Bhí cruinniú boird ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath arú inné. Ar an chlár ag na comhaltaí, bhí cinneadh an Rialtais an Foras a dhílárú go Gaoth Dobhair, Co Dhún na naGall.
D'eisigh an t-eagras ráiteas gonta i ndiaidh an chruinnithe a thug le fios: "Is léir go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge moltaí an Rialtais maidir le dílárú an Fhorais a mheasúnú chun go dtuigfear impleachtaí iomláine an díláraithe d'fheidhmiú éifeachtúil an eagrais i leith a chuid aidhmeanna."
Beagnach coicís ó shin nuair a d'fhógair an Rialtas go raibh an Foras le haistriú go Gaoth Dobhair, d'eisigh an t-eagras ráiteas ina ndúradh: "I gcomhthéacs stádas uathúil Fhoras na Gaeilge mar Chomhlacht Feidhmithe Thuaidh/Theas, agus ag tógáil san áireamh prionsabal na comhchomhairle atá ina bhunchloch fheidhmithe ag an eagras, tá an Foras ag cuardach soiléirithe maidir le stádas chinneadh an Rialtais mar a fógraíodh é.
"Tá Foras na Gaeilge ag cuardach soiléirithe fosta faoi impleachtaí an dílárnaithe dá ról mar cheann de na comhfhorais a bhfuil de dhualgas orthu an Ghaeilge agus an Ultais a chur chuh cinn ar bhonn uile-oileáin."
Níl mórán de dhifear idir port an dá ráiteas ach go bhfuil an ceann is déanaí níos giorra ná an ceann a eisíodh coicís ó shin, is é sin, i ndiaidh an deis a thapú le machnamh a dhéanamh ar a gcás, is lú atá le rá ag an Fhoras faoi impleachtaí an aistrithe ná roimhe.
An cheist a chuirfeá ort féin, cén dóigh a gcuireann sé le "feidhmiú éifeachtúil" an eagrais gan iad bheith ábalta ráiteas ní ba dheimhní ná seo a chur ar fáil. Is é tuairim na coitiantachta san earnáil teanga go gcuirfidh an dílárú seo cos i bpoll san Fhoras mar eagras agus go ndéanfaidh sé dochar mór do chúis na teanga ar bhonn náisiúnta.
Ar an ábhar sin, is doiligh a thuigbheáil cad chuige nár chinn an Foras ar aghaidh a thabhairt ar an ábhar seo agus treoir phoiblí údarásach a thabhairt dá bhfoireann féin agus do na heagrais a mhaoiníonn siad.
Ní i gcónaí a bhí faitíos chomh mór sin orthu - thug siad "masla" ar an ghearradh siar a rinne an Rialtas ar a mbuiséad, gearradh siar a cúitíodh ó shin. Níor ghá caint tintrí den chineál sin an iarraidh seo ach ba ghá freagra a thabhairt ar thoradh an díláraithe.
Mar sin féin, lag agus atá an ráiteas, tuigtear don cholún seo go bhfuil rún ag roinnt daoine san Fhoras dúshlán an Rialtais a thabhairt ar an ábhar nach gcreideann siad go bhfuil an t-údarás acu iad a bhogadh. Creideann siad gur féidir leo a stádas a chosaint de bharr gur bunaíodh an t-eagras faoi chonradh idirnáisiúnta.
Tá tuairimíocht ann go ndéanfaidh an Foras tréan iarrachta tacaíocht a lorg sa Tuaisceart le cur in éadan an aistrithe; rachaidh siad i mbun stocaireachta lena gcás a throid agus tacaíocht a lorg ó pholaiteoirí agus ó ghrúpaí ar bhonn na "comhchomhairle".
Tuigtear don cholún seo go bhfuil an fhoireann den bharúil nach mbeidh oiread agus duine amháin sásta bogadh agus go bhfuil imní mhór ar lucht an Ghúim ach go háirithe faoin aistriú.
Ó bunaíodh an Gúm sna 1920í, is faoi chúram Roinn an Oideachais a bhí siad agus is i mBaile Átha Cliath a bhí siad lonnaithe riamh. Ba mhór an phreab dóibh gur aistríodh chun an Fhorais ar chor ar bith iad agus tá bagairt an díláraithe i ndiaidh cur leis an phreab go mór. Arís, tuigtear nach bhfuil fonn mór ar mhórán daoine imeacht.
Tá imní á léiriú go hinmheánach go gcuirfidh an t-aistriú as d'obair an eagrais ar an bhonn go gcaithfidh siad seirbhís phearsanta a chur ar fáil do lucht na Gaeilge tríd an Stát ar fad. Is deacra go mór a leithéid sin de sheirbhís a sholáthar do dhaoine i gCiarraí, mar shampla, agus iad lonnaithe i nGaoth Dobhair.
Creideann cuid den fhoireann go bhfuil an t-aistriú "míréadúil" agus go gcuirfidh sé crua orthu daoine a earcú sna sainréimsí atá faoina gcúram.
An cheist atá ann anois, an mbeidh an Foras ábalta a gcás a dhéanamh go héifeactach nó an ruaigfear go dtí an Scioból ar an Screabán iad?
- D'fhógair an Foras fosta go raibh caiteachas €2 milliún ceadaithe acu do thograí pobail, oideachais agus ealaíne. Tá an Chultúrlann i nDoire le Stg£600,000 a fháil le hionad ealaíon, cultúir agus fiontair a thógáil; cuirfear €250,000 ar fáil do Fhiontar, DCU, le bunachar náisiúnta téarmaíochta a fhorbairt agus tá Conradh na Gaeilge le €74,372 a fháil le beirt a fhostú le clár oibre a chur i gcrích.
Shocraigh an t-eagras fosta tacaíocht a thabhairt don fheachtas le haitheantas mar theanga oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach; cuirfear aighneacht os comhair an Rialtais ar an cheist.