CROBHINGNE:TÁ DALTAÍ ag triall ar na hallaí scrúdaithe arís an tseachtain seo, an aimsir fháistineach ina bpócaí cúil. Tráchtairí ag tabhairt le fios go bhfuil saol agus beatha ann i ndiaidh na hArdteistiméireachta, na daltaí ag smaoineamh go raibh a leithéid ann roimpi go cinnte. Aire nua Oideachais (agus Scileanna agus Straitéisí agus Scéimeanna) againn ag bagairt na scuaibe úire ar chách.
É lánsuite de gur féidir péint fhriseáilte a chur ar sheanfhoirgneamh. Na hoirc is na hairc á ngeallúint aige mar is ceart, ach déantar dul chun cinn san oideachas de réir easpa na gclichéanna a thagann as do bhéal. Dá réir sin, ní haon dea-thuar atá cloiste againn go dtí seo.
Thosnaigh sé leis an gceann is mó díobh ar fad, go bhfuil ár gcuid scrúduithe Stáit bunaithe ar fhoghlaim de ghlanmheabhair, ar chuimhne ghlé, ar aiseag eolais, ar “rote learning”. B’fhéidir go mbaineann sin le hailtireacht nó le fios a bheith agat cad é an chéad ollmhargadh eile atá le hoscailt ach ní bhaineann le formhór na scrúduithe atá againn.
Is cuma cén disciplín a bhíonn á leanúint bíonn gá le foghlaim áirithe de mheabhair, glan nó salach nó breac, é sin nó is scláta bán d’aigne, bulóg fholamh, táibléad sciúrtha, gaineamhlach gann.
Go fiú is dá gcuirfeá romhat gan rud ar bith a fhoghlaim, shíothlódh smuit áirithe isteach id intinn ded ainneoin agus leabhar os do chomhair amach. Is ar na smuit bheagolais sin a bhunófar pé freagra a bheidh le tabhairt agat, agus thairis más féidir. In ionad an eolais seo tá an tAire meáite ar an rud a dtugann sé “machnamh criticiúil” a thabhairt isteach!
Ó am go chéile tugaim sracfhéachaint ar na páipéir scrúdaithe féachaint cad iad na nithe ar fad nach bhfuil ar eolas agam. Bhí ceist ar an bpáipéar matamaitice a bhain le híonacht óir agus le carait éagsúla agus le seodóir a raibh méid áirithe den mhiotal míorúilteach aige, agus hiarradh ar an mac léinn luach stoc an tseodóra a mheas de réir phraghas an mhargaidh. Ní léir dom ar thalamh an domhain conas ab fhéidir an fhadhb a réiteach le heolas a bhí de ghlanmheabhair cheana féin.
Óir, níl a leithéid de rud agus “machnamh criticiúil” ann i leataoibh ó na hábhair éagsúla, agus gheofar amach, arís is arís eile, gurb é an té a chaitheann dua le staidéar is fearr a bheireann bua.
Roinnt bhlianta ó shin, déanadh suirbhé (ceann eile) féachaint conas mar a d’éirigh le mic léinn ar an ollscoil suas is anuas lenar éirigh leo san Ardteistiméireacht. Agus, búhúhú, fan leis seo, b’é toradh an taighde ná gurb iad na daltaí is fearr a bhain ardghrádanna amach sa mheánscoil is mó a bhain ardghradam amach san ollscoil! Ar chúis éigin níor smaoinigh aon duine riamh air sin. Rachadh sin ina luí lom ar dhuine ar bith ar bhuail liobar den mheabhair é.
Agus sin í an fhadhb a bhaineann le suirbhéanna agus le taighdí go minic. Bíonn an toradh chomh soiléir sin roimh ré gur cur amú ama agus allais a bhíonn iontu, nó neachtar acu, nuair a bhíonn siad bunoscionn le cleachtadh an ghnáth-thabhairt faoi deara go mbíonn siad deargmhícheart.
Sampla de sin ba ea an tuarascáil idirnáisiúnta le déanaí a “chruthaigh” go rabhamar tar éis titim ón gcúigiú háit i dtábla peile na litearthachta go dtí an 17ú háit laistigh de dheich mbliana. Dá mb’fhíor, ba dhóigh leat go mbeadh sin tugtha faoi deara go follasach ag múinteoirí: “Féach! Cúpla bliain ó shin bhí gach duine sa rang ábalta ar Hamlet a léamh go líofa, ach anuraidh ní fhéadfadh ach beirt “tobeornottobe” a aithint!”
Nuair a mhaígh An Roinn Oideachais (agus Scileanna etc.) nach raibh aon fhianaise ann gur tharla an titim seo, b’é freagra an Aire ná gurbh fhíor nár chuamar ar gcúl ach gur chuaigh gach tír eile chun tosaigh orainn!
Fág as an áireamh an chuma ina gcaithfidh go bhfuil sé dodhéanta caighdeáin éagsúla litearthachta a mheas go hidirnáisiúnta de bharr éagsúlacht na dteangacha agus na n-aibítrí agus na gcóras scríbhneoireachta féin, is é an chéad rud a rithfeadh leat ná go raibh rud éigin bunoscionn leis an mbreallán tuarascála sa chéad áit.
Ach nuair a dhéanaimid lúitéis agus comharthaí ómóis agus ceann faoi umhlaíochta le huachtaráin isteach agus le banríona anoir agus le baincéirí aniar anuas ní cúis iontais ach an oiread é go slogfaimis hólas bólas agus wilí nilí idir futh fath an méid adeir aon tuarascáil ghágach amháin fúinn agus go ligfimis di an sciodar a chur trasna orainn. D’oirfeadh “machnamh criticiúil” don Aire Oideachais é féin.