Tá Príomhfheidhmeannach Chonradh na Gaeilge, Aoife Ní Scolaí, le héirí as a post ag deireadh mhí Feabhra. Is é easpa maoinithe ó Fhoras na Gaeilge "an phríomhchúis" lena himeacht ón eagras, a dúirt sí.
Ag caint leis an cholún seo, dúirt Ní Scolaí dá bhfanfadh sí nach mbeadh inti ach "airíoch, ag cuidiú leis an bhForas an status quo a choinneáil. Ní mian liom é sin a dhéanamh. Níl aon mhuinín agam as Foras na Gaeilge. Ní mise an t-aon duine as na heagraíochtaí Gaeilge atá míshásta leo ach bheadh drogall orthu labhairt amach go poiblí ar chúiseanna maithe a thuigim.
"Tá mé féin imithe as agus tá mise in ann labhairt faoi. Tá meas agam ar dhaoine san Fhoras ach níl innealra an eagrais ag obair mar is ceart."
Dúirt sí go raibh sí míshásta leis an dóigh ar chaith an Foras le tograí an Chonartha sa Scéim Phobail Gaeilge, tograí a fógraíodh an tseachtain seo caite. Thug an Foras le fios don Chonradh roimh an Nollaig go mbeadh deireadh le scéimeanna Conartha; cailleadh ceithre phost dá bharr sin.
Níor thuig sí réasúnú an Fhorais i leith na scéimeanna a diúltaíodh: "An bhfuil aon chiall le deireadh a chur le Togra Luimnigh nó le Port Láirge le Gaeilge? Cé na tograí nár éirigh leo agus cé as iad? An gciallaíonn an infheistíocht a rinne an Foras le blianta anuas gur droch-infheistíocht a bhí ann?
"Cad é plean an Fhorais don tír? Nó an bhfuil aon phlean acu? Cá bhfuil an chothromaíocht? Cá bhfuil an pháirtnéireacht? Níl córas trédhearcach acu féin. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ar phobal na Gaeilge freastal orthu seachas orthu sin freastal ar phobal na Gaeilge."
Ag caint ar na scéimeanna, dúirt sí nárbh "aon ghaisce é d'Fhoras na Gaeilge nár chuir ach 44 iarratasóir as an oileán uilig isteach ar scéim phobail. Cé mhéad acu gur custaiméirí nua iad? Cé mhéad acu a bhí maoinithe cheana ag an Fhoras agus ar gearradh postanna?"
Bhí sí díomách leis an tsuim bheag a fuair an Conradh i mBaile Átha Cliath ón Fhoras faoin scéim phobail: "Is oibrithe deonacha iad seo i gclub an Chonartha atá tar éis athchóiriú a dhéanamh ar an áit agus clár imeachtaí bliana a eagrú chun freastal ar éagsúlacht aoise agus suime. Níl uathu ach tacaíocht agus spreagadh. Ní dhéanfaidh €3,000 thar trí bliana mórán."
Dúirt sí nach raibh sí ag cáineadh grúpa ar bith a fuair airgead; ghuígh sí "gach rath ar gach iarratas ó thuaidh agus ó dheas ... Ach cheisteoinn cothromaíocht an mheasúnaithe. Ceadaíodh scéimeanna ar luach faoi bhun €200,000 ar Bhaile Átha Cliath agus breis is €621,000 ar Dhoire, breis is €812,000 ar Bhéal Feirste. 'Fair play' do Dhoire agus Bhéal Feirste," a dúirt sí.
"Ach céard faoi Phort Láirge, Luimneach agus Cogar i Leitir Ceanainn - trí áit ina mbíodh tograí fuinniúla spreagúla. Dá mbeadh na tuairiscí bliantúla foilsithe ag an bhForas d'fheicfí cén chaoi a bhfuil maoiniú á dháileadh agus cén tograí atá á maoiniú agus an fhís atá ag an bhForas don oileán uile-Éireann."
Bhí cruinnithe rialta aici leis an Fhoras ó thosaigh sí a dh'obair sa Chonradh dhá bhliain ó shin ach mhothaigh sí nach raibh aon dul chun cinn déanta aici le maorlathas an eagrais. Bhí drochthoradh ar an easpa maoinithe, a dúirt sí. Ní bheadh deis ag an Chonradh tabhairt faoi fheachtais teanga "chomh héifeachtach is a d'fhéadfaí".
Luaigh sí an pháirt a d'imir an Conradh san fheachtas ar son stádais oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus ar son Acht na dTeangacha Oifigiúla: "Níor aithin Foras na Gaeilge a raibh ar bun againn agus níor chúitigh siad ár ndúthracht linn.
"Ní bheidh sé d'acmhainn ag an gConradh formhór dár gclár oibre a chur i bhfeidhm de bharr easpa maoinithe. Lorg muid maoiniú speisialta le haghaidh Comhdháil ag Sealbhú Teangacha sa Chóras Oideachais a bhí lena bheith mar chéad chéim de mhórfheachtas eile. Níor ceadaíodh é."
Bhain gonc ar leith le cinnithí an Fhorais sa mhéid is go raibh an Conradh ag brath "go mór ar na trúpaí ar an talamh. Murach iad, ní éireodh chomh maith sin linn agus sinn i mbun feachtais. Baineadh an-úsáid as an ngréasán sin le linn stádas oifigiúil a éileamh don Ghaeilge. Tá an fhís agus an fuinneamh ag an gConradh i gcoitinne tabhairt faoi fheachtas ach tá srian á chur ar ár n-iarrachtaí arís agus arís eile.
"Gan maoiniú mar is ceart bheith againn ní féidir tabhairt faoinár spriocanna. Creidim gur chóir córas luachála bheith ag an bhForas ina n-aithnítear an obair mhaith atá déanta agus an cumas chun níos mó dul chun cinn a dhéanamh."
Rinne sí trácht ar fhiontair agus ar an phráinn a bhain le tacaíocht cheart airgid, á rá gur "tograí forbartha iad seo atá lonnaithe i Luimneach, Ciarraí, an Clár, Baile Locha Riach agus cathair na Gaillimhe agus bunaithe ag coistí pobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair. Is oibrithe deonacha a bhunaigh na tograí agus a chuireann dua orthu féin go minic chun cúrsaí Gaeilge a fheabhsú sna ceantair. Is minic na hoibrithe deonacha seo a bheith i mbun dosaen cúis eile ina gceantair agus tugann siad a scileanna do na tograí pobail - cúrsaí timpeallachta, oideachais, óige, spóirt, srl.
"Le brú agus cúraimí an tsaoil, is beag is féidir a bhaint amach go leanúnach ar obair dheonach amháin. Is mór an difríocht a dhéanann duine nó beirt fostaithe chun tacú leis an obair dheonach ar an talamh.
"An tionchar is nó a bheas ag cinneadh an Fhorais ar scéimeanna ná drochmhisneach a chur ar choistí pobail a bhí uair spreagtha ag fís agus plean áitiúil don Ghaeilge ... Tá postanna imithe agus is droch-chomhartha é dóibh siúd a choinníonn a gcuid postanna. Is cinnte go mbeidh siad ag faire amach le haghaidh postanna in earnáil eile."
Scríobh gach coiste áitiúil chun an Fhorais ag lorg cruinnithe agus dúirt an Foras go mbuailfeadh siad leo. Dúirt Ní Scolaí nach mbeadh sí "ródhóchasach faoi thoradh na gcruinnithe".
Is mór an chaill don Chonradh go bhfuil Aoife Ní Scolaí ag imeacht ach is mó arís an chaill d'earnáil na teanga ar fad go bhfuil duine chomh hóg cumasach léi in ísle brí de bharr a plé leis an Fhoras.
Is é donas an scéil go mb'fhéidir nach bhfuil in imeacht Ní Scolaí ach an tús.