Beocheist: The State finances would be better if they saved money like their citizens, writes Éadhmonn Mac Suibhne
Tá droch-chaoi ar chúrsaí airgeadais an Stáit, a deirtear linn. Ar a laghad, sin a deir na polaiteoirí (agus na saineolaithe) ar thaobh amháin.
Níl an scéal chomh holc san, a deir an dream ar an taobh eile, ach níl cruth chomh folláin air agus a bhí bliain ó shin.
Cuma cén dearcadh a bhíonn ag duine, áfach, níl aon amhras ann ach go mbeidh deacrachtaí le sárú ag an tír seo sna blianta seo romhainn, ná níl aon amhras ann ach gurb ar Sheáinín-na-sráide a thitfidh an t-ualach, bealach amháin nó bealach eile. Déanfaidh lucht na polaitíochta an chaint agus déanfaidh an pobal i gcoitinne an íobairt.
Bhí an Rialtas fial nuair a bhí an t-airgead flúirseach. Sholáthraigh siad ciste teann don chaiteachas poiblí - don fhoirgníocht, do na bóithre, don chóras iompair agus eile.
Cuireadh scéimeanna flaithiúla ar fáil, mar shampla cártaí sláinte do gach duine a bhí os cionn 70 bliain d'aois, maraon le ceadúnas teilifíse saor in aisce, liúntais ar bhillí gáis agus aibhléise agus teileafóin - agus gan cheist ach ar éigean ag aon duine ar cheart a leithéid sin a thabhairt dóibh siúd nach raibh aon easpa airgid orthu cheana féin.
Ní ag tabhairt faoin Rialtas atá againn faoi láthair atá mé sa mhéid sin romham, mar níl amhras orm ach go ndéanfadh rialtas ar bith eile socraithe a bheadh cuid mhaith ar aon dul leosan romham dá dtarlódh dóibh bheith i gcumhacht fad a bhí an "Tíogar" i mbarr a mhaitheasa.
Minic a rith sé liom féin le bliain nó dhó anuas, áfach, go raibh nithe á ndéanamh ag na húdaráis ar an gcúis amháin go raibh an t-airgead ar fáil le híoc astu.
Luaim na bóithre, mar shampla. Ní deirim nach raibh na bóithre móra nua uainn, ach féach mar a bhí (agus mar atá) airgead á chaitheamh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus gan aon duine den phobal mór róchinnte faoin chúis atá le roinnt den obair sin - cosáin á leathnú, sráideanna á gcúngú agus spás á fhágáil don aon líne tráchta amháin san áit ina mbíodh spás don dá líne cheana.
Ní thagraim do na sráideanna agus do na bóithre ach mar shampla agus bheadh ionadh orm mura mbeadh an cineál céanna ruda le tuairisciú faoi chodanna eile den chaiteachas poiblí freisin.
Ar ndóigh, ní gearán atá agam a bheag ná a mhór. Glacaimse go dtuigeann na húdaráis cad chuige a bhfuil siad maidir leis an obair a bhíonn ar siúl acu - ach níl mé chomh cinnte céanna faoin mheon a thugann ar na húdaráis airgead a chaitheamh ar an gcúis amháin - mar a fheictear domsa - go bhfuil sé ann le caitheamh.
Cuimhnímis air seo: má tá an drochthréimhse romhainn beidh gach duine againn thíos leis.
Más crua é an buiséad a chuirfidh an tAire Airgeadais, Charlie McCreevy, romhainn go luath - agus sin é an baol - beidh orainn uile íobairt de shaghas nó de shaghas eile a dhéanamh agus sí an cheist ná an mbeimid sásta é sin a dhéanamh, nó go deimhin an mbeimid in ann é a dhéanamh, agus an caighdeán maireachtála atá againn a chosaint ag an am gcéanna - i bhfianaise na taithí atá againn ar an bhflúirse le blianta anuas?
AGUS muna mbeidh, nó munar féidir, cad tá sa todhchaí dúinn sa tír seo ó thaobh an tsuaimhnis shóisialta de, sa tréimhse seo atá chugainn?
Tá nós an choigiltis "faoi choinne na coise tinne" ligthe cuid mhaith le sruth ar na saolta seo, go háirithe ag an dream óg.
Is dócha gurbh ar an gcúis sin a thug an Rialtas isteach an scéim choigiltis cháiliúil sin anuraidh, scéim a thaitin go mór liom féin.
Ach má tá an Stát i mbun daoine a mhealladh le hairgead a chur i dtaisce don uair a chruafaidh an saol orthu, cad chuige nach féidir leis an Stát féin an rud céanna a dhéanamh?
Ní rud mar chúlchiste seachtrach ("external reserves") a shamhlóinn, ach fíorchiste coigiltis inmheánach as a bhféadfaí aistarraingt a dhéanamh (faoi choinníollacha dochta) an uair go mbeadh gá le hairgead breise le bearna a líonadh sa Státchiste ar bhonn sealadach.
Níl aon eacnamaí sa tigh seo 'gainne, ach san mar a dhéanaimid teacht isteach an teaghlaigh a riaradh. Sa ghnáthshlí éiríonn linn an cruachás a shárú.
Nárbh iontach an ní é dá bhféadfadh teaghlach níos leithne an Stáit - nó an tAontas Eorpach féin - aithris a dhéanamh orainn?