BEOCHEIST:IS MINIC go mbaintear stangadh as daoine ar chéad bhlaiseadh leithéidí Mháirtín Uí Chadhain agus Sheosaimh Mhic Grianna dóibh. Cé go mbreathnaítear ar an scéal is clúití a scríobh Mac Grianna Mo Bhealach Féin, mar thuras spioradálta nó cuardach inmheánach an duine neamhghnáiche seo, cuimsíonn an dírbheathaisnéis sin cuid mhór tráchtaireachta sóisialta fresin.
In Mo Bhealach Féin, luann sé gur fhreastail sé ar chruinniú i gCaerdydd in éineacht le cara leis, imirceach go Sasana arbh as Iamáice dó. Bhí slua mór fear bailithe ag an gcruinniú céanna, grúpa de ghormaigh a bhí ag plé shaoirse an chine ghoirm.
Deir Mac Grianna gur labhair sé ag an gcruinniú sin – caithfidh gur radharc neamhghnách ab ea é sin ag tús an chéid seo caite agus seans maith gurbh é an t-aon fhear den chine geal a bhí i láthair an oíche sin.
Luíonn sé le réasún go mbeadh bá faoi leith ag Éireannach ar nós Mhic Grianna leis na ceisteanna leatroim, saoirse agus athshealbhaithe a pléadh an oíche sin i gCaerdydd. Nach raibh na ceisteanna achrannacha céanna sin go mór i mbéal an phobail in Éirinn ag an am?
B’idéalaí é Mac Grianna. Ba chineál físí é freisin agus is minic a deir sé nár chuir sé suntas ar bith i ndaoine áirithe de bhrí gur bhraith sé nach daoine foirfe a bhí iontu – is é sin le rá go raibh rud éigin ar an chéad amharc nár thaitin leis fúthu.
B’eisceacht é Mac Grianna i measc go leor údar Éireannach a linne: dá mbeadh ísle brí ag teacht air agus é i mbun scríbhneoireachta, mar shampla, níor leasc leis an fhírinne sin a lua sa scéal.
Bhí ardú meanman ar Mhac Grianna ag fágáil an chruinnithe an oíche sin dó. Bhí óráidí inspioráideacha cloiste aige. Bhí tonnta nua an idéalachais ag dul i bhfeidhm air in athuair, bhíodar á scuabadh chun siúil arís.
Luann sé go raibh caint (leathdháiríre) ar airm a thógáil agus dul chun na nIndiacha Thiar le slabhraí an choilíneachais a scriosadh faoi dheireadh.
Ag pointe amháin sa chomhrá luann a chara gorm le Mac Grianna go bhfuil ceannaire nua ag na fir ghorma, fear a dtugtar “Mad” Garvey air. Cé hé an fear gorm leis an sloinne Éireannach (sloinne atá coitianta go maith i dTír Chonaill agus in iarthar na hÉireann mar a a tharlaíonn sé) ar thagair cara Mhic Grianna dó?
Fear thar a bheith idéalach agus fadradharcach ab ea Marcus Garvey Jr, fear a rugadh i St Ann’s Bay, Iamáice, in 1887. Ba shaor cloiche é a athair agus oibrí tís ab ea a mháthair.
Ba iad Marcus Jr. agus a dheirfiúr Indiana an t-aon bheirt as muirear 12 nach bhfuair bás go hóg.
Fear óg fuinniúil a bhí i Marcus agus ghoill an chos ar bolg a rinneadh ar an gcine gorm agus é ag teacht in aois go mór air. B’eisean an chéad fhear gorm a chuir teoiric an Náisiúnachais Ghoirm chun cinn ar bhonn idirnáisiúnta den chéad uair.
B’óráidí iontach é agus bhrúigh sé an ghníomhaíocht Phan-Afracach chun cinn, is é sin, go mbeadh na gluaiseachtaí go léir a bhí ag agóid ar son shaoirse na ndaoine gorma, is cuma cén tír ina raibh siad, ag obair as lámha a chéile.
Bhunaigh sé an Universal Negro Improvement Association, leis, ach an tacaíocht a thug sé don teoiric thar a bheith idéalach sin go mb’fhearr do na gormaigh dá bhfillfidís go léir ar a dtailte dúchais san Afraic a tharraing conspóid agus achrann agus a chruthaigh naimhdeas fiú i measc a mhuintire féin.
Cé go raibh an smaoineamh sin radacach, bhí na húdaráis sna hiarchoilíneachtaí – Meiriceá, an Bhreatain agus Iamáice féin – amhrasach mar gheall ar Garvey mar go raibh sé ag cur smaointe “craiceáilte” in aigne na ndaoine gorma: thuar sé go mbeadh saoirse ag an gcine gorm lá éigin agus go mbeadh siad ar comhchéim leis an gcine geal ar fud an domhain.
Ba é domhandú an Afracachais agus cur chun cinn eacnamaíoch na ndaoine sin ar de bhunadh na hAfraice iad (tar éis a bhfuascailte) príomhchloch na fealsúnachta sin a dtugtar Garveyism air.
Chaithfeadh cumhachtaí coilíneacha na hEorpa saoirse a bhronnadh ar mhuintir na hAfraice agus na críocha sin a fhágáil roimhe sin, ar ndóigh.
Tugtar ómós faoi leith do Marcus Garvey sa lá atá inniu ann i measc daoine geala agus daoine gorma araon.
Fad ba bheo dó, áfach, caitheadh go dona leis agus rinne daoine mugadh magadh dá chuid smaointe agus é ina ógfhear. Dúradh faoi go raibh raibh sé imithe le craobhacha agus b’in an fáth ar baisteadh “Mad” Garvey air.
Cuirimis lipéid ar phrócaí suibhe seachas ar dhaoine.