BEOCHEIST:BIALANN COIS trá, an ghrian ag dul faoi. I bhfad uait, tá máthair ag tathant ar a mac é féin a dhéanamh réidh le teacht abhaile toisc go bhfuil sé in am "dodo". Leisce air.
Níl an lá spraoi thart fós ná baol air, dar leis. Gloine fíona rosé, é fuaraithe mar is ceart, os do chomhair, an clár bia i do ghlac agus tú idir dhá chomhairle an ceart duit tosú leis na “crevettes aux agrumes” anocht nó an “soupe de poissons”.
Nó gnáthchaifé ar phríomhchearnóg i mbaile tuaithe ag am lóin. Daoine ag teacht is ag imeacht, iad ag siopadóireacht ar an margadh sráide. Scór seastán ar a bhfuil glasraí úra an tséasúir leagtha amach ar chuid acu, cáis agus táirgí déiríochta ar chuid eile, bia mara agus feoil chapaill fiú dá mbeadh fonn ort (nó an misneach agat!) é a cheannach. Tugtar chugat an clár dubh ar a bhfuil mias an lae marcáilte i gcailc bhán, an “côte de veau” nó an “magret de canard”.
Deacair rogha a dhéanamh ach b’fhearr duit gan mórán ama a chaitheamh ag teacht ar chinneadh mar tá custaiméirí ag bailiú isteach go tiubh agus cuma an ocrais orthu.
Mealltar na céadta míle turasóir go dtí an Fhrainc gach bliain de bharr ardchaighdeán agus éagsúlacht an bhia sa tír. Ní haon ionadh é, mar sin, gur shocraigh UNESCO an béile gastranómach Francach a áireamh feasta mar chuid d’oidhreacht neamhábhartha an chine dhaonna ag cruinniú de chuid na heagraíochta i mí na Samhna seo caite, gradam a tugadh don Flamenco agus d’amhránaíocht Sutartine na Liotuáine freisin gan ach dhá thraidisiún chultúrtha eile ar liosta 2010 a lua.
Ní bia ar airgead mór atá i gceist anseo ach na nósanna uile a bhaineann le béile a réiteach agus daoine a bhailiú le chéile timpeall ar bhord an bhia mar cheiliúradh ar ócáid áirithe. Baineann foirmle faoi leith leis an mbéile: tugtar “apéritif” do na haíonna ag tús an bhéile agus ní mór “digestif” a bheith ann ag a dheireadh; bíonn ar a laghad ceithre chúrsa ann, is iad sin an cúrsa tosaigh, an príomhchúrsa (iasc nó feoil le glasraí), ina dhiaidh sin an cháis agus ar deireadh an mhilseog.
Cuisine atá sainiúil de réir ceantair agus de réir an tséasúir atá i gceist, cuisine atá fréamhaithe i dtraidisiún a théann i bhfad siar, cuisine ina dtagann blasanna éagsúla an bhia le chéile go cuí agus a thugann pléisiúr do na daoine atá ag suí chun boird. D’fhéadfadh an béile dul ar aghaidh an tráthnóna ar fad, daoine ag caint is ag comhrá ar feadh an ama. Mar a deir an seanfhocal i bhFraincis: “Fad is atá blas ar an mbeatha, b’fhearr fanacht ag bord.”
Dar le Claude Fischler, socheolaí a bhfuil leabhar scríofa aige ina ndéanann sé comparáid idir na nósanna itheacháin atá ag daoine sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe, ní hionann an dearcadh atá ag Francaigh agus ag Meiriceánaigh ar bhia. Is ionann ithe don Mheiriceánach (agus don Éireannach, b’fhéidir) agus breosla a chur isteach i gcarr. Samhlaíonn an Francach, ámh, go bhfuil an duine ar nós crainn a bhfuil rútaí dochta curtha sa talamh aige agus siombóis ann idir é féin agus an domhan timpeall air.
De réir thaighde Fischler, ní chuirtear an bhéim chéanna sna Stáit Aontaithe ar an bpléisiúr is ceart do dhuine a bhaint as bheith ag ithe nó as tamall comhluadair a chaitheamh le daoine eile le linn béile is a chuirtear sa Fhrainc. Tá nós ag Meiriceánaigh ithe leo féin, os comhair na teilifíse mar shampla, nó de réir mar a bhuaileann an t-ocras iad in ionad fanacht go dtí go bhfuil an teaghlach bailithe le chéile. Is rud amhrasach é, dar le cuid mhór Francaigh, má bhíonn duine ag ithe ina aonar.
Samhlaigh mar sin an chonspóid a cothaíodh sa Fhrainc nuair a craoladh clár teilifíse ar France Télévisions ar na mallaibh dar teideal, “An bhfuil cócaire sa chistin?” I mbeagán focal, is cosúil go bhfuil nós ann anois i 25 faoin gcéad de bhialanna na tíre go gceannaítear isteach béiltí atá réamhdhéanta, leithéidí “coq au vin” nó “blanquette de veau”, iad reoite nó folúsphacáilte, agus nach gá ach iad a chur san oigheann micreathonnach nó i bpota Bain Marie chun iad a dhíreo nó a théamh.
Idir €3/€4 ar an meán a chosnaíonn an mhias ar úinéir na bialainne má cheannaíonn sé isteach é ach is féidir leis a cheithre nó a chúig oiread an phraghais sin a ghearradh ar a chuid cliant. Ní bhíonn na costais chéanna air toisc nach gá dó an oiread céanna cócairí a fhostú agus is féidir rogha leathan béiltí a bheith ar an mbiachlár. Agus mar bharr ar an donas, ní gá don té atá sa chistin ach ruainne peirsile a chur ar an mbia agus is féidir cócaireacht de dhéantús baile a ghlaoch air. Bon appétit!