CÚIS BHRÓID dom mar Aire an chéad tréimhse comhairliúcháin leis an bpobal ar an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a fhógairt inniu. Próiseas stairiúil é seo. Seo an chéad uair ó foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil i 1958 go ndéanfar athbhreithniú air.
Caithfear aitheantas ar leith a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin as a ról lárnach stairiúil i dtaobh an Chaighdeáin. Féadfaidh muid a bheith cinnte, a bhuíochas den dúthracht atá caite acu leis an gcúram seo, go bhfuil bunchloch láidir faoin athbhreithniú seo.
Maidir le cúlra agus comhthéacs an athbhreithnithe, is fiú an méid a dúirt mo réamhtheachtaí, An tUasal Éamon Ó Cuív T.D., sa Seanad ar an 10 Márta a thabhairt chun cuimhne:
“Tá sé thar am go ndéanfaí an t-athbhreithniú seo. Tá an teanga ag forbairt agus ag fás níos scioptha ná ariamh, ach is é an leagan céanna den Chaighdeán nach mór atá i bhfeidhm inniu is a bhí nuair a chéadfhoilsíodh é i 1958.
“Tá sé tar éis freastal ar riachtanais na teanga le os cionn leathchéad bliain anuas, ach aithnítear go forleathan gur cheart dúinn tabhairt faoin athbhreithniú seo i gcomhthéacs na bhforbairtí suntasacha sa tír seo agus ag leibhéal na hEorpa le cúpla bliain anuas.”
Tuigim go bhfuil ceisteanna ag daoine faoi scóip an athbhreithnithe. Go deimhin, tuigim an míshásamh atá ann leis an gcaidreamh idir an Caighdeán Oifigiúil agus na canúintí ón lá ar foilsíodh é.
Sa chomhthéacs seo, ní dochar a mheabhrú dúinn féin gur ar mhaithe leis an réimse oifigiúil poiblí a cuireadh an Caighdeán Oifigiúil i dtoll le chéile.
Is fiú féachaint ar réamhrá an Chaighdeáin féin ar an bpointe seo: “….agus comhaontaíodh leis an Roinn Oideachais an leabhrán seo a fhoilsiú mar chaighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne.
“Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n-úsáid.”
Tabhair faoi deara an t-idirdhealú tábhachtach a dhéantar idir caighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla amháin ar láimh amháin agus treoir don phobal ar an láimh eile.
Is é sin, ní raibh sé i gceist riamh go gcuirfeadh pé cinntí a dhéanfaí ar an gCaighdeán cosc ar bith ar leaganacha canúnacha i réimsí eile. Mar sin, ní iomrascáil na gcanúintí atá i gceist leis an athbhreithniú seo.
An caighdeán scríofa amháin don réimse oifigiúil poiblí amháin a bheidh mar ábhar aige – cáipéisí stáit, téacsleabhair, dlí. Beidh an Caighdeán ar fáil mar thacaíocht, mar threoir agus mar uirlis do réimsí foirmiúla eile den dioscúrsa scríofa poiblí, faoi mar a bhí riamh.
Tá Coiste Stiúrtha ceaptha leis an athbhreithniú a dhéanamh. Tagann baill an Choiste ó earnálacha éagsúla den teanga – foclóireacht, téarmaíocht, oideachas, canúintí, dlí, na meáin, aistriúchán, léann. Gabhaim buíochas mór le gach duine a ghlac leis an gcuireadh a bheith páirteach in obair an Choiste Stiúrtha agus guím gach rath orthu.
IS MÓR an dúshlán atá rompu ar fad, ach is mór an deis don teanga agus don phobal é an próiseas seo chomh maith. Tá an teanga labhartha ag athrú agus ag forbairt de shíor.
Is gá dúinn mar sin a chinntiú go mbeidh an Caighdeán scríofa sách cruinn agus sách solúbtha le stádas na teanga a chaomhnú ar láimh amháin agus lena beocht a chothú ar an láimh eile.
Maidir leis an bpróiseas iomlán, déanfaidh an Coiste Stiúrtha fochoistí a cheapadh le féachaint ar réimsí ar leith den Chaighdeán. Réiteoidh na fochoistí sin moltaí faoi na neamhréireanna is mó idir an Caighdeán Oifigiúil, Foclóir Uí Dhónaill agus Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí.
Réiteoidh siad moltaí a dhéanfaidh na ceisteanna seo a shoiléiriú. Cuirfear ar aghaidh chuig an gCoiste Stiúrtha iad. Is ina dhiaidh sin a chuirfear na moltaí ar aghaidh le haghaidh tréimhse comhairliúcháin leis an bpobal. Déanfar cinneadh ar na moltaí ansin.
Cé go bhfuil an tsimplíocht ar cheann de na slata tomhais atá ag an bpróiseas seo, ní hionann sin is a rá gur ísliú stádais a bheidh mar thoradh air don teanga.
Ceisteanna a shoiléiriú an chloch is mó ar an bpaidrín, go háirithe ó tharla nach bhfuil na saineolaithe ar aon intinn go minic faoin gciall is ceart a bhaint as roinnt de na rialacha gramadaí.
Níl aon amhras ach go gcaithfear roghanna áirithe a dhéanamh i gcás na rialacha sin, ar mhaithe le leanúnachas, stádas agus soiléire a chinntiú.
Cinnte, tabharfar aird ar leith ar stair agus ar thraidisiún uasal liteartha na Gaeilge agus an t-athbhreithniú seo ar siúl. Tabharfar aitheantas ar leith do stádas theanga bheo na Gaeltachta chomh maith.
Ach is gá a thuiscint go ndéanfar athruithe ar rialacha an Chaighdeáin san athbhreithniú seo. Tá seans ann go mbeidh rialacha áirithe imithe ar fad agus tá seans ann go gcumfar rialacha nua. Creidim, áfach, má thuigtear scóip agus cur chuige an phróisis seo i gceart, nár cheart do dhaoine a bheith buartha faoi seo.
Creidim gur féidir linn saibhreas iomlán na teanga a fhágáil le hoidhreacht don chéad ghlúin eile ach tarraingt le chéile. Is deis iontach é an próiseas seo agus creidim gur féidir leis an bpobal cur go mór leis.
Tá mé an-sásta mar Aire gur gné lárnach den phróiseas athbhreithnithe a bheidh sna tréimhsí comhairliúcháin leis an bpobal.
Thar aon rud eile, tá sé tábhachtach go dtapódh an pobal an deis seo machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an athbhreithniú.
Áirím anseo ceisteanna gramadaí ar leith agus mórcheisteanna prionsabail araon.
Ar ndóigh, faoi mar a dúirt mo réamhtheachtaí, próiseas orgánach atá i gceist leis an bpróiseas seo, agus beifear ag déanamh athbhreithnithe eile amach anseo.
Tá na moltaí ón gCoiste Stiúrtha, chomh maith le sonraí an Choiste, le fáil ar shuíomh mo Roinne ag www.pobail.ie.
Tugaim cuireadh daoibh, a léitheoirí, páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe seo. Tá mé ag súil go mór leis an toradh a bheidh ar an obair ar fad.
Is é Pat Carey, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta