An deighilt uirbeach agus tuaithe

Mórchuid costais agus gannchuid áiseanna atá i gceist le saol na tuaithe rómhinic

Mórchuid costais agus gannchuid áiseanna atá i gceist le saol na tuaithe rómhinic

Tá mé bréan de na hargóintí faoin gcáin maoine nó an cháin áitiúil atá le teacht i bhfeidhm ar an chéad lá d’Iúil. Dála gach uile cháiníocóir eile b’fhearr i bhfad liom gan cánacha breise a íoc ach sa chás seo glacaim leis an ngá atá lena leithéid.

Munar cuireadh rátaí ar ceal ar fad i 1977 bheadh taithí ag an bpobal ar an gcineál seo bille agus b’fhéidir nach mbeadh an Stát sa chiseach ina bhfuil sé.

As seo go ceann cúpla seachtain cloisimid uilig ó na Coimisinéirí Ioncaim faoin mbanda cánach a shíleann siadsan atá i gceist lenár gcuid tithe. Ní mór an meastúchán sin a bheith ciallmhar agus bunaithe mar a dúirt an tAire ar Lá na Cáinfhaisnéise ar luach an mhargaidh.

READ MORE

Muna ndéantar meastúchán stuama treiseoidh go mór ar an bhfeachtas in aghaidh na dtáillí agus ní bheidh an bailiú chomh héasca nó chomh rialta agus a ba mhaith leis an Rialtas nó leis na Coimisinéirí Ioncaim.

An rud is mó a chuireann olc ormsa, áfach, ná an deighilt uirbeach/tuaithe agus an chaoi a bhfuil polaiteoirí cathrach áirithe á cothú.

Chuala mé Teachta Dála de chuid an Rialtais, Olivia Mitchell ó thoghlach Bhaile Átha Cliath Theas, ceann de na ceantracha acmhainneacha i ndeisceart na cathrach a dtugtar bruachbhailte craobhacha orthu, ag ceistiú a raibh beartaithe.

Bhí sí ag déanamh trua de phinsinéir seanaoise a raibh teach dóighiúil aige agus í den tuairim go mbeadh air cáin áitiúil €900 in aghaidh na bliana a íoc, rud a d’fhágfadh gur fiú os cionn leathmhilliún a theach. Níl aige, a dúirt sí, ach an pinsean seanaoise, €230 in aghaidh na seachtaine. Níl aon dabht ach go mbeidh sé deacair ar a leithéid.

An réiteach a bhí aici ná go n-íocfadh lucht na tuaithe cáin níos airde ná lucht na cathrach. An chúis a thug sí air sin ná go mbíonn cánacha na cathrach i gcónaí ag íoc as áiseanna faoin dtuaith.

Má tá teach ag duine faoin dtuaith den mhéid céanna leis an bpinsinéir i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ba cheart go n-íocfadh sé níos mó as ná mar atá beartaithe ag an Aire faoi láthair, dar leis an Teachta Mitchell, agus ba chóir d’fhear Bhaile Átha Cliath níos lú a íoc.

Ghlac sí leis nach raibh na seirbhísí céanna ar fáil faoin dtuaith ach níor luaigh sí ar chor ar bith, fiú agus an tóin tite as an margadh tithíochta go bhfaigheadh fear Bhaile Átha Cliath ceithre nó cúig oiread an praghas a gheobhadh an duine faoin dtuaith.

Tá cónaí orm i bparóiste tuaithe in oirthear Mhaigh Eo. Tá dhá shéipéal agus dhá scoil ann, ionad pobail agus teach tábhairne amháin.

Tá an dá oifig an phoist dúnta, níl siopa, siopa taistil nó stáisiún artola san áit. Ní raibh stáisiún Gardaí ariamh ann ach iad sin a bhí máguaird táthar dúnta nó níl an oiread Gardaí iontu agus a bhíodh agus tá sean agus óg faiteach anois de bharr gadaíocht fhorleathan.

Tá seirbhís dheonach dóiteáin ocht míle uainn, níl leabharlann taistil nó banc taistil ann a thuilleadh agus níl bus nó bealach taistil phoiblí ar bith ann. Tá seirbhís teileafóin againn ach níl an leathanbhanda thar moladh beirte.

Tá a lán seandaoine anseo ina gcónaí leo féin, i dtithe dóighiúla nach mbeidh orthu mórán cáin maoine a íoc orthu, b’fhéidir €225 sa bhliain ar a mhéid .

Cosúil le fear Bhaile Átha Cliath, tá teidlíochtaí eile acu ón Stát ar nós faoisimh sa bhille leictreach agus teileafóin, cabhair bhreise le billí teasa san nGeimhreadh, cártaí leighis agus saorthaisteal.

Beidh fear Bhaile Átha Cliath in ann a phas saorthaistil a úsáid le dul síos an bóthar ar an mbus poiblí chun a phinsean a bhailiú, le dul ag an siopa, ag an dochtúir, ag an leabharlann phoiblí nó an poitigéir, go dtí stáisiún na traenach má theastaíonn sin uaidh.

Níos tábhachtaí fós beidh sé in ann dul ar an mbus chuig rogha de thrí nó de cheithre ospidéal, ionaid barr feabhais ina measc a bhíonn ag plé le hailse agus tinnis thromchúiseacha eile.

Beidh ar an bhfear siar an bóthar uaimse tacsaí a íoc le dul faoi dhéin a phinsin. Cosnóidh sin €10 gach aon bhealach, caithfidh sé a chinntiú go ndéanfaidh sé a chuid siopadóireachta ag an am céanna, nach ndearmadóidh sé tada nó beidh sé ar an ngannchuid ar feadh seachtaine eile muna mbíonn comharsain chineálta in aice láimhe.

I mbliana, mar sin, caithfidh an pinsinéir sin €1,000 le dul faoi dhéin an phinsin agus roinnt siopadóireachta a dhéanamh.

Bíonn ar sheandaoine dul ag an dochtúir go minic, sin €20 eile do gach uile thuras tacsaí agus fiú muna ndéanann sé é sin ach uair sa mhí sin €240 eile in aghaidh na bliana.

Níl ospidéal ar leic an dorais aige, níl ionad ailse sa chontae a thuilleadh gan trácht ar ionad barr feabhais. Le scór bliain nuair a bhí uisce saor in aisce i mBaile Átha Cliath bhí fear na tuaithe ag íoc as agus beidh arís i mbliana, sin €100 eile.

An bhunlíne mar sin, €900 sa chathair agus €1,565 faoin dtuaith. An bhfreagraíonn sin do cheist, a Theachta Mitchell?