‘An seans is fearr’

IS Í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “an seans is fearr againn” beart fónta a dhéanamh ar son na teanga agus a chinntiú go…

IS Í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “an seans is fearr againn” beart fónta a dhéanamh ar son na teanga agus a chinntiú go dtiocfaidh sí slán mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga labhartha ar fud na tíre, a dúirt an tAire Gnóthaí Pobail Comhionnanais agus Gaeltachta, Pat Carey.

In agallamh leis an gcolún seo, dúirt Aire nua na Gaeltachta go raibh súil aige go mbeadh an dréacht deireanach den straitéis 20 bliain foilsithe roimh shos Dála an tsamhraidh i mí Iúil.

Tá go dtí deireadh na míosa seo chugainn ag fochoiste den Choiste Oireachtais Um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun tuarascáil a chur le chéile bunaithe ar an bplé a deineadh ar an dréachtstraitéis ag cruinnithe speisialta den choiste le breis agus dhá mhí anuas. Cuirfear moltaí an choiste faoi bhráid Carey agus an Rialtais.

Dúirt Carey go raibh obair mhaith déanta ag an gcoiste ach go mbeadh gá leis an gcur chuige aontaithe céanna amach anseo le cinntiú go n-éireodh leis an straitéis: “Tá sé an-tábhachtach domsa go mbeidh tacaíocht traspháirtí ag an straitéis agus go mbeidh gach páirtí ag tacú lena chur chun cinn.”

READ MORE

Maidir le ceist na Gaeltachta agus an imní atá léirithe ag saineolaithe áirithe nach bhfuil dóthain sa dréachtstraitéis chun freastal ar riachtanais ar leith na gceantar sin ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga phobail, dúirt Carey nár chóir aon imní bheith orthu:

“Tá seans againn leis an straitéis seo dearcadh dearfach don Ghaeilge a thógáil ar fud na tíre agus úsáid na Gaeilge a leathnú ach beidh an Ghaeltacht mar chuid lárnach de sin agus tabharfaimid gach tacaíocht agus gach cabhair don Ghaeltacht.”

Dúirt Carey, a fuair ardú céime ón Taoiseach Brian Cowen an tseachtain seo caite, go raibh forbairt na Gaeilge ar fud na tíre ag brath ar shlánú na Gaeltachta agus go raibh slánú na Gaeltachta ag brath ar fhorbairt na teanga i measc an phobail: “Dúshlán mór atá ann cinnte ach má bhíonn an tacaíocht ann ó gach páirtí eile agus ón bpobal beimid ábalta an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bhaint amach.”

Mhol Carey an obair a rinne a réamhtheachtaí Éamon Ó Cuív: “D’fhág sé a rian cinnte ar obair na Roinne agus mar a deir an Béarla; “He’ll be a hard act to follow.” Ach as seo go ceann dhá bhliain go leith caithfidh mise m’fhuinneamh ar fad ag tógáil ar an obair sin.”