Anailis dhian Mhic Síomóin

I gceann de bhiostrónna nua Bhaile Átha Cliath a bhíomar le déanaí. Fear thall uainn ag ithe ina aonar.

I gceann de bhiostrónna nua Bhaile Átha Cliath a bhíomar le déanaí. Fear thall uainn ag ithe ina aonar.

"Aithním aghaidh an fhir sin," ar mé le mo chompánach, "nó tá dealramh aige le duine a aithním." Agus an fear ag imeacht chuir mé caint air. Is é an chríoch a bhí ar an scéal gur chaith an triúr againn uair an chloig ag comhrá.

Ba é Drago Jancar an fear, Slóivéanach a bhfuil a lán leabhar scríofa aige sa tSlóivéinis agus díol mór orthu lasmuigh den tSlóivéin faoi aistriú teanga, go háirithe sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis.

Tá leabhar amháin dá chuid curtha i nGaeilge ag Breandán Ó Doibhlin, mar atá Dalta an tSeoighigh (Coiscéim).

READ MORE

Chuir an comhrá le Drago Jancar ag smaoineamh mé ar an leabhar a bhí á léamh agam ag an am - 1916: Leath-réabhlóid, Paradacsa ait na Gaeilge (Coiscéim) le Tomás Mac Síomóin.

Thug an leabhrán trí scór leathanach seo an-phléisiúr dom de bharr a phróis chumasaigh ríshoiléir.

Ach ní pléisiúr a thug an teachtaireacht shearbh dom, agus is léir nach pléisiúr a thug sé don údar a bhfuil mórán dá shaol agus dá fhuinneamh caite aige le cumadóireacht, agus le hiriseoireacht, agus ar bitheolaí cáilithe é.

Is deacair gan aontú leis an anailís dhian atá déanta ag Mac Síomóin ar neamhéifeacht Stát na hÉireann san iarracht chun an teanga Ghaeilge a chur in airde réime i gcúrsaí an náisiúin. B'fhéidir a éileamh nach bhfuil dóthain aitheantais tugtha aige do ghnéithe dearfacha i scéal na hAthbheochana ach ní bhaineann sin ón léiriú ginearálta.

Tá neart fianaise ann ar fhaillí chiontach an Stáit. Freisin is comair an cuntas atá aige ar dhíbirt agus ar dhíothú na Gaeilge le leathmhíle bliain anuas, mar aon le brú an Bhéarla éigeantaigh.

I rannóg den leabhrán ar a dtugann sé mar theideal "Cóilíniú cultúrtha na hÉireann" deir Mac Síomóin gurb é Dónall Ó Conaill, ar Ghaeilgeoir ó dhúchas é, mar aon le ceannairí polaitiúla agus eaglasta eile, a thug an teachtaireacht don phobal: "Níl feidhm ag ár gcuid Gaeilge níos mó."

Sa réamhfhocal aige tugann Mac Síomóin abairt Bhéarla ó Mháirtín Ó Cadhain:

"The Ireland of 1963 is no more Yeats's Ireland than it is Pearse's Ireland. It has just become completely Anglo-Ireland...and is completely unconscious of it too."

Cé mar a sheasann an scéal sa bhliain seo 2006?

Sa bhliain 2004 foilsíodh leabhar a deir ina thaobh féin gurb é "the first comprehensive social, political, cultural, intellectual and economic survey" ar Éirinn mar a bhí san 20ú haois. The Transformation of Ireland 1900-2000 le Diarmaid Ferriter an leabhar atá i gceist.

Sa liosta foinsí ann níl tagairt d'aiste, alt, iris, leabhar, tráchtas ná údar i dteanga ar bith seachas an Béarla. Gan foinse ar bith i nGaeilge ná i dteanga ar bith eile de theangacha an domhain luaite. Cá bhfuil an "transformation"?

An é nach bhfuil feidhm ná fiúntas le fáil lasmuigh den Bhéarla?

San eagrán is déanaí den iris staire áitiúil Ríocht na Mídhe tá alt fíorshuimiúil le Patrick Fagan: "Thomas Dease, Bishop of Meath, 1622-1651: his life and times." Mar sin, bhí Dease ann le linn chuairt Oliver Cromwell.

Pointe eolais nach rithfeadh linn is ea go maireann dánta Gaeilge le Dease. Tá leagan Béarla de dhán díobh i gcló leis an alt agus is ait liom gan an bunleagan Gaeilge i gcló mar aon ar son an léitheoir a chuirfeadh suim ann.

Gné eile den neamhaird ar an Ghaeilge atá á léiriú anseo i leith an phobail mhóir. Táthar ag druidim anseo, dar liom, leis an meon a deir: "Tá sin suimiúil, cén fáth nach scríobhann tú i mBéarla é?"

Céim é sin ar an mbóthar go dtí: "I nGaeilge atá an leabhar sin scríofa. Caithfidh nach nglacfadh foilsitheoir Béarla leis."

Céim ghearr as sin go dtí: "Ní fiú leabhar Gaeilge a léamh." Nó b'fhéidir gurb é: "Ní fiú liom..." a bhíonn i gceist.

Sin fealsúnacht Uí Chonaill arís, go háirithe más ag duine "de mhuintir na Gaeilge" é, duine a léann go leor leabhar.

Agus is ábhar gearáin ag daoine áirithe an t-airgead a chaitheann an Stát ar aistriú cáipéisí oifigiúla ó Bhéarla go Gaeilge.

Dá ndéanfaí cuid de na cáipéisí oifigiúla sin a chumadh i nGaeilge ar dtús agus ansin iad a chur á n-aistriú go dtí an dara teanga oifigiúil bhainfeadh sin cuid den éagothromaíocht as an scéal.

Uaireanta is í an teanga an teachtaireacht.