Tá go leor léirmheasanna scríofa ar leabhair ar an cholún seo le linn na bliana. Níl drogall ar bith orainn, mar sin, an bhliain a chríochnú agus a agairt (uair amháin eile) ar léitheoirí le dul amach agus leabhar Gaeilge a cheannach.
Dá gceannódh gach duine a léann an colún seo nó ceann ar bith de na nuachtáin nó tréimhseacháin Ghaeilge leabhar amháin, bheadh Nollaig shona ag go leor údar. (Cinnte, d'fhéadfaí margaíocht níos fearr a dhéanamh ar leabhair. Is beag foilsitheoir nach gcuirfeadh fáilte roimh bhuiséad ollmhór margaíochta, fógraí rialta ar TG4 agus ar nuachtáin.)
Idir an dá linn, cuireann an colún seo dhá leabhar eile faoi bhur mbráid, Rince ar na Ballaí (Cois Life) le Dermot Somers agus Oidhe Clainne Mumbi (Coiscéim) le Brian Ó Maoileoin.
Baineann leabhar Somers lena chuid eachtraí dreapadóireachta agus taistil ar fud na crunne, é sna hAlpa, sna Himiléithe agus sa Sahára. Beidh aithne ag mórán daoine ar Somers óna chláir theilifíse ar TG4 ach seo an chéad leabhar Gaeilge uaidh.
Ní doiligh an cur chuige difriúil idir an dá mheán a thabhairt faoi deara. Dallann an scáileán an aigne ar bhealach aisteach; feiceann tú an radharc romhat ach ní thuigeann tú i gceart é. Is é an leabhar a chuireann mearbhall ort, a lasann scáileán na samhlaíochta lena chur síos bríomhar ar a bhfuil ag tarlú: "Bhí an oiread smionagair ag titim ar L'Araignée Blanche, mirlíní oighir ag cnagadh ar mo chlogad, nach bhféadfainn breathnú in airde chun bealach a roghnú. Ghreadas i dtreo na hoscailte ba ghaire. Bhí giota de sheanrópa ag gobadh amach as béal na scailpe. Leanas orm in airde de ruathar, é ag cúngú ina shimléar. An rogha mícheart."
Cá hiontas gur duaisleabhar de chuid an Oireachtais é Rince ar na Ballaí agus cá hiontas gur duaisleabhar eile é Oidhe Clainne Mumbi sa chomórtas céanna?
Is dírbheathaisnéis ón Chéinia í an leabhar seo. Peter Karanja de bhunadh na tíre sin a d'inis a scéal le Brian Ó Maoileoin. Tá an t-iomlán tiontaithe go Gaeilge aige agus is fiú an uile fhocal de.
Ní hé amháin go n-éiríonn leis an aistritheoir scéal Karanja a insint ach déanann sé a chuid féin den saothar fosta. Is den Ghaeilge feasta é scéal Karanja.
Fágaimis an focal scoir ag Pádraigín Riggs, moltóir Oireachtais: "Tá blas an-nádúrtha ar an insint - mura mbeadh na hainmneacha pearsanta agus na logainmneacha, ba dhóigh leat gur fear Gaeltachta a bhí ag eachtraí duit! Tá gaisce déanta ag na húdair; tá comaoin curtha acu ar Pheter Karanja agus ar léitheoirí na Gaeilge araon, mar is scéal é seo a shamhlóinn á léamh in aon teanga ar domhan, sa chruth ina bhfuil sé curtha ar fáil."
Ní maith leat leabhair Ghaeilge? Tá siad ró-acadúil, ródháiríre? Níl an ceart agat. Is tú an lúb is laige. Slán!