CROBHINGNE:DEIRTEAR GO mbíonn an cúl báire as a mheabhair, agus an té a loirgeodh an fhianaise, ní bheadh sé deacair le fáil.
Nuair adeirimid “as a mheabhair” tá sin á lua go cineálta, agus mar mheafar do rud éigin eile, nach bhfeadair aon duine cad é. Deirtear é ar an gcuma chéanna is a mhaítear go bhfuil an réiteoir dall agus bodhar, fíoras a bhfuil go leor fianaise á thacú, go háirithe nuair a chailleann d’fhoireann féin.
Ní dócha gur chuaigh sliotar ar bith thar a thrasnán lasnairde ná gur chomharthaigh Davy Fitzgerald le cleitearnach a dhá láimh go raibh sé ar fóraoil. D’éirigh le Dónal Óg Cusack a bheith ina urlabhraí ar son iománaithe Chorcaí nuair a bhí siad fós ina reibiliúnaithe.
Dúirt an Dundalk Democratmar gheall ar Phatrick Kavanagh fadó nuair a bhí sé ar a dhícheall an pheil a choimeád óna eangach féin le hInis nach raibh Caoin "he needs a lot more practice and shows little judgement". Ceaptar gurbh é sin a chuir le filíocht é, agus níorbh é gach dalta scoile a bhí buíoch de as sin suas.
Ní méanar do na cluichí sin nach bhfuil cúl báire acu. Is é an cúl báire a dhéanann cluiche indibhidiúil as geamaireacht choitianta. Is é an cúl báire an t-aon duine amháin a thuigeann cad is brí le “bearna bhaoil” san amhrán náisiúnta. Is é an cúl báire an stáisiún deireanach roimh imeall na faille.
Nuair a bhí Christy Ring in earr a laethanta (má bhí riamh) is amhlaidh go raibh sé ag imirt cluiche dúshláin in aghaidh drochfhoirinne éigin in oirthear an Chláir. De ghlanseansúlacht stop an cúl báire formhór a chuid iarrachtaí. Ar an tslí isteach dóibh, arsa Ringy leis: “Cén fáth a bhfuil mo chuidse iarrachtaí ar fad á stop agat? Tháinig an slua anseo chun mise a fheiscint, agus ní tusa!”
Sa chód eile, gan amhras, tá na samplaí chomh raidhsiúil le hóráid leamh sa Dáil. Bhíodh fear eangaí ag an Rúis (bhuel, an tAontas Sóibhéadach, ar son cruinnis) a raibh Lev Yashin air, a stop breis agus 100 cic éirce, deirtear linn, agus gan bhreab ar bith ar an aer.
Nuair a fiafraíodh de cad é an rún a bhí aige, d’fhreagair sé, gal tobac roimh gach cluiche, agus scailc de bhodca ag sos an leathama.
Dúirt Pat Jennings gur thaitin a réim mar chúl báire go mór leis, ach amháin na cluichí féin.
Dá ainneoin seo, is é a dhein lacha bhacach as an oiread sin de chosa órga.
Agus ansin, bhí David Seaman, a raibh iontas ar thráchtairí go gcoinníodh sé “léine ghlan” in ainneoin a shloinne; agus Andy Gorham a d’imir do Rangers Ghlaschú agus a raibh galar meabhrach air de réir an bhéaloidis, ionas go gcanadh lucht Celtic leis: “There are only two Andy Gorhams!”
Ní bheadh an t-ábhar seo faoi thrácht, gan amhras, ach amháin go ndúirt tráchtaire san Freeman's Journalsa bhliain 1897 maidir le cluiche ina raibh Baile Átha Cliath ag imirt: "The Dublin goalkeeper was playing in the centre of the field, where his presence was not often needed."
Seachtain ón nDomhnach seo caite, bhí gátar le cúl báire Bhaile Átha Cliath i lár na páirce, agus idir na cuaillí, agus ar imeall na dronuilleoige, agus áit ar bith eile a raibh feidhm leis. Ní raibh uair ar bith ba mhó inar fíoraíodh an seanráiteas “Ní cúl báire go cúilín”.
Is cinnte gurbh ann do dhaoine a raibh trua acu do Chiarraí. Ach mar a thuigfeá bhí a bhformhór siúd i dTrá Líorac, agus i gCill Airneáin, agus i gCathair Slíbhín, agus i Lios Tuathalach, agus i nDaingean gan chúis, agus i Snaidhm ar bhundún agus i ngach aon pholl is pluais ina gcaitear an geansaí smugaghlasurlacanbhuí go mórálach – nuair a bhuaitear.
Ach is cinnte, leis, go raibh gach duine in Ladhar a’ Chrónáin, agus i bPoll na gCaorach, agus i nGráig na nGamal, agus i gCom an Aineoil, agus sa Chaincín Cam ar crith ina mbróga nó ina léinte uainesmugairlechaitheamhsuasdhaite nuair a shiúil Stephen Cluxton chun na caide d’fhonn a cur cruinn díreach idir na cuaillí agus craobh eile fós a sciobadh ó bhéal na bua.
Óir, ní raibh duine ar bith sna triúcha thuaidh ná theas a cheap go dteipfeadh air. B’é an cool báire ina chrutaon é.
Dhein Wim Wenders scannán tráth dar teideal The Goalkeeper's Fear of the Penalty. Scáth ná eagla ní raibh roimh an speach seo, ach amháin i gcroí mórtasach maingléiseach na ríochta.
Dá mhéid ár ngean ar Chiarraí, agus tá, dáiríre, ó tá, gan bhréig, chloisfeá na múrtha gáir mhaíte ag soilsiú na spéire ar son gach n-aon a dfhulaing faoina reacht riamh nuair a sheol an cúl báire an chaid san áit ar dual di. Ní dhéanfadh Seamus Darby féin é.