An bosca

CROBHINGNE: IS DEACAIR smaoineamh anois lasmuigh den bhosca, agus ní toisc nach bhfuil duine ar bith a bhaineann leas as an …

CROBHINGNE:IS DEACAIR smaoineamh anois lasmuigh den bhosca, agus ní toisc nach bhfuil duine ar bith a bhaineann leas as an gclísé gránna sin ag smaoineamh lasmuigh den bhosca céanna. Is é bosca atá i gceist agamsa ná an ceann sa chúinne, an Balor leathshúileach a bhíonn ag glinniúint amach orainn de shíor is de ghnáth.

Is dícheall dúinn cuimhneamh anois ar thráth nuair nárbh ann dó. Nuair a tháinig an rothar ar dtús b’é an gearrán iarainn é; an traein an carbad miotail; an t-eitleán an t-each eitilte; agus an teileafón an chluas fhada.

“Cuir glao orm ar an gcluais fhada!” adeireadh duine.

“Cuirfead, mura bhfuil an iomad céarach ann,” an freagra coitianta sna háiteanna sin nach raibh an lúidín ag obair go rómhaith iontu.

READ MORE

Tá trácht i mbeathaisnéisí áirithe tuaithe ar chéad theacht an chloig, nó an chéad uair go bhfaca duine spúnóg. Níos sia siar ná sin, cheaptaí go raibh draíocht ag baint leis an leabhar féin, agus tá cuntas béaloidis againn ó Chontae Luimnigh gur iarradh díbirt deamhan i dteach amháin an chéad uair gur ligeadh leabhar isteach ann.

Ní cúrsaí iontais, mar sin, gur chuir teacht na teilifíse leathchéad bliain ó shin sceimhle ar go leor. Is é sin teacht Teilifís Éireann, arb ionann é agus teacht na teilifíse d’fhormhór na tíre. Bhí Fionn agus na Fianna agus na púcaí agus na síofraí agus na síoga agus na lapracháin díbeartha tamall roimhe sin ag an leictreachais, dá bhrí sin, líon an teilifís poll a líonfaí le fodar de shaghas éigin luath nó mall.

Agus abair go raibh go leor fodair ann. Cé go bhféadfaí gach cineál agus gné piseog a chreidiúint sa saol traidisiúnta, is fíor – clocha a bheiriú chun galair a leigheas, súiche a bhreith leat id phóca mar áis shlánaithe, ribí gruaige a chur sa tobar chun an crannchur a bhaint – fós féin bhí rud éigin baoth ag baint le Mr Ed, an capall cainteach. Agus cé nárbh ionann Southfork, Dallas, agus feirm ar bith in Iarthar Mhaigh Eo, ní thagadh daoine ar ais ó na mairbh sa chithfholcadh in Iorras.

Ina dhiaidh sin, d’fhéachtaí ar gach clár siar go dúid agus go deireadh. Bhí draíocht ag baint leis an spota dheireadh oíche sin a théadh i laghad agus i laghad nuair a mhúchtaí an teilifís go dtí gur slogadh isteach i bpoll dubh é ar nós deireadh réalta féin. B’ealaín álainn é an cárta trialach féin a chuirtí suas ar feadh tamaill le taispeáint go raibh Teilifís Éireann agat, seachas stáisiún ar bith eile, bíodh nach raibh aon cheann eile ann. Agus chonacthas sneachta agus ceo ag titim go tiubh i lár na hoíche ar an scáileán seordánach agus tú ag suansiúl timpeall an tí.

Tharla na nithe sin go léir, fadó fadó ar maidin mhoch na teilifíse, roimh theacht an chálsá go hÉirinn, agus sular oscail duine ar bith buidéal den Liebfraumilch ná den Bhean Rialta Bhuí. Bhí tráth ann, nuair a chaithfeadh duine éirí aníos as a tholg féin, gluaiseacht leis cúpla céad míle trasna an urláir, a mhéar a shíneadh amach chun an fhuaim a ardú, nó an stáisiún a athrú (nuair a tharla sin mar rogha). D’imigh meáchan daoine in airde go mór nuair a nocht an cnapaire chun an zap sin a dhéanamh duit gan chos a chorraí.

D’imigh sin agus tháinig seo: dóthain chláracha teilifíse in aon lá amháin ar chúpla míle stáisiún nach bhféadfadh aon duine amháin iad a fheiceáil dá mbeadh aois na Caillí Béarra aige. Dóthain físdioscaí digiteacha nó DVDeanna leis an ngealt scannán is mó buile a shásamh. Dóthain ródhóthanach de shaibhreas físe an domhain ar fáil ach an cnaipe ceart a bhrú.

Bhí an ceart ag Dev, agus ní den chéad uair é. Fórsa chun maitheasa nó chun oilc a bheadh ann, nó lena chur ar shlí eile, áis chun foghlama nó chun bómántachta de réir mar ba rogha. Duine ar bith a chaith tamall i seomra óstáin sna Stáit Aontaithe, mar shampla, agus a bhí i dtaobh le seacht gcineál seachtód faoi sheacht den dramhaíl chéanna, ní chuirfeadh dúnmharú le meaisínghunna uathoibritheach puinn iontais air. D’fhan mé tamall in óstán i Sofia na Bulgáire tar éis titim an bhalla agus muran measa ná cuid na Stát an teilifís, níorbh fhearr; choinnigh mé súil ghéar ar an bhfuinneog le súil is go bhfeicfinn na tancanna ag rolláil isteach anoir.

Chuamar i dtaithí na teilifíse go mear ionas gurb é dícheall na ndaoine a bhí ann ag an tús cuimhneamh anois ar an uain nach raibh ann roimpi. In ainneoin an uile ní, is linne RTÉ, agus is féidir linn í a chiceáil timpeall dúinn féin, is é sin, nuair nach bhfuil ábhar ciceála níos fearr in aice coise.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar