Crobhingne: Tá íoróin áirithe ag baint leis an scéal go bhfuair rialtóir an dara stát is lú ar domhan bás seachtain tar éis do rialtóir an stáit is lú ar fad imeacht uainn ar shlí na fírinne.
Mar is eol do dhaoine a chaitheann súil ar an stráice fada seo is beag é mo bheann agus is táir é mo mheas ar an bhfuil lofa ríogúil. Agus is fearrde sinn ar fad an laghdú cloginn agus an tiomáint tolláin le fada an lá de bhlianta cheana.
Ina choinne sin, b'é Rainier Grimaldi an t-aon duine a ngairmtear prionsa de a casadh ormsa riamh. Maidir leis an bPrionsa Rainier III a cuireadh an tseachtain seo caite, bhí mé i ngiorracht fad scine dó.
Bhí a bhean chéile a dhein íobairt chomh mór sin, an Ceallach Gráinne, lena thaobh.
Is beag duine eile a d'éireodh as a bheith ina réalta Hollywood le bheith ina banphrionsa chomh saoráideach sin.
D'fhéadfainn mo lámh a chur amach agus iad a chuimilt dá mb'áin liom é, ach bhí mo shúile sáite i mball eile ar fad.
Seo mar a tharla. Le linn an drochshaoil nuair nach mbíodh foireann ar bith Chorcaí ag triall ar Pháirc an Chrócaigh d'fhonn Craobh na hÉireann a bhuachan, shocraíos féin agus cara liom nárbh fholáir linn an oilithreacht a dhéanamh ar son a rá go rabhamar ann.
B'in iad na blianta nuair a bhuaileadh ainmhithe Thiobrad Árann seacht gcineál císte as foirinn Chorcaí agus le droch-chroí mór. Leor sin don eolach gur seanscéal réamhstairiúil é seo.
An bhliain áirithe seo, áfach, bhí na Déise tar éis an claí a pholladh agus tuirlingt ar chluiche na craoibhe.
Ní raibh an saol chomh bog ag Caill Chainnigh an t-am úd agus atá anois mar d'fhéadfadh Loch Garman fochraobh Laighean a bhaint gan mhíorúilt mhór agus bhí cuimhne fós ag daoine nach raibh sean ar Bhaile Átha Cliath agus ar chamáin.
Ba chuma linne cé a bhí sa treis i mí Mheán Fómhair úd na bliana 1963, mar ní raibh ionainne ach glas-stócaigh shmugamhuinchilleacha gur theastaigh uainn smut den aicsean a bhlaiseadh.
Maidin Domhnaigh an lae mhóir d'éiríomar agus chuireamar orainn ár gcuid éadaigh le dul faoi dhéin na traenach go Baile Átha Cliath ó Chorcaigh nach raibh ina cathair Eorpach cultúir ag an am.
Má tá dealramh na haiste scoile ar seo, fóill ort, mar is ag dul sa treo sin atáim.
Cad a bheadh ar lic na litreacha ná dhá thicéad don chluiche. Cara lem mháthair a raibh aithne aige ar Phádraig na páirce Ó Caoimh a d'fhág isteach iad.
Scuabamar linn ó thuaidh agus ar aghaidh linn timpeall ar Jones Road. B'ionadh linn nuair a leath súile na ngiollaí ar na ticéid, agus b'é chéad rud a rith linn ná go raibh cleas éigin imeartha orainn. Bhí cuma ar chách go raibh siad ródheas, agus ar uaire lúitéiseach, rud nár tharla roimhe ná ina dhiaidh, leis an mbeirt againn.
Is amhlaidh gur bhain na ticéid leis an mbosca beannaithe, leis an sanctum inmheánach, le croí na féile, le naofacht na naofachta! Timpeall orainn bhí taoisigh, agus easpaig, agus airí rialtais, agus easpaig, agus uachtarán, agus easpaig, agus moinsíneoirí, agus easpaig, agus an prionsa Rainier, agus easpaig, agus an bhanphrionsa Gráinne, agus easpaig.
Agus ina measc siúd bhí beirt smaoiseachán a raibh a mbrístí gearra fágtha ar éigean lasmuigh den gheata acu.
Bhí mé dhá shraith laistiar de Ghrimaldi. Gar go leor le gealacán na súl a fheiscint dá n-iompódh sé thart, agus gar go leor leis an tsailchnis ar bhac a mhuiníl a thabhairt faoi ndeara. B'fhéidir nach raibh ann ach púdartailc, ar ndóigh, nó gur shéid briota gaoithe aniar é ón easpag a bhí taobh leis, nó gur samhlú poblachtánach ar fad é a d'fhás leis na blianta.
An t-am sin féin, chonaic mé na cosa cré agus an smál ar an aer.
Ach ba mhó mo spéis ina raibh ar siúl ar fhaiche na páirce. Bhí seo ar cheann de na cluichí craoibhe ab fhearr riamh. Samhlaigh sé chúl agus deich gcúilíní a scóráil agus fós an cluiche a chailliúint, mar a tharla do Phort Láirge!
Samhlaigh cluiche ina raibh deich gcúl ar fad agus seacht gcúilín ar fhichid, inar scóráladh níos minice níos mire ná gach dhá nóiméad, agus gan ach poc amháin eatarthu as a dheireadh!
Cá hiontas gur chuma liom faoin tsailchnis ríogúil ar an ngaoith.