An té a léann leabhar nua Liam Mhic Cóil - Nótaí Ón Lár - ní fada go mbíonn sé ag machnamh faoina bhfuil ar siúl aige. Tá "nótaí" intuigthe go maith ach "ón lár"? Údar Gaeilge ag scríobh ón lár? Cad é atá i gceist ag Mac Cóil?
Dialann an freagra simplí ar an cheist. Chuir an iris An Aimsir Óg cuireadh air sleachta dialainne a scríobh le ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge sa bhliain 2000. Tá na sleachta sin agus tuilleadh anois foilsithe mar leabhar.
Ar ndóigh, tá aithne ag daoine ar Mhac Cóil as a chuid úrscéalta agus, ní nach ionadh, tá páirt lárnach ag an litríocht sa dialann seo. Cuireann Mac Cóil síos ar Ó Cadhain agus ar údair eile, ar nós an scríbhneora Ghearmánaigh, Thomas Mann.
Ó tharla gur nótaí atá i gceist leis an dialann, ní doiligh don léitheoir snámh i sruth smaointe Mhic Cóil. Is cróga an cinneadh a thóg sé a leithéid a fhoilsiú nó cé go bhfuil taithí inteacht ag an phobal léitheoireachta ar dhialanna a léamh i ndiaidh bhás a n-údar, níl an taithí chéanna acu le húdar bheith ag déanamh a anama agus é beo ar fad.
Is mór idir ficsean - an scríbhneoir á cheilt féin ina chuid carachtar - agus cur síos lom macánta ar a smaoiníonn sé i ndáiríre faoi imeachtaí a linne.
Tá sé de bhua ag an dialann seo go n-éiríonn le Mac Cóil ábhar a chur ar fáil atá spéisiúil ach nach bhfuil faoistiniúil. Ní gníomh dóláis atá anseo againn ach gníomh dóchais. Amharc, mar shampla, agus é ag caint ar ról na scríbhneoireachta i gcur chun cinn an chultúir: "Tá thart ar 500 duine ann a léann mo chuid leabhar. Cheapfainn go bhfuil an chuid is mó acu grinn agus géar agus tuisceanach. Níl sé níos éasca don scríbhneoir scríobh do lucht léite mar sin - a mhalairt."
"Pribhléid" a thugann sé ar an deis a bhíonn ag scríbhneoir scríobh dá phobal.
Agus amharc mar a chasann Mac Cóil téarmaí seanchaite droim ar ais agus baineann brí nua as seanargóintí meirgeacha: "Ní "troid" is túisce ba cheart dúinn a dhéanamh chun í (an Ghaeilge) a choinneáil á labhairt. Meafar míleata é troid atá chomh míthairbheach céanna leis an meafar bitheolaíoch agus leis an meafar meitéareolaíoch. Ní hea. Is éard a theastaíonn beartú agus pleanáil, agus labhairt agus gníomhú, agus greim a fháil ar chumhacht dár gcuid féin agus seilbh a fháil ar acmhainní dár gcuid féin. Is éard a theastaíonn dóchas, muinín, agus grá. Is ea, agus smaoineamh, samhlaíocht, agus scríobh."
Is mór le Mac Cóil smaointe. Téann sé ar a lorg, téann sé a shúgradh leo. Seo é ag cur síos ar an cheangal idir an teanga agus cúrsaí náisiúnachais: "Nuair a theastaigh anailís fhuarchúiseach chruinn uainn céard a fuaireamar ón idé-eolaíocht náisiúnaíoch ach racht caointe is fáistine gan fuaimint, tuairimíocht chráite nach raibh de bhonn leis ach mothúcháin rómánsacha agus lionn dubh meitifisiciúil arb í an idé-eolaíocht féin a ghin é. Nuair a theastaigh uainn arán intinne a choinneodh beo muid agus a chothódh an mian atá ionainn an Ghaeilge a choinneáil á labhairt mar theanga phobail is mar theanga scríbhneoireachta agus léitheoireachta, céard a shín an náisiúnachas chugainn ach clocha an éadóchais agus na cloíteachta aigne."
Ní bheidh gach aon duine tógtha le gach smaoineamh dá chuid ach, ar a laghad, tá nótaí Mhic Cóil ag cur "arán intinne" ar fáil. Itheadh sibh.
- Nótaí Ón Lár: Dialann Mhantach le Liam Mac Cóil. Leabhar Breac a d'fhoilsigh, E8.40 a luach.