An bhean sí linn i gcónaí

BEOCHEIST: CÉ GO gcloistear an bhean sí is minice a bhraitear ná a fheictear í

BEOCHEIST:CÉ GO gcloistear an bhean sí is minice a bhraitear ná a fheictear í. Bhíos ag inseacht do Lochlainn Mac Ulcín gur bhuaileas le fear de mhuintir Mhic Mhuireartaigh.

Arsa Lochlainn: “De chuid na mara an dream sin ar fad, an t-oileán foirgthe acu! Sin-sinseanathair mór an fhir sin nó níos fuide sa gcianaimsir amach fuair sé bean ar mhaighdean mhara í a bhí á grianú féin ó dheas ansin ar an leic.”

Bhain sé an t-eireaball di ar nós dá mbainfeá ball éadaigh de dhuine óir tuigeadh dó dá ndéanfá sin go dtiontódh sí ina bean cheart agus bhí bean de dhíth go géar air; bhí sé amach sna blianta ach ní raibh sé an-sean. Saolaíodh beirt mhac dó nó gur aimsigh sí an t-eireaball arís agus méadaíodh ar an sliocht ó shin.

Tá sin fíor, ar sé, chomh fíor is atá na rónta glasa ansin os do chomhair ar na carraigreacha ach ná hinis sin d’aon duine ná habair gur dhúirt mise leat é.

READ MORE

“Reachlainn” is mó a thugtar ar an oileán seo anois cé go gcloistear an seanainm “Reachra” go fóill. “Reachra” a bhí mar sheanainm ar baile Dhroichead na Sionainne, Co Uíbh Fháilí, freisin agus is “Reachra Bheag” atá i gcónaí ar an mbaile fearainn ansin, sna Calthaí, a bhfuil stáisiún na ngardaí ann, atá ar an mbeagán áiteacha in Éirinn ina labhraíonn an traonach ina shéasúr ar na saolta seo.

“Reachra” a bhí fadó ar “Oileán Lambey” i gcuan Bhleá Cliath agus, ar ndóigh, tá “Oileán Reachra Uí Bheirn” amach ó chósta Dhún na nGall.

I gceann de dhá chló a léiríonn an bhean sí í féin, arsa Lochlainn, cé gur iondúil ina cailleach í feictear mar bhean óg álainn freisin í.

Ina seanchailleach di a dhéanann sí an t-olagón agus sin í féin an t-olagón brónach ar uaillghol cumhach caointe í mar gur bás a bhíonn sí á léiriú, bás duine dá muintir féin toisc gurb in atá inti spiorad seanmhuintire agus í tagtha le foláireamh.

Ach más ina bean óg a fheictear í sin dea-chomhartha go saolófar gasúr.

D’aimsigh an mhaighdean mhara a heireaball théis oiread seo blianta ach ní ina maighdean a d’iontaigh sí ar ais ach ina rón, ina rón glas agus mar a fheiceann tú mhéadaigh a sliocht.

Tá daoine anois, arsa Lochlainn, a deireann nach raibh ceachtar de na mná sin ariamh ann gur glórtha eile a chloistí ealaí aduaidh as na Críocha Lochlannacha as an Íoslainn mar nach mar a chéile na healaí sin leis na healaí abhus.

Daoine eile deirid gurb iad na rónta féin a bhíonns ag geonaíl agus éanacha farraige na forachain na crosáin na peadairíní stoirme ar minic iad amuigh san oíche agus na géabha glasa sin a sheadaíonn sna curraigh, chuile shórt ar an oileán seo iad bainteach leis an bhfarraige mé féin san áireamh. Ar chluin tú ó tháinig tú búiríl na bpocaidí gabhair ar na hailltreacha thuaidh? Dheamhan a bhfuil géim níos uaigní sa domhan seo!

Tá dúchas na Gaeilge le braith go láidir fós ar an oileán seo. Deireann Lochlainn, atá ionann’s na ceithre scór go leith bliain, go raibh sí á labhairt ag corr-sheanduine nuair a bhí sé féin ina phutachán. Bhásaigh an Ghaeilge i ndeireadh 1930í, a deireann sé, agus ní mhúintear sa scoil náisiúnta í ar seachtar gasúr atá ansin faoi láthair as daonra 104.

Ar ndóigh, ainmneacha Gaeilge atá ar na háitainmneacha ar fad, mórán, agus má tá meath-Ghaeilge ar bith agat is éasca brí a mbunáite a thuiscint, leithéide “Coolnagrock”, mar shampla, an baile é a bhfuil cónaí ar Lochlainn ann; cé nárbh eol do cheachtar againn an “cúl” nó “cúil” an chéad mhír.

I nGaeilge atá ainmneacha na naomh ar na fuinneoga daite sa séipéal Caitliceach – Naomh Gobán Saor ina measc – agus is Gaeilge amháin atá scríofa fá bhun an fhochla den Mhaighdean Mhuire taobh amuigh. Sciar de na sagairt a d’oibrigh anseo is i nGaeilge atá a gcuid ainmneacha agus thug mé suntas gur i nGaeilge a breacadh go leor de na tuairiscí i leabhar na gcuairteoirí; faoi mar a déanadh i leabhar na n-aíonna tigh leaba is bricfeasta Lochlann. Agus céard déarfá mura i nGaeilge a chéadbheannaíodh dom in oifig na dticéad ar an gcaladh i mBaile Caistil!

Ar chluin tú faoi ghiorria órga Reachrann, arsa Lochlainn liom is muid ag faire ó thuaidh ar cheann tíre Mhaoil na hAlban, an teach solais thall ag caochadh orainn. Chluineas cé nach bhfacas, arsa mise.

Neacha aisteacha iad na giarriacha, ar sé, agus bhí cait mhóra freisin anseo, ar sé, ceanna acu níos measa ná a chéile. An gcreideann tú iontu seo ar fad, arsa mise. Creidim i gceann acu níos mó ná a chéile, ar sé.

Ar ndóigh, chluin tú faoi Fhionn Mhac Cumhaill agus Roibeard Bruce agus Clann Lir?