Thógas bliain saoire ón mhúinteoireacht, rud is annamh liom. Bhí an oiread cathaithe orm i ndiaidh mo chomh-mhúinteoirí gur chinneas ar thaisteal ina dteannta go Béising ar feadh seachtaine.
Os cionn an dá fhichid duine a bhí sa chomhluadar ar fad. Níor bhaol dúinn go dtitfimis faoi smacht na Síneach mar bhí cuid againn cnag aosta go maith, ár bhfiacla bioraithe agus ár dteanga feannaideach go maith ar uairibh.
Aon gheábh eitilte fada a bhí ann, ó Londain Shasana go Béising na Síne, in imeacht dheich n-uair a' chloig. D'imíomar trasna na Danmhairge, os cionn na Fionlainne agus thar an Rúis agus an tSibéir.
Bhí aertheocht de lúide 60 céim Celsius lasmuigh agus, leis an gceart a rá, ní móide go raibh an teocht aon phioc níos airde ar an talamh thíos fúinn.
Ba dheacair an talamh a aithint ina thalamh. Ba mhó ba chosúla é le farraigí bána gur chraith draoi a mhaide cleas os a gcionn in airde gur iompaíodar ina mealltracha gloine. D'fheicfeá bóithre thíos uait, bhíodh spotaí beaga donna thíos uainn go ndúrthas fúthu gur thithe iad, ach gur chosúla le priompalláin iad ón aer.
Dúradh linn gurbh é nós na ndaoine na beithígh a chur isteach sna tithe sin ar leibhéal na talún, go dtógadh na daoine an chuid uachtarach den tigh acu féin, pobal cúpla céad duine in aon teach, b'fhéidir, is go gcaithidís cúig nó sé mhí den mbliain gan teacht amach, iad sáinnithe istigh i nGúlag gránna príobháideach ag fuacht thar bearta.
Nárbh fhearr leat an bás?
Óstán mór millteach is ea an Catic Plaza; is ar éigean atá baint ar bith aige le saol na Síne. Tá síleáil ard sa bhforhalla agus tá loch nó umar uisce ag síneadh ar fud an tseomra, fiche slat ar dhá thaobh díot. Bhí iasc órdha de gach méid ag snámh go sásta.
Más fíor nach bhfuil ach cuimhne de thrí shoicind ag an iasc órga, nó ag an charp trí chéile, féadann an t-iasc turas an umair seo a thabhairt agus de dheasca a leithne, feictear dó gur cúrsa nua é gach uair.
(Samhail é sin de cheird an mhúinteora, blas na nuachta a chur ar sheanrud.)
Imíonn an sruthán ag pointe amháin síos faoi thalamh, ardaítear é ag caidéal agus titeann sé le falla ina eas ceolmhar. Téann monabhar an cheoil seo agus an marmar soilseach i bhfeidhm orm ar bhealach álainn. Déantar impire iarthar domhain díom.
Is mé Gengis Khan ó Mhaigh Eo, Gruagach na Tiobraide, Bodach an Chóta Lachtna. Ach níl fáilte roimh chótaí lachtna sa phálás seo. Tá sé cinn d'ardaitheoirí ann, péire do na hurláir uachtaracha - 16 go 30 - agus ceithre cinn do na hurláir eile. Gach ardaitheoir chomh mór le mionbhus.
Ar do bhealach síos chun bricfeasta feicfidh tú ocht gcinn de thancanna, iad lán le hiasc chun dinnéir. Carp is ea iad seo, plucanna móra beathaithe orthu, iad gan cuma, gan slacht. Tá tanc mór portán agus gliomach san áit chéanna. Tá aer á bhrú trí phíopa beag a choinnítear ar ghrinneall an umair le píosa luaidhe. Coinníonn sin an t-uisce ina shruth síoraí.
Portáin ar thaobh amháin den tanc, níl ach sruth lag timpeall orthu, táid faoi shonas. Ag an mbinn eile is láidre an sruth, déanann na portáin iarracht a gcosa a chur i dtaca. Samhlaítear dóibh go scuabfaí isteach i nduibheagán ollmhór éigin iad, seasann siad ar mhullach a chéile, an meáchan iomlán anuas ar dhá chois.
Le diongbháilteacht do-chreidte coinníonn siad orthu sa staid mhínádúrtha seo go dteipeann orthu is go dtiteann siad.
Ní tharlaíonn aon drochrud dóibh ansin, ach ní féidir leo foghlaim. Ar ais leo ar na bioráin arís. Sin iad na siombailí is fearr den chumannachas, go gcaithfear cloí leis an gcóras, dá sheafóidí é.
Feonn agus dreonn an féar le fuacht tirim an gheimhridh. Níl glaise ar fhéar ná ar chrann. Tógtar ballaí éadroma timpeall ar thrí thaobh na gcrann is deise, le is nach seargfaí iad. Tá oighear crua ar lochanna agus ar aibhneacha i lár mhí Feabhra.
Cé go bhfuil carnacha beaga leacoighre agus sneachta ar talamh, níl fuacht ann d'oireasa gaoth láidir. In imeacht na seachtaine níor bhrathas fuacht ach aon uair amháin, ar bharr Bhalla Mór na Síne.
Cuirtear bláthanna bréige i ngairdíní áirithe i rith an gheimhridh. Ní dhéantar iarracht ar iad bheith ar chuma nádúrtha. Bláthanna na samhlaíochta iad seo. Maisíonn na Sínigh na gairdíní le galláin chloiche go minic freisin. Minic gurb í an chloch seo croí an ghairdín.
IN ainneoin an fhuachta is maith le Sínigh cruinniú i bpáirceanna na cathrach, moch ar maidin nó feadh an lae. Cleachtaíonn siad Feng Shui, nó Rince Líne, seana-waltz le héirí gréine.
Dé Máirt agus Déardaoin cruinníonn os cionn 100 duine chun seisiún slua-amhránaíochta ag móradh laethanta a n-óige, na réabhlóide, an léim mhór chun tosaigh, an Chathaoirligh Mao. Braitheann siad drochmheas orthu féin, agus ar ghníomhartha a saoil ag an óige; ní thuigeann siad cén fáth.
Bhí áthas orthu strainséirí bheith ina measc, thug sé uchtach dóibh. Bhíos tamall fada á mbreathnú go dtí gur chuimhníos cá bhfaca mé a leithéid cheana. An sórt céanna daoine a théann ar Aifreann laethúil ag séipéal Bhóthar na hUaimhe i mBaile Átha Cliath.
Feiceann siad an aoibh ar dhuine againn agus tarraingíonn siad beirt nó triúr amach ag rince. Is dóigh leo gur Cumannaigh sinn ó thíortha eile an domhain agus lorgaíonn siad fear teanga le Béarla a labhairt. Is briotach a chumas siúd ach cén dochar?
Cé go ndearnadh cúlú ó réimeas Mhao le himeacht aimsire, ní taise don Pháirtí Cumannach, don gCóras, no don Mhíleatacht. Tá saighdiúirí ar gach taobh, daoine óga a bhformhór. Ní shamhlófá proifisiúntacht leo ach bheadh breall ort. Tá na mílte acu ar fud Chearnóg Tiananmen agus is léir go bhfuil eagla rompu.
Tá siad ar aon déanamh leis an arm a chloígh Meiriceá i Vítneam. Lón cogaidh is ea iad nach féidir a ídiú. Dá gcaillfí 50 milliún díobh, ní bhraithfeá an t-easnamh. An seandream a rialaíonn, is maith is cuimhin leo siúd Vítneam. Fágann sin go bhféadfadh siad loighic dá gcuid féin bheith acu.
Tuar éadóchais an Críon bheith i gceannas.
Tá foirgint bhreátha nua anseo agus ansiúd. Lena n-ais siúd tá árasáin ghránna liatha. Bíonn raiditheoir fuaraithe taobh amuigh de gach aon fhuinneog le teas meirbh an tsamhraidh a mhaolú.
Tá dóthain slí idir na hárasáin seo, ní fearacht Nua-Eabhrac é, toisc go síneann an chathair seo fad 60 nó 70 míle, má áirímid na bruachbhailte. Fós ní hí an chathair seo an chathair is mó sa tír. Is í sin Shanghai.
Má tá cónaí ar 18 milliún sa chathair tá 19 milliún rothar ar na sráideanna. Fós, bíonn gá le glas ar rothar. Ní maith le Sínigh giaranna bheith ar rothar ná rothar sléibhe ná rothar ráis.
Is é an luas céanna a chleachtann siad go léir, tuairim deich míle san uair. Ní chromann siad ar rothar, ná ní bhrostaíonn. Seanrothair is fearr leo ar fad. Bíonn trí roth faoi chuid acu, ardán thiar orthu ar nós cairrín asail.
Feicfidh tú fear ag rothaíocht, a hocht nó a deich gcinn de mhálaí rís taobh thiar dó, cara leis ina luí thuas ar bharra. Bíonn rothair bhruscair ann, rothair le drumaí fíoruisce a dháileadh, ola cócaireachta á dhíol, bia de gach saghas á iompar chun margaidh.
Ní cheadaítear aon mhadra ach cinn bheag láimhe. Níl cat le feiceáil. Is tearc é an t-éan, cé go bhfaca cúpla lon i ngairdíní teampaill.
Ní líonmhar iad páistí, cé gur ann dóibh. Impirí beaga a thugtar orthu. Ní facthas duine ar mhaide croise ná cathaoir rotha, bacach ná dall. Bhí seanleads ag imirt cártaí ina ngrúpaí ar thaobh sráide, ach ní raibh bonn le feiceáil.
BEIRT threoraí atá againn. Ón Mhongóil is ea duine acu, an té is sine díobh. Síneach ard dathúil is ea an fear eile. Níl cleas dá mbaineann le stiúrthóirteacht nach bhfuil ar eolas aige. Ní stadann de bheith ag moladh earraí Síneacha, ach go gcaithfidh tú a gceannacht sa siopa go bhfaighe seisean sciar maith den gcaiteachas.
Thugamar aghaidh ar Chearnóg Tiananmen mar ar tharla an sléacht. Dúirt ár dtreoraí go raibhdeartháir leis páirteach san agóid an oíche sin ach gur fhág sé an áit sul má tharla an sléacht, ná an "incident", mar a thug sé air.
Dar leis gur aithin a dheartháir gur bligeáirdithe a bhí ag léirsiú sa deireadh. Dúirt sé go raibh an rud go léir á ligean i ndearúd le himeacht aimsire.
Thug sé mórán eile leideanna gurbh fhear páirtí é féin, is gur minic nár stró leis an fhírinne a chur as a riocht. Ní annamh a bhréagnaigh sé é féin as a chaint féin.
Mhaígh sé lá amháin gurbh é gnáthioncam oibrí ná $250 sa mhí. An lá dár gcionn, dhearbhaigh sé gur $1100 an tsuim cheart. Is mór eatarthu.
B'fhearr é ag cur síos ar cheoldráma na Síne, bhí cur amach aige air, ach is beag an meas a bhí aige ar an gcreideamh dúchais.
Tugtar "Hutong" ar chúlsráideanna beaga na cathrach. Tithe aon stór ar bhonn dronuilleogach, tógtha timpeall ar ghairdín beag. Tógadh an grúpa againn ar turas go ceann acu, áit ar casadh Mr Chou orainn. Thaispeáin sé an tigh, na seomraí, an gairdín dúinn. Cheannaigh sé an teach sna 1950í trí iasacht airgid a fháil óna dheartháir, ar caipitleach é i Hong Cong.
Thosaigh sé ag obair ar an tochailt fhada a thug uaimheanna na n-impirí chun solais. Rug na Gardaí Dearga air níos déanaí, chuireadar ag feilméireacht é ar feadh trí bliana. Ba mhó de mháirseáil a bhí ann ná d'fheilméireacht.
Bhíodh saoire míosa aige gach bliain le dul abhaile chuig a bhean is a chlann. Choinnigh sé a ghreim ar an tigh tríd an uafás go léir agus d'fhill sé ar ais ar an tochailt go dtí go ndeachaigh sé amach ar phinsean, lán pinsin de chéad faoin gcéad dá phá.
THÁINIG an tráthnóna nach raibh aon imeacht ar an gclár. Bhí tuirse orainn. Bhí buidéal fuisce ag fear againn agus bhí sé ag tabhairt an iomarca aire di, ag baint fad mínádúrtha as. Bheartaíomar ar bheagán ragairne agus seisiún beag bheith againn.
An mhaidin dár gcionn, is ea a d'íocamar as. Gach néaróg, gach féith ionainn bheith strampáilte i gceart agus muid ar an mbealach ar ais go hÉirinn. Bhreathnaigh foireann an eitleáin go grinn orainn ach ní dúirt siad tada. Bhí mí-iompar paisinéirí go mór sa nuacht ag an am. Ach níor bhaol dúinne mar bhí an macnas agus an teaspach imithe dínn, ár ngaisce déanta, ár bpócaí folmhaithe.
Agus féach, nach é sin croí na turasóireachta?
- Fillfidh Pól Ó Muirí an tseachtain seo chugainn