Má bhí eolas an chine dhaonna ar an domhan ag brath ar sheandaoine sa seanam is ar nerds óga Silicon Valley atá sé ag brath anois, a mhaíonn Diarmuid Ó Giolláin sa saothar úr dúshlánach seo aige, An Dúchas agus an Domhan.
B'ionann taisce béil na sochaí traidisiúnta agus "bunachar sonraí" ár linne, inar coinníodh eolas a mbaintí an uile chineál leasa as, agus is é beatha, bás agus athshaol na sochaí traidisiúnta sin a phléann an Giollánach.
Is den íoróin é, sa scagadh a dhéantar anseo ar an saol a bhí i nGaeltacht agus i mBreac-Ghaeltacht Éireann idir an Gorta Mór agus lár an 20ú haois, go léirítear a oiread faoin saol (iar)nua-aoiseach agus a léirítear faoin saol traidisiúnta.
An comhthéacsú leitheadach a dhéanann an Giollánach is cúis leis sin, sin agus an cur chuige dialachtaiciúil a chleachtann sé tríd síos.
Is é sin le rá go ndéantar coincheapa agus tréimhsí stairiúla a shainiú trí chodarsnachtaí a scrúdú - an tÉireannachas a tháinig chun cinn leis an imirce sa 19ú haois, mar shampla, cuimhne na ndaoine arbh fhéidir í a thuiscint trí na rudaí a ligeadh chun dearmaid. Agus mar bharr ar an íoróin, is ag an phointe a dhéantar coincheap nó feiniméan a shainiú a chealaítear é go minic.
Ceist atá ar shlí a fiafraithe, mar sin, arbh iad na béaloideasaithe a mharaigh an béaloideas? Nó arbh é obair Choimisiún Béaloideasa Éireann é an traidisiún béil a adhlacadh, a chur i másailéam na cartlainne?
An ionann staidéar antraipeolaíochta agus fógra báis na treibhe? Ceisteanna den chineál sin a bheathaíonn an plé beo atá in An Dúchas agus an Domhan, "an chéad bhunleabhar ar léann an Bhéaloidis i nGaeilge".
Cúlbhrat teibí atá ag an Ghiollánach agus é ag plé an traidisiúin bhéil de réir trí mhórthéama: am, spás agus pobal, ach ina dhiaidh sin, bíonn an t-ábhar tíriúil daonna i gcónaí. Bhí "40 saghas sneachta ar eolas ag Sámi (Laplannaigh)" na Sualainne agus 25 téarma ag a cuid iascairí ar na scadáin, rud a léiríonn an dlúthbhaint a bhí idir timpeallacht agus cultúr roimh aimsir an domhandaithe.
Bhí muileann spád i dTír Eoghain a dhéanadh spáid de réir 230 patrún dáiteanna éagsúla i gCúige Uladh agus san Iarthar, rud is deacair a shamhlú anois nuair is tearc duine atá i muinín spád de chineál ar bith ach na milliúin againn beo ar aon phatrún amháin de Microsoft Word.
Ar ndóigh, níor le leas an traidisiúin áitiúil an caighdeánú a rinneadh ar an saol ach níorbh é fás an tionscail agus na teicneolaíochta amháin ba chionsiocair leis an chaighdeánú chéanna.
Ba iad na náisiúin, "imagined communities" i bhfocail Benedict Anderson, a tháinig chun cinn sa 19ú haois, an t-arm ba mhó in éadan fhéiniúlacht áitiúil na dúiche thar fhéiniúlacht ghinearálta an náisiúin.
Ba é a leathbhreac sin réabhlóid na deabhóide sa 19ú haois, ina ndearna an Eaglais Chaitliceach ionsaí ar chleachtais áitiúla - go háirithe na pátrúin - d'fhonn creideamh na ndaoine a thabhairt faoi riail lárnach údarásach.
"Fadhb ab ea an t-áitiúlachas le cruthú an stát-náisiúin réasúnaigh," mar sin, agus ag trácht ar chúrsaí teanga dó, luann Ó Giolláin téacs a foilsíodh go gairid i ndiaidh Réabhlóid na Fraince, Rapport sur la nécessité et les moyens d'anéantir les patois et d'universaliser l'usage de la langue française (tuairisc ar an riachtanas le díothú na gcanúintí agus le forleathnú na Fraincise) mar chruthú ar an fhlosc chun caighdeánaithe a bhí sa Phoblacht úr. Mar sin féin, cad é mar a luigh an dochar a rinne an stát-náisiún d'fhéiniúlacht na dúiche leis an dúil a bhí ag náisiúnaithe i gcultúr na dúiche - béaloideas, ceol, agus dá réir sin?
Baineann freagra na ceiste sin leis an dá ghluaiseacht smaointeachais a bhí mar urra le teacht chun cinn na stát-náisiún, mar atá, "an Soilsiú" (an Eagnaíocht) agus an Rómánsachas.
Leoga, is téad bhisiúil de chuid An Dúchas agus An Domhan an scrúdú a dhéantar ar idirphlé an dá ghluaiseacht seo, go háirithe ar an dóigh ar phléigh an Soilsiú agus an Rómánsachas faoi seach leis an tuath agus leis an nádúr.
Dearcadh diúltach a bhí ag lucht an tSoilsithe i leith na tuaithe mar gheall ar an oidhreacht chlasaiceach a bhí ar a gcúl sin, nó cultúr cathrach a bhí sa Ghréig agus sa Róimh. B'ionann an chathair agus an tsibhialtacht, agus ba ó civitas ("cathair" sa Laidin) a tháinig an focal "sibhialtacht".
Ba ó polis ("cathair" sa Ghréigis) a tháinig an focal "polaitíocht" agus "póilíní". Nuair a rinne na Rómhánaigh reiligiún stáit den Chríostaíocht ba faoin tuaith (pagus) ba dheireanaí a scaip sí agus is ansin atá bunús an fhocail "págánach" (paganus).
Níorbh ionann sin ar chor ar bith agus an tsamhail a thug lucht an Rómánsachais don tsibhialtacht nó, ar a laghad féin, don náisiún, ach iad ag cur in éadan an tSoilsithe leis an aird a bhí acu ar an tuath agus ar an phágántacht. "I gcás stair na hÉireann, réabhlóid intleachtúil a shíolraigh ón Rómánsachas ab ea í go n-aimseofaí an fhírinneacht náisiúnta i gceantair chúnga bhochta an Iarthair, sna réigiúin ba lú cumarsáid, tionsclaíocht, litearthacht agus Béarla."
Ach má d'adhair an Náisiúnachas an nádúr agus má rinne sé taisce thaibhsiúil rúndiamhair de chultúr na tuaithe, b'éigean mar sin féin údarás lárnach a bhunú agus cultúr aontaithe a chruthú as bundamhna an traidisiúin. Agus b'éigean, ar ndóigh, cultúr aontaithe a shamhlú go minic nuair nach raibh sé ann.
Is doiligh teacht ar shampla níos fearr den fheiniméan sin ná an caighdeán oifigiúil ar minic é gan baint ar bith bheith aige leis na canúintí. Fágann sé sin go leor cainteoirí dúchais gan muinín as scríobh na Gaeilge ainneoin gur ar mhaithe le héascú agus cur chun cinn scríobh na Gaeilge atá an caighdeán.
Codarsnacht eile í sin den chineál ar chuir Seán Ó Ríordáin síos uirthi sa dán Reo, inar chuir sé a lámh ar an seál póca reoite sa sceach - nuair a shíleann an duine rud a tharraingt chuige féin is é rud a mharaíonn sé é. Macasamhail lámh Midas ar an stair. Os a choinne sin, tá sé ar bhuanna an leabhair seo go ndíríonn sé ár n-aird ar pheirspictíochtaí úra ar stair an chine dhaonna, ina measc sin, coincheap la longue durée a chum an staraí Fernand Braudel.
De réir Braudel, cuirtear barraíocht muiníne i stair na n-eachtraí agus déantar neamart dá réir sa tuiscint is féidir a bhaint as peirspictíocht fhada ar stair an chine dhaonna.
Is ansin atá cuid de dhóchas údar An Dúchas agus an Domhan as athshaol an traidisiúin bhéil. Dar leis, má tá meath ar an nua-aois, ré na mórinsintí - an Náisiúnachas, an Marxachas, agus dá réir sin - gurb iad na scéalta beaga áitiúla, petites histoires, atá in athréim: "B'fhéidir nach bhfuil aon bhrainse den léann chomh hoiriúnach leis an mbéaloideas chun na scéalta beaga áitiúla sin a insint."
Conclúid aisteach, dar leat, ag údar a nochtann duáilcí na hiarnua-aoise go neamhbhalbh (deir sé gur táirgí domhanda Éireannacha ar nós Baileys agus Riverdance a shásaíonn an caitheamh i ndiaidh na háite dúchais i ré seo an domhandaithe, mar shampla).
Sin ráite, ní ar chonclúidí atá feabhas an leabhair seo ag brath ach ar an bhua atá ag Diarmuid Ó Giolláin gleannta fada ama agus spáis a thrasnú gan stad mara ná mórchónaí a dhéanamh. Is fiú go mór bheith leis.
An Dúchas agus an Domhan (Cork University Press) le Diarmuid Ó Giolláin. Is léachtóir ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, é Fionntán de Brún. Seolfar a leabhar, Belfast and the Irish Language (Four Courts Press), sraith aistí, mí an Mhárta.