An duais

CROBHINGNE: BRAITHIM GO hiontach inniu agus le seachtain anuas

CROBHINGNE:BRAITHIM GO hiontach inniu agus le seachtain anuas. Ní raibh coinne dá laghad agam an Duais Nobel a bhaint amach chomh luath seo im shaol, go háirithe ceann seo na síochána.

Bhí dóchas áirithe go ngnóthóinn ceann na heacnamaíochta nó na fisice uair éigin amach anseo, ach cheapas go mbronntaí duais na síochána orthu siúd amháin a chuir síth agus suaimhneas ina suí.

Is ea, tá’s agam go bhfuair Henry Kissinger é de dheasca go raibh lámh aige sa bhuamáil is tréine riamh i stair an chine dhaonna, ach b’fhéidir toisc gur i dtrátha na Nollag 1972 a bhronn sé na tíolaicí ón aer ar mhuintir Hanoi a shíl na Lochlannaigh gur saghas Santa Claus a bhí ann.

Ina dhiaidh sin, bronnadh ar Bheairic Ó Buama é, leis, cé go raibh roinnt mhaith teaghlach ann ag ithe a ndinnéar go ciúin ina mbotháin chré in áit éigin amuigh ansin i gcríocha de chuid na Pacagafastáine nach bhfuair an t-eolas sin riamh.

READ MORE

Agus ansin bhí Seán McBride, ardcheannaire an IRA agus David Trimble a bhí chomh haclaí sin agus é ag pramsáil anuas Bóthar Gharbh Achaidh.

Ní raibh mé deimhnitheach ar theastaigh uaim a bheith i bhfochair na gcarachtar san, ach ós rud é go bhfuil an duais le bronnadh ar 500 milliún eile nó mar sin, is dócha go maolaíonn sé ar an ngaol, roinnt.

Is é an tochas cinn is measa, áfach, ná cad ina thaobh gur bronnadh ar an Aontas Eorpach é ar son a bhfuil déanta againn chun síochána.

D’fhéadfaí é a bhronnadh ar chúiseanna go leor a bhain le cearta ban, le cothromaíocht oibrithe, le feirmeoirí ramhra, le cúcumbair bhána, ach b’ait leat gur bronnadh ar son síochána é.

Is fíor nár alp agus nár sclamh agus nár scrios an Fhrainc agus an Ghearmáin a chéile ó dheireadh an domhanchogaidh mhóir cheana, ach b’in toisc go raibh siad araon, agus gach mórthír eile de chuid na hilchríche chomh spíonta, chomh fuilthráite, chomh corthachaite nach leomhfaí dul i mbun barbarachta arís go ceann cúpla glúin eile.

Ba chuma an dearg-ghráin chéanna ag an bhFrainc agus ag an nGearmáin chun a chéile i gcúrsaí polaitíochta agus atá acu i gcúrsaí peile, mhairfeadh fós an tsíocháin. Bhí na pobail ró-seaigeáilte le haon rud eile a dhéanamh.

Ní hé nach raibh fonn cogaíochta ar an Eoraip, gan amhras, ach nárbh fhonn cogaíochta chun a chéile é. Seans gurb é sin a bhí in intinn na Lochlannach nuair a shocraigh siad air seo ina seomraí dúnta.

Níl siad féin chomh cleachtaithe ar an mbarbaracht ó chloígh siad sráideánaigh Bhaile Átha Cliath sa bhliain 841, nó gur theip orthu Meiriceá Thuaidh a chloígh faoi Shnotti Knappdhearg in 1001 go cruinn.

Ní maith liom a bheith im pháirtíphúpar ná im chonspóidí cóisire ná im fhrídín fleá, ach ar chúis éigin cuimhním ar na Francaigh shibhialta ag oiliúint an Interahmwe a chuaigh i mbun cinedhíothaithe le fonn in Ruanda lenár linn; agus ar shlad Srebernice inar lig na Dúitsigh do na hEorpaigh chumhachtacha ár a dhéanamh ar na hEorpaigh eile úd a raibh an reiligiún mícheart acu; agus ar Kunduz na Pacafganiaráicisteáine inar tháinig na Gearmánaigh slán, pé ní mar gheall ar an tuairim is 100 (nach cuma?) sibhialach a loisceadh ón aer.

Is ea, leis, tá a fhios agam go bhfuil sé deacair a bheith ag píopaireacht faoi seo i gcónaí.

Bíodh sin mar atá, is maith gur bronnadh Duais Nobel na Síochána ormsa agus oraibhse.

Beimid in ann dul ar fud an tsaoil agus a mhaíomh: “Féach, tá Duais Nobel na Síochána againne” agus é a chaitheamh sa phus ar dhaoine mí-ámharacha ó mhór-ranna eile nár dhein ionsaí de shaghas ar bith ar thíortha as ilchríocha eile riamh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar