An maith e an mustar?

Beocheist: Thar tréimhse fhada bliain, mar chuid de dhualgais mo ghairme, bhínn i láthair ag roinnt mhaith imeachtaí nuair a…

Beocheist: Thar tréimhse fhada bliain, mar chuid de dhualgais mo ghairme, bhínn i láthair ag roinnt mhaith imeachtaí nuair a bhíodh daoine ardnósacha ar a ndícheall ag iarraidh an pictiúr dob fhearr díobh féin a léiriú don lucht éisteachta.

Diaidh ar ndiaidh, ba mhó go mór an spéis a bhíodh agam sna gothaí tacair a tharraingidís chucu féin, agus sa gheáitsíocht a bhíodh ar siúl acu, ná sa mhéid a bhíodh le rá acu.

Agus níorbh annamh an cheist á cur agam orm féin, cad a thugann ar dhaoine na gothaí bréige a tharraingt chucu féin ar aon nós?

An é go gceapann siad nach mbeadh meas ag daoine eile orthu dá ndéanfaidís iad féin a iompar mar a chruthaigh Dia iad? Nó an iarracht acu é ar choimpléasc éigin ísleachta atá orthu a cheilt ar an saol mór?

READ MORE

Nó an í an náire atá orthu faoin chine dar díobh iad, faoin saol lenar tógadh iad agus faoin easpa cumais atá orthu féin - an é sin a bhíonn á dtiomáint?

Ar ndóigh, ní hí an chúis an ní is tábhachtaí ach an toradh. Agus chomh fada is a bhain liomsa ba é an toradh a bhí ar a gcuid móiréise ná nach rabhas cinnte an bhféadfainn muinín a chur sna daoine san ar chor ar bith, ó tharla go raibh saol bréige á chaitheamh acu ar aon nós.

Agus, gan amhras, is léir dúinn go maith anois go bhfuil an cur-i-gcéill a chleachtaíonn daoine áirithe ar cheann de na fáthanna is bunúsaí leis an easpa muiníne as a chéile a léiríonn na páirtithe polaitíochta i dtuaisceart na hÉireann an lá atá inniu ann.

Ach filleam orthusan a luaigh mé ar dtús. Bheadh an nós imeachta a tharraingidís chucu féin greannmhar uaireanta agus bheidís ina gcúis gháire agam mura mbeadh siad chomh truamhéileach sin.

Cuimhním ar fhear amháin a bhíodh de shíor á dhearbhú gur de bhunadh plódcheantair chathrach é agus gur tógadh le bochtanas is le hanró é - an méid sin, ar ndóigh, le haird na muintire a dhíriú ar an sárghníomh a dhein sé nuair a rug sé bua ar an olc a bhí san oidhreacht aige. Mar a tharla, bhí aithne agam ar an bhfear áirithe san agus tig liom a rá gur mhór a chuir sé leis an scéal.

A mhalairt a bhíodh ar siúl ag duine eile. Ní thuirsíodh sé sin riamh de bheith á thabhairt le tuiscint dá lucht aitheantais - agus d'aon duine eile a thabharfadh éisteacht dó - gur de mhuintir an rachmais é agus fiú gurbh as a chlann a ainmníodh baile fearainn áirithe. B'shin fear eile go raibh aithne agam ar a chlann agus chomh fada agus dob eol dom ní raibh acu riamh ach ón lámh go dtí an béal. Go deimhin, is cuimhin liom mo dhuine féin ar an meánscoil agus ar éigean bróg ar a chos aige.

Ní hé go bhfuil locht ar bith á chaitheamh agamsa leosan a fhéachann leis an dea-íomhá díobh féin a bhrú chun tosaigh. I ndeireadh na dála, ní nádúrtha ní ná go gcuirfeadh duine an dreach is fearr air féin, ar a thréithe agus ar a chuid imeachtaí. Má tá locht le tógáil in aon chor agam is le saol ár linne atá san á dhéanamh agam, leis na cúinsí a thugann ar dhuine an mhímhacántacht agus an tsaorgacht a tharraingt chuige le súil go mbeidh san ina chabhair dó maidir le dul-ar-aghaidh a dhéanamh agus le hionad fónta a ghearradh amach dó féin sa domhan ábhartha éadrócaireach ina mairimid.

Sé donas an scéil, ar ndóigh, ná an té a roghnaíonn an bóthar san le taisteal ní foláir dó leanúint leis; ní bheidh caoi aige teacht ar a mhalairt aigne ar eagla go mbeidh sé ina cheap magaidh nó - níos measa fós - ina ábhar cúisithe acusan ar mhian leis a ndea-thuairim ina leith féin a chothú. Agus mar sin ní mór dó feidhm a bhaint as gach cleachtadh agus as gach áis - cibé olc maith iad - chun an saol tacair a chruthaigh sé dó féin a chosaint agus a choimeád slán.

Agus, gan amhras, gabhann costas lena leithéid sin de riachtanas agus ní hannamh tuairisc sna nuachtáin faoin toradh trom tragóideach a bhíonn air go minic.

Ná ní ar an aonarán amháin a luíonn an t-ualach san, ach ar an bpobal i gcoitinne, im thuairim féin ar aon chuma. Feictear domsa gurb as an chineál san iompair a eascraíonn méid nach beag den olc atá le fulaingt againn ar na saolta seo - an tsaint, mar shampla, an leithleachas, an bhréagadóireacht agus an éagóir, gan dul pioc níos doimhne sa scéal.