An tAlderman as an ardchathair

BEOCHEIST: Fuair mé leabhar beathaisnéise mar bhronntanas i mbliana agus bhain mé an-sásamh as

BEOCHEIST:Fuair mé leabhar beathaisnéise mar bhronntanas i mbliana agus bhain mé an-sásamh as. Thug sé mórán eolais dom faoi chúrsaí chathair Bhaile Átha Cliath ag tús an 20ú haois, eolas de chineál a d'fhéadfadh a bheith ón gcliabhán ag an duine a rugadh agus a tógadh sa phríomhchathair agus an duine ón tuaith dall ar fad air.

Leabhar maiseach toirtiúil i mBéarla é le mórán léaráidí agus grianghrafanna suimiúla The Alderman, Alderman Tom Kelly (1868 - 1942) and Dublin Corporation le Sheila Carden, gar-iníon de chuid Kelly. Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath a d'fhoilsigh.

In 1882 bhí cónaí ar mhuintir Kelly i seomra amháin i bplódteach de chuid Carey ('The Informer') a toghadh ina chomhairleoir cathrach an bhliain sin. D'fhreastail Tom Kelly ar Scoil na mBráithre Críostaí i Rae an Iarthair, an scoil ar ar fhreastail na deartháracha Mac Piarais.

Tógáil náisiúnaíoch a fuair sé. Bhí sé i láthair ag adhlacadh Parnell in 1891 agus in 1897 toghadh ina rúnaí é ar an Amnesty Association a bhí ag iarraidh fuascailt na bpríosúnach polaitíochta Éireannach as príosúin i Sasana.

READ MORE

An bhliain sin thug sé féin agus compánach cuairt oifigiúil i bpríosún Portland ar Thomás Ó Cléirigh, duine de shínitheoirí Fhorógra na Cásca 1916.

Le teacht i bhfeidhm an Acht um Rialtas Áitiúil (1898) toghadh Tom Kelly ina chomhairleoir cathrach. As sin amach thug sé a dhícheall don phríomhchathair, do chúrsaí leabharlainne, ceoil agus ealaíon.

Bhí baint mhór aige le Hugh Lane agus Dánlann na Cathrach, institiúid atá anois ar Chearnóg Parnell agus taispeántas speisialta inti faoi láthair i gcomóradh na chéad dánlainne a osclaíodh i 1908 ar Shráid Fhearchair.

Ba é Kelly an cathaoirleach ag ócáid na hoscailte. Freisin, i 1908, ba é cathaoirleach an choiste bardais a fuair suíomh do Leabharlann na Cathrach atá anois i Sráid an Phiarsaigh.

I réimse eile bhí sé ina rúnaí in 1901 ar an Dublin Workmen's Industrial Association a chothaigh tionscail dúchasacha. Faoi 1910 bhí sé ina chisteoir ar Bhanc Shinn Féin nuair a osclaíodh é i 6 Sráid Fhearchair mar a bhfuil ceannáras Chonradh na Gaeilge inniu.

Cé nár ghlac Kelly páirt ghníomhach in Éirí Amach 1916 gabhadh é féin agus a mhac, Isaac, ach saoradh an bheirt gan chúisiú. Toghadh ina Theachta Dála do Shinn Féin é agus gabhadh arís é. Ar 30ú Eanáir 1920 agus é i bpríosún Wormwood Scrubs toghadh Kelly d'aon ghuth mar Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath.

Ar 4ú Feabhra seoladh cuireadh ó uimhir 10 Sráid Downing, Londain, chuig Thomas Kelly, MP, ó phríomhaire na Breataine:

"Sir, On Tuesday February 10 1920 His Majesty will open Parliament in Person. An address will be moved and seconded in answer to the Gracious Speech from the Throne. I hope you may find it convenient to be in your place, Yours faithfully, D. Lloyd George."

Rinneadh spórt mór den chuireadh sna nuachtáin.

Maireann clú Kelly go háirithe mar gheall ar an obair a rinne sé ar feadh a shaoil phoiblí chun tithíocht bhardais a sholáthar. Inniu cloistear na téarmaí "affordable housing" agus "social housing". Ba é "housing of the working classes" an téarma a bhí i réim 100 bliain ó shin. Is suimiúil gur bunaíodh The Housing and Town Planning Association of Ireland i 1911 de bharr taispeántais ar phleanáil tithíochta a eagraíodh an bhliain sin.

Ba bharrúil mar a bhí an bardas ag cur brú ar rialtas na Breataine chun maoiniú a dhéanamh ar thithíocht shaor toisc dhílseacht phobal Bhaile Átha Cliath don impireacht, fad a bhí saoirse agus neamhspleáchas na hÉireann á lorg ón impireacht chéanna le forneart agus le treallchogaíocht.

Ainneoin an Chogaidh Mhóir agus Chogadh na Saoirse bhrúigh an bardas ar aghaidh le scéimeanna tithíochta i lár na cathrach agus ar an imeall. Aisteach go leor, scor an rialtas an bardas i 1924 de bharr caimiléireachta maidir le tithíocht a cuireadh i leith roinnt comhairleoirí. Sa leabhar spéisiúil seo luaitear cúiseanna éile, cúiseanna polaitíochta, a bheith taobh thiar den chinneadh a d'fhág an phríomhchathair gan bardas go dtí 1930.

D'oscail Thomas Kelly siopa beag leabhar i 1920 agus bhí sé ina leabharlannaí ag an Dáil idir 1921 agus 1924. Toghadh arís ar an bhardas é i 1930 agus bhí sé ina chathaoirleach ar an choiste tithíochta agus ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Dhánlann na Cathrach. Freisin, ba é chéad uachtarán an Old Dublin Society é.

Seoid phoiblí de leabhar a thuilleann aird an phobail.