An Stat agus an Naisiun

Beocheist: Seo ceist a spreagadh i m'intinn le déanaí - ar tharla Éirí Amach na Cásca róluath? Dhá leabhar atá ar an tseilf …

Beocheist: Seo ceist a spreagadh i m'intinn le déanaí - ar tharla Éirí Amach na Cásca róluath? Dhá leabhar atá ar an tseilf agam, gur léigh mé cheana iad ach gur ghlacas chugam arís iad, a chuir ag machnamh mar sin mé.

Ceann amháin díobh dob ea The Splendid Years, le Máire Nic Shiubhlaigh, a bhí ina banaisteoir, ina ball de "Inghinidhe na hÉireann" (mar a litrítí an uair sin é) agus ar an ngarastún i Monarcha Jacobs i rith Sheachtain na Cásca. Agus an dara leabhar ná The Years Flew By le Sydney Gifford Czira.

Ba de bhunadh aontachtach í Sydney, ach tháinig baill óga na clainne go mór faoi anáil an náisiúnachais agus mar a tharla phós beirt de na cailíní óglaigh a lámhadh nuair a bhí an troid thart - phós Gráinne (Grace) Seosamh Pluincéad i gcarcar Chill Mhaighneann an oíche sarar cuireadh chun báis é agus phós deirféar eile léi Tomás Mac Donnchadha (bhí siadsan pósta sarar tharla an tÉirí Amach in aon chor.)

Bhí Sydney féin ina hiriseoir ina dhiaidh sin agus scríobhadh sí faoin ainm cleite "John Brennan" ar an gcúis, mar a mhínigh sí féin uair amháin, gur dhóigh léi gur thúisce a ghlacfaí lena mbeadh le rá aici dá mbeadh ainm breá láidir leis.

READ MORE

Ach ní chuig an bheirt údar per se atá mé anois, ach chuig an chuntas a thugann siad araon ar an saol a bhí á chaitheamh ag na daoine óga a bhí páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta i gcathair Átha Cliath ag an am (agus gan amhras a bhí á chaitheamh chomh maith céanna ag ógánaigh dá sórt in áiteanna eile tríd an tír).

Ní foláir nó gurbh spreagúil an ní é bheith beo an uair sin - úrspiorad na féinmhuiníne san aer agus misneach nua ag borradh sna croíthe óga tréana; an teanga á múineadh d'aonghnó le go labharfaí í (murab is an lá atá inniu ann?); rincí dúchasacha á múineadh agus á gcleachtadh; cluichí peile agus iománaíochta á n-imirt go fairsing; drámaí á léiriú; agóidí á n-eagrú faoi seo siúd agus eile; bolscaireacht de gach saghas ar siúl gan staonadh agus na hógánaigh á spreagadh le cúl a thabhairt leis an nGalldachas agus casadh ar a raibh acu féin mar oidhreacht óna sinsear.

An chéad rud a bhuail orm nuair a léigh mé faoi na himeachtaí sin go léir ná gurbh ait nach bhfaca na húdaráis an baol a bhí ann agus nár fhéach siad le cos a bhualadh ar a raibh ar siúl.

Ar ndóigh, is dócha go bhfaca freisin is gur dhein siad gach iarracht, ach gur mhó go mór ná an lámh láidir ba ghá leis an tine áirithe sin a mhúchadh. Réabhlóid a bhí ar siúl, fíor-réabhlóid, agus is í mo thuairim féin ná dá leanfaí di gurbh éagsúil i bhfad é an saol a bheadh againn in Éirinn ar ball.

Ach b'ansan a tháinig an tÉirí Amach; bhí sé le teacht, cuma cad eile a tharlódh; ba í seo uair na faille, nuair a bhí an Bhreatain sáite i gcogadh thar lear agus í ar a glúine nach mór.

Agus de thoradh an chatha agus ar tharla ina dhiaidh sin ba le bunú an Stáit nua, lena bhuanú agus lena neartú, a bhí dícheall na muintire le caitheamh as sin amach.

I bhfocail eile, dar liomsa, ba thábhachtaí é an Stát ná an Náisiún feasta.

Ceart, deineadh iarrachtaí ar anam an Náisiúin a chosaint, ar an teanga a athbheochan agus a fhorbairt, ar ár dtraidisiúin a choimeád slán, ach deineadh sin i gcónaí ar an mbonn go gcaithfí leas an Stáit a chur san áireamh sara ndéanfaí aon rud eile.

Ar ndóigh, tá sé ag dul ar 100 bliain anois ó tharla an tÉirí Amach agus ní hionann é dearcadh na ndaoine inniu agus a ndearcadh an t-am san.

B'aislingeach an aois í sin agus bhí daoine sásta gach íobairt a dhéanamh ar mhaithe leis an aisling a thabhairt i gcrích.

Cé a shamhlódh an uair úd an meath a bhféadfadh a theacht ar anam agus ar spiorad ár muintire? Cé a cheapfadh go dtiocfadh an uair nuair nach mbeadh an aisling beo a thuilleadh agus ina háit go mbeadh an t-ábharachas agus an leithleas agus an fháilte roimh gach drochthionchar a thiocfadh chugainn thar Muir Mheann agus thar an Atlantach anall?

Níl anseo agam, ar ndóigh, ach an tuairimíocht phearsanta faoi cén toradh a d'fhéadfadh a bheith ar Chogadh na Saoirse dá mba rud é nár tosaíodh ar an gcath go dtí go raibh planda an náisiúnachais préamhaithe go daingean, ní hamháin ina gcroíthe san a bhí páirteach sa ghluaiseacht sna blianta spreagúla sin ach chomh maith céanna iontusan a bhí faoi thionchar Gall go fóill.

Nó, lena chur ar bhealach eile, go dtí go rabhamar ullamh mar Náisiún leis an gcath a chur.

Bíodh an ceart nó a mhalairt agam, is mór is fiú do dhuine an dá leabhar úd a léamh.