MÁS SPÉIS leat an timpeallacht agus más dóigh leat gur gá troid ar a son beidh an-suim go deo agat san iris bhreá Orion Magazine. Is féidir iar-eagráin de a léamh ar líne. Duine de na scríbhneoirí rialta is deisbhéalaí agus is dúshlánaí ann ná Derrick Jensen.
Fiafraíodh de le déanaí (eagrán Eanáir/Feabhra 2010) cad is féidir a dhéanamh faoin ngéarchéim éiceolaíochta. Sea, cá dtosnófá? Tar éis dó dul i gcomhairle le pobail dhúchasacha Mheiriceá tháinig Jensen ar an bhfreagra: díchoilíniú. Díchoilíniú ar ár gcroí is ar ár n-intinn.
Is é is brí le díchoilíniú sa chomhthéacs seo, a deir sé, ná tús a chur le próiseas ina mbrisfeá an ceangal atá agat leis an gcaipitleachas tionsclaíoch agus leis an tsibhialtacht i gcoitinne.
Gan a bheith dílis dóibh níos mó; tosú ag smaoineamh arís ar an domhan fisiceach. Bheith dílis don domhan sin, do d’fhód dúchais féin.
Earraí só an tsaoil seo ní saor in aisce atá siad. Caithfear íoc go daor astu. Agus tar éis an méid sin go léir a thuiscint, caithfear a admháil nach córas daonlathach an córas atá i bhfeidhm ach plútacratachas corparáideach, nó mar a deir sé féin, “a government by, for, and of corporations”.
Is é is brí le díchoilíniú, dar le Jensen, ná teacht ar an tuiscint nach rud maith don phláinéad é méadú ar an olltáirgeacht náisiúnta ná dul chun cinn na teicneolaíochta. An cultúr atá cruthaithe againn is ag marú an phláinéid atá sé. Scun scan. Is é is brí le díchoilíniú ná stop a chur leis an gcultúr sin. An bhfuil tusa chun “stop!” a rá? An bhfuil éinne againn chun “stop!” a rá?
Bíonn míreanna eolais ag Orion Magazine nach bhfeicim in áiteanna eile. Mar shampla, ar chuala tú trácht riamh ar Charles Kettering? Stiúrthóir General Motors Research ab ea é. Scríobh sé alt sa bhliain 1929 dar teideal “Keep the Consumer Dissatisfied”.
Is é a bhí á rá aige nach leor é in aon chor an tomhaltóir agus a chuid riachtanas bunúsach a shásamh. Caithfear riachtanais nua a chruthú dhó. Agus sin díreach an rud a tharla, nach ea? Tá sé ag tarlú i gcónaí.
Deir daoine áirithe leis, “Muna dtaitníonn an cultúr seo leat, cad a chuirfeá ina áit?” Ní chuirfeadh sé aon chultúr ar leith ina áit ach scata acu, na mílte acu, agus iad go léir ag eascairt go horgánach as a ndúiche féin.
Tar éis an tsaoil, nach mar sin a tháinig cultúir chun cinn an chéad lá riamh sular tugadh faoi aon chultúr amháin a chruthú astu? Go deimhin, is iad leithéidí Jensen na cairde is fearr atá ag mionteangacha an domhain, an Ghaeilge san áireamh, dá dtuigfimis i gceart é. Neartaíonn a chuid argóintí ár raison d’etre i gcomhthéacs atá dosheachanta doshéanta.
Bíonn Jensen i dteagmháil le pobail dhúchasacha Mheiriceá ar bhonn rialta. Tá cónaí air i measc na dTolowa i dtuaisceart California. Tá na Tolowa ansin le breis is 12,000 bliain. Caithfidh go bhfuil rud nó dhó foghlamtha acu. Deir sé gurb é an difríocht is mó idir an pobal dúchasach agus an chuid eile den phobal ná seo: féachann an pobal dúchasach ar an domhan – ar an gcruinne – mar orgánach. Rud beo.
Caithfear teanga na cruinne a fhoghlaim. An-seans gur teanga nua duit í an teanga ársa sin. Ní fhoghlaimeoidh tú teanga nua, ná teanga ársa, laistigh de sheachtain. Tabhair deis cheart duit féin mar sin. Tógfaidh sé tamall. Bí foighneach. Bí umhal. Bí ag éisteacht.
Deir Jensen gur thaitin sé leis i gcónaí a bheith ag foghlaim. Rud nádúrtha is ea é sin, ar ndóigh. Is breá linn go léir a bheith ag foghlaim. Cuid dár n-éabhlóid is ea an fhoghlaim chéanna. “Ach cén fáth a dtaitníonn an fhoghlaim liom agus nár thaitin an scolaíocht riamh liom?” a deir sé. Ceist mhaith, a dhuine. Is é a dhála sin agamsa, leis, é.
Samhlaím mé féin agus Jensen ar scoil le chéile, in aon rang lena chéile. Flosc chun foghlama orainn beirt. Fonn orainn beirt an Ghaeilge a fhoghlaim. Bheith in ann í a ionramháil, í a léamh, í a labhairt is í a scríobh. Ní bheidh de thuiscint agat ar Éirinn ach tuiscint an choilínigh in éagmais na Gaeilge. Tuigimid beirt an méid sin go soiléir.
Tar éis cúpla seachtain, áfach, iompaíonn Jensen chugam agus deir sé: “Níl sa téacsleabhar Gaeilge seo ach mar a bheadh spreagadh chun tomhaltais ann. Cé a scríobh in aon chor é? Charles Kettering, ab ea? Féach ar na ceachtanna seo go léir. Féach ar na comhráite ann. Bunaithe ar dhaoine óga agus iad ina dtomhaltóirí atá na ceachtanna seo… éadaí, bia, dlúthdhioscaí etc. á gceannach go tiubh acu. Sin is téacsleabhar Gaeilge ann, ab ea? Ná cuirimis suas leis an gcacamas seo!”
Tá sé cráite agus seanchráite is léir. “Cá bhfuil flóra is fána na hÉireann,” ar seisean liom agus faghairt ina shúil, “cá bhfuil na haibhneacha, na sléibhte? I bhfolús ábharaíoch atá an teanga á múineadh acu. An as a meabhair atá siad? Cá bhfuil na hamhráin, an naomhsheanchas, na logainmneacha, an luibheolas? Agus féach ar na léaráidí atá sa leabhar. Níl iontu ach cartúin. Cá bhfuil an uaisleacht, an daonnacht? Cá bhfuil an áilleacht, an ghrástúlacht? Cá bhfuil Éire? Ní féidir faic a fhoghlaim i gceart in éagmais na háilleachta. Tá rud éigin an-mhínádúrtha ar fad ag baint leis an gcúrsa seo.”
“Níl siad ach ach ag iarraidh a bheith suas chun dáta, Derrek,” adeirimse, “ipodanna agus rudaí mar sin.”
“Tabharfaidh mise ipodanna dóibh,” arsa Derrek. Tá an buachaill bocht le ceangal! “Conas a fhoghlaimeoidh ár gcomhdhaltaí teanga bhinn mhilis na nGael as leabhar ina bhfuil an dúchas go léir fásctha as? Conas a fhoghlaimeoidh siad aon ní in aon chor as leabhar nach dteagmhaíonn lena gcroí ná lena n-anam?”
Féachaim idir an dá shúil air. Tuigim nach bhfuil aon leigheas eile ar an scéal. “Derrick, a chomrádaí,” arsa mise leis, “tá an ceart ar fad agat. Níl bun ná barr leis an gcéapar seo. Ná ligimis dóibh sinn a thruailliú a thuilleadh. Seo linn, a bhuachaill, bailímis linn agus cónaímis feasta i measc na dTolowa!”