Beocheist: Thaistil mé faoi dhó chun na Fraince agus ar ais ar bhád de chuid Irish Ferries i mbliana. Ar an chéad turas i mí Bealtaine bhí beagán cloiste agam faoi chlárú an bhád farantóireachta, MV Normandy sna hOileáin Bahamas ach is beag tuiscint a bhí agam maidir leis na himpleachtaí a bhain leis sin.
Níorbh fhada ar bord an Normandy mé gur thug mé faoi deara gur de bhunadh oirthear na hEorpa tromlach an lucht foirne a bhí ag freastal ar na taistealaithe sna bialanna agus sa bheár. Bhí siad ag glanadh suas ina ndiaidh ar fud an bháid fosta agus bhí an bád i bhfad níos glaine ná mar a bhí an samhradh roimhe sin.
B'amhlaidh an scéal ar an dara turas i mí Mheán Fómhair agus, ainneoin na poiblíochta a tugadh sna nuachtáin i rith an tsamhraidh faoin phá íseal a bhí á tuilleadh acu, bhí an lucht freastail chomh béasach dea-mhúinte cabhraítheach agus a bhí siad ceithre mhí roimhe sin.
Ba mhór an difear ón bhliain roimhe sin nuair ba dhoiligh a dhéanamh amach cé acu ba mheasa - an boladh múisc a bhí sa chuid sin den bhád nár glanadh i gceart, nó boladh an chumhráin a cuireadh in áiteanna eile chun an boladh múisc a mhúchadh. Tá cairde agam a dhiúltaigh ag an am sin taisteal le Irish Ferries arís mar gheall ar a bhrocaí agus a bhí an bád. Mic léinn tríú leibhéil ar a laethanta saoire ba chuid mhór den lucht freastail ag an am agus chonacthas dom, murach maor oibre bheith ag faire orthu, gur bheag oibre a dhéanfaidís.
Tá go leor scríofa agus ráite le cúpla seachtain anuas faoi na heachtrannaigh atá á bhfostú ag Irish Ferries ar phá atá go maith faoin íosphá atá ceadaithe anseo in Éirinn agus faoin phacáiste iomarcaíochta a tairgeadh do na hÉireannaigh sin nach raibh sásta glacadh leis an phá sin nó leis na téarmaí oibre a ghaibh leis.
Tá beartas an chomhlachta á cháineadh ag polaiteoirí agus ag ceardchumainn ar an ábhar go bhfuil postanna na nÉireannach a ghlac leis an phacáiste le tabhairt d'eachtrannaigh. Ach ní léir gur féidir leo mórán a dhéanamh ina thaobh.
Dúirt an t-iarcheannaire ceardchumainn, Des Geraghty, in agallamh raidió gurbh é seo an sórt ruda a chothaigh ciníochas, eachtrannaigh bheith ag fáil oibre ar phá an-íseal. Bhí méid éigin den cheart aige mar is eol go maith do na hÉireannaigh sin a chuaigh ag obair i Sasana nó sna Stáit Aontaithe agus a bhí sásta sclábhaíocht a dhéanamh ar bheagán airgid.
Má ghlacaimid le coincheap an tsaormhargaidh atá i réim ar fud an Aontais Eorpaigh anois, nach é sin an rud ba cheart do gach fostaitheoir a dhéanamh - an fhoireann oibre a thugann an luach is fearr dó a fhostú?
Anois níl mé ag moladh ar chor ar bith na coinníollacha oibre atá á leagan ag Irish Ferries ar an fhoireann. Ní chreidim ach an oiread an lucht stiúrtha nuair a deir siad go mbeidh orthu an comhlacht a dhíol mura gcuirfidh siad an plean atá beartaithe acu i gcrích. Ach sílim nach miste do lucht a gcáinte smaoineamh go bhféadfadh rudaí eile seachas rátaí níos ísle pá, bheith á gcur san áireamh ag comhlachtaí nuair a théann siad lasmuigh den tír chun lucht oibre a fháil.
Is minic sinn mórálach as an ghlúin óg ard-oilte atá anois in Éirinn. Agus is beag nach dtugtar le fios do dhaoine óga go bhfuil uirísliú ag baint le hobair áirithe, go mórmhór obair ina n-iarrtar orthu freastal ar an phobal i siopaí, i mbialanna agus i dtithe tábhairne agus a chomhartha air sin is ea líon na n-eachtrannach atá ag obair sna hionaid sin.
Cluintear gearáin go minic go bhfuil na heachtrannaigh á bhfostú ar bheagán airgid, ach tá níos mó i gceist ná sin - tá faighte amach ag fostóirí doicheall bheith ag Éireannaigh roimh obair de shórt áirithe. Nuair atá líon mór eachtrannach amuigh ansin atá ar bís chun an obair a dhéanamh, agus é a dhéanamh go slachtmhar, cén fáth nach dtabharfaidís an obair dóibh?