Ag ealu o phriosun an datheangachais

Is maith an rud é an dátheangachas, a scríobhann Torlach Mac Con Midhe. Tugann sé leithead aigne do dhuine

Is maith an rud é an dátheangachas, a scríobhann Torlach Mac Con Midhe. Tugann sé leithead aigne do dhuine. Tuigeann an duine a bhfuil dhá theanga aige go bhfuil níos mó ná insint amháin ar scéal.

Ach tá deacracht áirithe ag baint leis an dátheangachas i gcás cainteoirí teangacha mionlaigh, deacracht nach mbaineann le teangacha "móra" na hEorpa.

Tá a réimse féin ag gach teanga mhór, deighilte ó réimsí teangacha móra eile. Tá réimse na Gearmáinise ann, tá an Francophonie ann, tá domhan an Bhéarla ann, agus aroile. Ach is oileán beag í an teanga mionlaigh i measc farraige teanga móire éigin. Má fhágann an cainteoir a oileán, tá sé láithreach i réimse na dara teanga. Ní haon ionadh é má mheasann sé ar deireadh nach bhfuil sa domhan ach an teanga mhór eile úd.

Cuir i gcás Gaeilgeoir in Éirinn. Má theastaíonn uaidh faisnéis a fháil ar chúrsaí an domhain, ní leor dó an méid atá ar fáil sa Ghaeilge. Caithfidh sé dul i muinín na dara teanga. Léann sé nuachtáin Bhéarla, agus b'fhéidir irisí Béarla amhail Time nó The Economist.

READ MORE

Samhlaítear dó go héasca nach bhfuil le fáil ar domhan ach an Béarla agus na meáin Bhéarla. Bíonn sé ag aistriú dó féin agus dá chomh-Ghaeilgeoirí ón Bhéarla an t-am ar fad. Fiú amháin agus Gaeilge aige, tá sé díreach sa chás chéanna ina bhfuil Béarlóir Éireannach, nach léann ach an méid a scríobhtar i Sasana agus i Meiriceá agus a cheapann go bhfuil tuiscint an domhain aige.

Tá teangacha mionlaigh eile na hEorpa sa chás chéanna. Sampla maith ná an Rómainis anseo san Eilvéis. Maireann an cainteoir Rómainise i réimse na Gearmáinise. Ní úsáideann sé ach na meáin Ghearmánacha; tá cainteoirí Rómainise ann a léann nuachtán Gearmáinise agus nach léann a nuachtán Rómainise féin.

Ceapann na cainteoirí bochta ar deireadh go labhraíonn an domhan uile Gearmáinis. Rud nach fíor, ar ndóigh. Ach maireann an cainteoir Rómainise i ndomhan Gearmánach faoi mar a mhaireann an cainteoir Gaeilge i ndomhan Béarla.

Tá sé ráite le fada ag teangeolaithe áirithe go gcruthaíonn teanga an duine a dhomhan dó, sin le rá, go dtugann gach teanga dearcadh áirithe ar an saol dá cuid cainteoirí. Tá locht éigin ar an tuairim sin de réir teangeolaithe eile ach tá cuid den fhírinne inti. Tá feidhm aici sa chás atá á phlé agam.

Muna n-úsáideann tú ach na meáin Bhéarla, níl agat ach cuma smaoinimh an domhain Shacs-Mheiriceánaigh. Is cinnte go bhfuil dearcadh áirithe ar an saol ag iriseoirí Sasanacha agus Meiriceánacha, a bhfuil tionchar indíreach aige ar iriseoireacht Bhéarla na hÉireann.

Is minic a bhíonn insint eile ar fad ar chúrsaí an domhain le fáil sna meáin i réimsí na dteangacha móra eile.

Ní chreidfeá chomh héagsúil is atá Le Monde ó nuachtán Béarla, mar shampla. Ní hamháin go bhfuil a lán le léamh ann ar shaol polaitíochta na Fraince, ach go bhfuil dearcadh eile ar fad le fáil ann ar scéalta idirnáisiúnta agus ar chúrsaí an domhain i gcoitinne. Gheobhaidh tú trácht ar an Mheán-Oirthear agus an Afraic ann nach bhfaighidh tú in aon nuachtán Béarla. Is amhlaidh go mbíonn cultúr eile ag baint le teanga eile i gcónaí. Baineann dearcadh éagsúil ar an domhan le teanga eile, ó tharla go bhfuil dúchas, stair, agus traidisiún éagsúil ag baint leis an teanga sin.

Ach ní bheidh a fhios sin agat muna bhfuil tríú teanga agat. Agus ní leor teanga a d'fhoghlaim tú ar scoil agus a chaith tú ar leataobh ansin. Beagnach gach duine a bhfuil oideachas réasúnta aige, chaith sé tréimhse ag foghlaim ceann amháin de theangacha móra na hEorpa. Ach caithfear an teanga sin a choimeád beo i do shaol agus tú fásta. Caithfear í a chleachtadh, leabhair, nuachtáin agus irisí a léamh inti agus úsáid a bhaint as na meáin chraolta a bhaineas léi.

Caithfear cuid den ghnáthshaol a dhéanamh den tríú teanga. Is cuma cén teanga atá foghlamtha agat - Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis - déan do rogha féin.

An duine a bhfuil Fraincis aige, mar shampla, ní mór an stró dó í éisteacht leis an nuacht ar TV5, nó Le Monde a léamh go rialta; agus an rud céanna do na teangacha eile a bhfuil na meáin chlóite agus craolta acu ar fáil in Éirinn.

Is é mo thuairim féin nach mbeidh saoirse aigne agus teanga ag Gaeilgeoirí nó cainteoirí teangacha mionlaigh eile le fírinne go dtí go mbeidh an tríú teanga á cleachtadh acu - rud nach ndéanfadh aon dochar do mhuintir na hÉireann uile, lucht an Bhéarla san áireamh. Sin bua na tríú teanga: go mbíonn tú saor ó smacht teanga móire amháin.

Sin an t-aon bhealach amháin chun éalú ó phríosún na dara teanga.