THARLA GO raibh mé i Muineachán ag an deireadh seachtaine agus chonaic fógra i nGaeilge i siopa beag ag agairt le daoine a gcuid siopadóireachta a dhéanamh go háitiúil; ba é “an siopa áitiúil an siopa is fearr” de réir an fhógra.
Achainí chun tírghrá a bhí ann agus cluas bhodhar a bhí mórán daoine ag tabhairt di. Ar an drochuair, ba léir gur chreid daoine nárbh é an siopa áitiúil an ceann ba shaoire nó bhí an baile bánaithe.
Is ar éigean go raibh siopadóirí le feiceáil ar an tsráid agus ba mhó de lucht freastail sna siopaí ná custaiméirí féin. Samhlaigh radharc as Western TG4 agus gan ar an tsráid ach an fear dlí agus na drochbhuachaillí um nóin agus beidh buille faoi thuairim agat cad é mar a bhí.
Ba léir go raibh mórán de mhuintir Mhuineacháin imithe ó thuaidh go hionaid shiopadóireachta Ard Mhacha lena gcuid a cheannach.
Is minic a fheicim a gcuid carranna thart ar na siopaí i mo dhúiche féin ach níor thuig mé go dtí gur shiúil mé sráideanna Mhuineacháin a laghad gnó agus a bhí ar siúl ar an bhaile.
Bhí go leor siopaí druidte nó folamh agus ba léir ar na cinn a bhí ar oscailt nach mbeadh na húinéirí ag déanamh a saibhris go luath.
Ar ndóigh, bhí míbhuntáiste faoi leith ag na siopaí beaga áitiúla i gcomparáid leis na hollmhargaí móra – ba chuma le Tescos airgead mhuintir Mhuineacháin a thógáil i Muineachán féin nó 20 míle ar shiúl ar an taobh thuaidh den Teorainn. Bhí siad lena gcuid airgid a fháil ar bhealach amháin nó eile.
Ach an siopa áitiúil? An ceann is fearr? Ag saothrú an bháis a bhí siad ar fhianaise an tráthnóna sin.
Cad é a dhéanfaimid feasta gan airgead?