gurb é an bua is mó a bhíonn ag cláir den sórt seo go gcuireann eachtrannaigh luach na teanga i gcuimhne dúinn níos fearr ná mar a chuireann ár muintir féin é. Agus, ar ndóigh, ó tharla gurb eachtrannaigh iad agus go mbíonn cultúr ag eachtrannaigh, tugann muid cluas le héisteacht dóibh.

Beidh turas eile Eorpach an deireadh seachtaine seo agus bíodh is nár cheart go mbeadh iontas orm dá n-aimseodh an clár eachtrannaigh eile le Gaeilge, beidh. Eachtrannaigh! Le Gaeilge! Thar Sáile! Thar barr!

X-chraoladh

Feanntach fuar a bhí sé ar fhaiche cruicéid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Luain. Ach níor chosúil gur chuir an fuacht isteach ar na mic léinn a bhailigh le chéile le stáisiún Gaeilge nua raidió, Raidió X, a sheoladh. Dúirt cathaoirleach ghrúpa oibre Raidió X, Lisa Ní Choisdealbha, go raibh sí ann "chun stáisiún náisiúnta raidió don aos óg a sheoladh go hoifigiúil. Beidh an stáisiún ag craoladh 24 uair gach lá, gach seachtain, ar feadh na bliana, tá súil againn, leis an chaint go léir as Gaeilge agus na hamhráin as Béarla."

Bíodh is gur Raidió X atá ar an stáisiún faoi láthair, tá an coiste ag reáchtáil comórtais le hainm eile a roghnú. Faoi na héisteoirí a bheidh sé ainm a mholadh agus tá Ipod le baint ag an té a roghnaíonn an t-ainm nua.

Dúirt Ní Choisdealbha go raibh an stáisiún, ar craobh de Chonradh na Gaeilge é, "ag iarraidh freastal ar aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge nó aon duine fiú nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Beidh an ceol go maith; beidh an ceol oiriúnach don aos óg, do dhaoine idir 15 agus 35 bliain d'aois"

Dúirt sí gur an-chéim chun cinn a bhí sa stáisiún, go raibh sé ag craoladh an chineál ceoil a theastaigh ó dhaoine óga. Tá Raidió X á chraoladh ar líne amháin faoi láthair le míreanna réamhthaifeadta ach bhí rún acu cláir bheo raidió a fhorbairt le linn an tsamhraidh agus craoltóirí aitheanta ina mbun. Bhí siad ag fiosrú na ndeiseanna a bhain le craoladh digiteach agus bhí siad "réidh le léim" sa treo sin.

Ba é an sprioc a bhí ag an choiste an stáisiún a bhunú in am do Sheachtain na Gaeilge, a dúirt sí. Nuair a bheas an tseachtain thart, beidh lucht an stáisiúin ag díriú ar chúrsaí airgid, ar fhógraíocht agus ar urraíocht do chláir.

(Mar thaighde don cholún seo, d'éist an t-iriseoir seo le Raidió X ar feadh tamaill. Níor aithin mé oiread agus amhrán amháin a craoladh - sin cruthúnas go bhfuil sé cool.)

• Tá Raidió X le fáil ar www.raidiox.com    Tá sonraí faoin chomórtas ar fáil ar an suíomh Idirlín. Ní mór do gach iarratas bheith seolta faoi Lá Fhéile Pádraig.

Monty Heaney

Níl a fhios agam an fear mór Monty Python é Séamus Heaney ach bhí eispéireas Monty Python agam agus mé ag léamh a chuid tuairimí faoi Chnoc na Teamhrach.

Bhí an file iomráiteach Ultach ag cáineadh phleananna an Rialtais mótarbhealach a thógáil in aice leis an suíomh ársa.

Dúirt sé gur "desecration" a bhí sa chinneadh agus gur chosúil gur mhó cosaint a fuair an suíomh faoi rialtas na Breataine ag tús an 20ú haois ná mar atá sé ag fáil ó rialtas dúchasach ag tús an 21ú haois: "Tara had been (under) protection under British rule."

Chuir sé an mhír chlúiteach sin as The Life of Brianle Monty Python i gcuimhne dom. Agus na an freasúra Iosraelach ag ullmhú le cur i gcoinne na Rómhánach, fiafraíonn siad cad é a rinne na Rómhánaigh dóibh riamh? Tada! Ach amháin uisce reatha agus síocháin a tabhairt dóibh...

Cad é a rinne na Brits dúinn riamh? Tada! Ach chosain siad Cnoc na Teamhrach. Agus thug Béarla dúinn agus tae agus rugbaí agus tithe Seoirseacha agus TCD...

New View

Seolfaidh cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, A New View of the Irish Language(Cois Life, €20) Dé hAoine ag 1pm i Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath.

Cnuasach aistí i mBéarla le húdair éagsúla ar chás na Gaeilge atá sa leabhar. Ar na scríbhneoirí, tá: an tOllamh Ruairí Ó hUiginn; an criticeoir agus léachtóir Mairín Nic Eoin; an t-iriseoir Breandán Delap agus an t-amhránaí Lillis Ó Laoire. Tá aistí ar an Ghaeilge in Éirinn, thar lear, ar chúrsaí litríochta, cumarsáide agus oideachais.

Is iad foilsitheoirí Cois Life, Seán Ó Cearnaigh agus Caoilfhionn Nic Pháidín, eagarthóirí an leabhair. Deir siad go bhfuil todhchaí na teanga éiginnte agus go bhfuil gá le "compás nua" lena cúrsa a rianú.

compáscompass - cumarsáidcommunications - deonachvoluntary - éiginnteuncertain - eispéireasexperience - feabhasimprovement - feanntachsevere - foghlaimeoirlearner - foilsitheoirpublisher - gliondargladness - IdirlíonInternet - láithreoirpresenter - suíomhsite - taighderesearch - todhchaífuture - urraíochtsponsorship