An tsúil agus í lán ina dúiseacht anois agus go deo

LEATH MO dhá shúil orm nuair a chuas go dtí an suíomh Idirlín www.theawakenedeye

LEATH MO dhá shúil orm nuair a chuas go dtí an suíomh Idirlín www.theawakenedeye.com mar is ann atá comhluadar nach samhlófá faoin aon díon amháin: Naomh Froinsias, Paul Cézanne, Leonardo (is é sin, da Vinci ach ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh Leonardo DiCaprio ann chomh maith), Einstein, Huxley, Krishnamurti, Shopenhauer agus a thuilleadh nach iad. Cad a thug le chéile iad? An tsúil. An t-amharc. An radharc. Léargas.

Fear iltréitheach darbh ainm Frederick Franck (1909-2006), a scríobh leabhar dar teideal The Awakened Eye, an inspioráid atá laistiar den suíomh seo.

Oscail do shúile agus feicfidh tú, sin is teachtaireacht Franck dúinn. Teachtaireacht bhunúsach, go deimhin, ach teachtaireacht riachtanach mar sin féin.

Go leor againn ní fheicimid iontais Dé thart orainn in aon chor. Bíonn gá againn le leithéidí Franck agus an suíomh Idirlín atá ainmnithe in ómós dó chun sonc deas a thabhairt dúinn agus ár súile a oscailt arís.

READ MORE

Dealbhóir Dúitseach ab ea Franck, péintéir, scríbhneoir, fealsamh a chaith tamall ag obair mar fhiaclóir san Afraic i dteannta Albert Schweitzer. Cara leis an bPápa Eoin XXIII ab ea é agus é i láthair mar ealaíontóir oifigiúil ag Comhairle na Vatacáine, é ag sceitseáil leis go háthasach.

Díoladh os cionn 300,000 cóip dá leabhar The Zen of Seeing. (Ní raibh an Chríostaíocht agus an Búdachas ag teacht salach ar a chéile i súile Franck).

Nuair a osclaíonn an tsúil, a deir Franck, is ábhar iontais é an uile ní. Cinnte.

Múineann haiku é sin dúinn.

An sampla seo ó Kyoshi abraimis:

goba na lachan,

láib earraigh

ag sileadh díobh.

An tuiscint a bhí ag Franck don mhíorúilt sin a dtugaimid an tsúil uirthi, deir sé sa leabhar The Awakened Eyego raibh tuiscint ag máistrí Zen sa 7ú haois don Am mar a bheadh bloghanna ama fíorghairide ann ar thug siad NEN orthu, smaoineamh-mhóimint atá chomh díomuain sin go bhféadfá a rá nach mbaineann sí le ham in aon chor, gur lasmuigh d'am atá sí.

Nuair a fheiceann tú rud éigin tuigeann tú láithreach cad atá ann, cláraíonn sé ionat, más maith leat, i bhfaiteadh na súl. Sin an chéad NEN.

Tagann an dara NEN sa mhullach air sin agus an tríú NEN sa mhullach air sin arís; tarlaíonn sé go léir chomh tapa sin nach mbíonn a fhios agat é.

Sa dara NEN tá tú á rá leat féin cad atá feicthe agat.

Sa tríú NEN is amhlaidh a théann an dá NEN roimhe sin isteach i sruth an chomhfheasa, comhtháthaítear iad, próiseáltar iad, déanann an ego lipéadú orthu agus leanann an anailís sin ar aghaidh go dtí go gcaitear an chéad NEN isteach i bpríosún na bhfocal is na gcoincheap.

An té nach dtéann ar aghaidh go dtí an dara is an tríú NEN, stopann an tAm dó. Deantar OM den AM.

Mar a deir misteach na leathrann, Angelus Silesius: “Die Zeit ist Ewigkeit, Ewigkeit ist Zeit.”Is síoraíocht am is am síoraíocht. Don té nach bhfeiceann aon difríocht.

SIN BLAISEADHbeag bídeach anois duit d'aigne Franck. Tá teoiric agamsa a deir go bhfuil an haiku in ann breith ar an gcéad NEN sin ina úire iomlán agus an mhóimint sin a bhreacadh síos láithreach, gan smaoineamh, gan ligean don dara ná don tríú NEN dul in aice léi.

Is cleas é. Níl ann ach cleas ach tá daoine áirithe nach bhfoghlaimeoidh go deo é toisc go ligeann siad don aigne dul ar aghaidh go dtí an tríú NEN sin!

Ní mór duit cúpla cleas a bheith agat. Cleas eile atá agamsa ná ligean don phréachán mo chluas a sciomradh cúpla uair sa lá dom.

I bhfocail eile (ní hea, ní bhaineann focail leis in aon chor), nuair a chloisim grágaíl an phréacháin ligim isteach í, is cuma cá mbím nó cad atá ar siúl agam, ligim isteach im chluas í mar ghrágaíl agus glanann sí amach mé go huile is go hiomlán.

Ar ais go dtí an suíomh Idirlín linn, féachaint an raibh ealaíontóirí áirithe ag iarraidh fanacht leis an gcéad NEN neamhfhoclach sin agus an domhan a fheiceáil leis an tSúil Iomlán arb í súil na soineantachta, súil an linbh í ar go leor slite.

“Tugaimis faoinár n-aigne a shaoradh,” a dúirt Cézanne. Go breá. Cad a bhí i gceist aige leis sin? Tá an freagra sa chéad ráiteas eile uaidh: “Nuair a thosnaím ag smaoineamh, cailltear gach aon ní.”

Díreach é, a dhuine.

Nuair a thaispeánann duine haiku domsa, haiku nach n-oibríonn i gceart, is gnách go ndeirim leis, “Hath! Bhí tú ag smaoineamh, nach raibh? Agus a rian sin air!”

An duine bocht, cuireadh an-bhrú air ó aois an-óg chun a bheith ag smaoineamh agus seo mise anois á rá leis gan smaoineamh in aon chor.

Níl sé in ann.

Tá teicníocht éigin de dhíth air.

Cleas éigin.

Dífhoghlaim.

“Téigh go croí an ruda atá os do chomhair!” arsa Cézanne.

Comhairle dó féin agus comhairle d’ealaíontóirí eile ab ea í sin. An máistir haiku fadó, Basho, ar seisean: “Téigh go dtí an ghiúis.”

An rud céanna. Bí “giúis-each” le bheith gaoiseach.

Saoi eile ar shuíomh seo na súile dúisithe is ea Thoreau: “Ní hé an rud a bhféachann tú air an rud is tábhachtaí ach an rud a fheiceann tú.”

Ní duine mé nuair a théim ar saoire a mbíonn fonn air ardeaglaisí is músaeim is gailearaithe agus mar sin de a fheiceáil. Bíonn fuirseadh ag baint leis sin agus ní fheictear faic má bhíonn an aigne suaite.

Is deise liomsa a bheith díomhaoin agus mura bhfeicfinn ach seangán beag amháin i gcaitheamh na maidine, bheinn sásta an ócáid sin a cheiliúradh le gloine fíona, nó le buidéal más seangán beag bídeach é.

Ní hionann féachaint ar rud agus é a fheiceáil. Cé a dúirt? Oscar Wilde. Bhí go leor le rá ag Wilde: “Fíormhistéir an domhain is ea an ní sofheicthe, seachas an ní dofheicthe.”

Bheinn ag teacht leat, a Oscair. “Seasann an aigne sa tslí ar an tsúil,” a dúirt Arthur Stern.

Cé hé féin? Is cuma. Má tá an ceart aige bíodh sé ina fhear bruscair nó ina ollamh, ní mheánn sé brobh.

Duine de shaoithe móra ár linne é an Meiriceánach Adyashanti. Deir seisean: “Féach le súile soineanta, an-oscailte. Bíonn an tsoineantacht sin ann i gcónaí...”

Aontaím leat, a bhuachaill.

Ba dhóigh leat uaireanta nach raibh de chuspóir ag sibhialtacht seo an 20ú agus an 21ú haois ach an tsoineantacht sin a lot.

Faraor, in áit an tsoineantacht a chosaint agus a cheiliúradh tá ealaíontóirí áirithe sásta go scriosfaí í. Ní féidir í a scriosadh go hiomlán, ar ndóigh, mar is ann di arís is arís eile, gan teimheal, nuair a osclaímid ár súile i gceart.

“Dá bhféadfaimis an inchinn a stracadh amach agus gan ach na súile a úsáid.” – Picasso.

An bhfeiceann tú go bhfuil patrún á nochtadh anseo?

“Ní fheicimid nithe faoi mar atá siad, feicimid iad faoi mar atáimidne.” – Anais Nin.

Is iomaí leaba ina raibh Anais Nin ach ní shamhlóinn in aon leaba le G. K. Chesterton go deo í, a dúirt: “Má fhéachann tú ar rud éigin 999 n-uaire, tá tú go hiomlán sábháilte; má fheachann tú air 1,000 uair tá an baol ann go bhfeicfeá den chéad uair é.”


Is é an leabhar is déanaí ón údar ná Sa Tóir ar an Yeti(Cló Mhaigh Eo) a foilsíodh Dé hAoine, 19ú Lúnasa.