TUARASCÁIL:IS IN ÓSTÁN Bhaile an Róistigh ar imeall Chorcaí a bhí formhór imeachtaí Oireachtas na bliana seo ar siúl. B'fhurasta don té a shiúlfadh isteach ann a shamhailt go raibh "Éire na Gaeilge" donar thagair Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, agus an tOireachtas á sheoladh aici, beo go fóill.
Bhí na sluaite ann, ó Bhaile an Chaistil i dtuaisceart Aontroma go dtí An Mhuiríoch i gCiarraí. Bhí siad ann fosta ó Albain, ón Pholainn, ó Cheanada agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó fhorhalla an óstáin agus ó chomórtais éagsúla agus bhí scáileán mór teilifíse ag TG4 ar a bhféadfadh daoine féachaint ar na comórtais rince ar an sean-nós nó ar chomórtas Chorn Uí Riada, a craoladh beo ar TG4 den chéad uair riamh.
Thar aon rud eile ba dhíol suntais líon na ndaoine óga a bhí i láthair. Is dóibh go háirithe a eagraíodh seó grinn Des Bishop san Opera House oíche Shathairn. D'admhaigh Bishop féin ina dhiaidh go raibh sé dian air leanúint ar aghaidh ar feadh uair go leith i dteanga nach raibh sé go hiomlán ar a chompord léi ach bhí an lucht éisteachta thar a bheith sásta leis.
Ach is sna comórtais amhránaíochta ar an sean-nós is mó a thabharfá suntas do na daoine óga agus don athrú atá tagtha ar mheánaois na n-iomaitheoirí le blianta beaga anuas. Is eisceacht anois an t-iomaitheoir atá os cionn 50 bliain d'aois. Conallach óg, Doiminic Mac Giolla Bhríde, a rinne staidéar ar an cheol in Ollscoil Chorcaí agus a bhfuil sárobair ar siúl aige chun an ceol a chur chun cinn ina cheantar féin, Gaoth Dobhair, a bhain an chéad duais i gcomórtas na bhfear Dé hAoine. Bean óg ón Indreabhán, Caitlín Ní Chualáin, a bhfuil a glór le cloisteáil ar dhlúthdhioscaí do pháistí a rug léi an duais i gcomórtas na mban.
Is ag críochnú céim dochtúireachta i gColáiste na hOllscoile, Bhaile Átha Cliath, atá Ciarán Ó Con Cheanainn a rug leis an phríomhdhuais i gComórtas Chorn Uí Riada.
Is é Comórtas Chorn Uí Riada buaicphointe an Oireachtais. Bhí conspóid ann níos luaithe i mbliana nuair a chinn Coiste an Oireachtais cead a thabhairt do TG4 é a chraoladh beo ar an teilifís. Go dtí i mbliana is ar Raidió na Gaeltachta amháin a craoladh an comórtas agus ní áibhéil a rá murach an obair a chuir RnaG isteach ina fhorbairt nach mbeadh an tóir chéanna ar an sean-nós agus atá. Bhíothas a rá go gcuirfeadh na ceamaraí agus sceideal ama na teilifíse isteach ar na hiomaitheoirí. Níor léir oíche Shathairn gur chuir.
Bhí cuma chomh socair sin ar gach duine den naonúr déag a shiúil amach ar an stáitse go sílfeá gur sa chistin sa bhaile a bhí siad. Ba léir ón liúireach agus an bualadh bos a rinneadh nuair a bhronn Seán Mac Fhlannchadha, príomhfheidhmeannach an nuachtáin Foinse, a bhí ag tabhairt urraíochta don chomórtas, na duaiseanna ar na buaiteoirí go raibh an slua mór a bhí i láthair, breis agus 600 duine, sásta le breith na moltóirí.
Ciarán Ó Con Cheanainn, An Spidéal, sa chéad áit, Máire Ní Cheileachair, Corcaigh, sa dara háit agus Stíofán Ó Cualáin, Leitir Mealláin, sa tríú háit.
Ach ní mór an chéist a chur má leantar le craoladh na gcomórtas amhránaíochta ar an teilifís an mbeifear, de réir a chéile, ag cur níos mó béime ar chuma agus ar fheisteas agus fiú ar aois na n-iomaitheoirí ná ar cháilíocht na bhfuaimeanna óna mbéal?
Agus ceist eile an bhfuil sé ceart iarraidh ar mholtóirí, nach bhfuil chomh hóg sin, suí ar feadh ceithre uair an chloig, mar a rinne siad Dé hAoine, gan sos ar bith a thabhairt dóibh?
An Béarla sa Phost
CÓID PHOIST atá bunaithe ar an chóras Sasanach agus ar leaganacha Béarla de na logainmneacha atá beartaithe ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha a chur i bhfeidhm sa Stát seo a dúirt an Dr Donnchadh Ó Corráin.
Bhí sé ag caint ar sheimineár a d'eagraigh Conradh na Gaeilge ag an Oireachtas chun tús a chur le feachtas chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí i saol an phobail. "Níor cheart i dtír dhátheangach códuimhreacha a bhunú ar logainmneacha Béarla," a dúirt an cainteoir. Ach, más fíor dó, cóid phoist le meascán de litreacha agus uimhreacha atá beartaithe ag an Roinn don Stát seo. Mar shampla, seasfaidh GLY234 do áit éigin i nGaillimh.
I dtíortha eile ina bhfuil níos mó na teanga amháin á labhairt cóid phoist le huimhreacha amháin a bhíonn ann. Bíonn cead ag duine an seoladh a scríobh i cibé teanga is rogha leis mar bíonn an t-eolas ar fad a theastaíonn chun an post a sheachadadh sna huimhreacha.
Ach in ionad leas a bhaint as an nuatheicneolaíocht chun an dátheangachas a chur chun cinn tá An Post á húsáid mar leithscéal chun Béarla amháin a chur i réim.
Éire agus Alba
IS MINIC ráite gur aon phobal amháin iad Gaeil na hAlban agus na hÉireann ach níos minice ná a mhalairt is é an Béarla an meán cumarsáide eatarthu nuair a thagann siad le chéile.
Ag an Oireachtas i mbliana d'eagraigh Meiriceánach atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, Risteárd Dónal Mac Aodha, seimineár chun a thaispeáint gur féidir le Gaeil na hÉireann agus na hAlban a chéile a thuiscint gan dul i muinín an Bhéarla.
Thug an tAlbanach Ailean Domhnallach caint i nGàidhlig ar roinnt amhrán a bhain leis an Phrionsa Séarlas agus cath Chúil Lodair. Is é Seán Clárach Mac Domhnaill agus an dá amhrán Sheacaibíteacha a chum sé, bliain chath Chúil Lodair, a bhí faoi chaibidil ag Éamonn Ó hÓgáin.
Bhí an tOllamh Máire Ní Annracháin ann chun an Ghàidhlig a mhíniú agus bhí príomhphointí an dá chaint le feiceáil ar scáileán. Is iontach an nasc é an ceol agus ní amháin go raibh ar chumas an Domhnallaigh na hamhráin a bhí aige a chanadh ach rinne sé é féin a thionlacan ar an phíb chomh maith. Agus chríochnaigh an seisiún leis an slua ar fad ag canadh Mo Ghile Mear.
Má leantar leis an nós seo ag an Oireachtas cá bhfios nach mbeidh Gaeil na hAlban ag cur isteach ar na comórtais amach anseo.
Brathadóirí TG4
CUIRFEAR TÚS san oíche amárach le sraith sé chlár, Brathadóirí, ina dtugtar léargas ar an úsáid a bhain seirbhísí faisnéise na Breataine agus na hÉireann as brathadóirí le linn na dTrioblóidí chun an IRA agus an INLA a throid.
Sna luath-1990í a d'íoc MI5 beagnach leathmhilliún punt le brathadóir chun baill den IRA a mhealladh isteach i ngaiste. Is é is ábhar don chéad chlár sa tsraith "Tríocha Píosa Airgid" a bheidh le feiceáil amárach ar TG4 ag 10.15pm agus arís Dé Luain ag 11.25pm. Léiriú de chuid Scun Scan is ea Brathadóirí agus is é Dónall Ó Maolfabhail a léirigh agus a stiúraigh.
áibhéil exaggeration - béim emphasis - brathadóir informer - conspóid dispute - dian hard - eisceacht exception - feachtas campaign - feisteas attire - forbairt development - iomaitheoir competitor - liúireach shouting - logainm placename - scáileán screen - sos break - taighde research - urraíocht sponsorship