Anois ar theacht na bhforógraí

Tuarascail Pol O Muiri Eagarthoir Gaeilge Leanann cúrsaí an olltoghcháin ar aghaidh agus tá na páirtithe ag foilsiú a gcuid …

Tuarascail Pol O Muiri Eagarthoir GaeilgeLeanann cúrsaí an olltoghcháin ar aghaidh agus tá na páirtithe ag foilsiú a gcuid forógraí diaidh ar ndiaidh agus cur síos iontu ar a gcuid polasaithe i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Scríobhann Fianna Fáil ina bhforógra, Anois, Na Chéad Chéimeanna Eile, nach bhfuil "aon chomparáid idir teist Fhianna Fáil agus teist aon pháirtí eile maidir le cur chun cinn ár dteanga dhúchais. Sna blianta deireanacha, thugamar tacaíocht d'fhorbairt na nGaelscoileanna, dhúblaíomar an deontas do TG4, ritheamar an tAcht um Teangacha Oifigiúla, agus d'éirigh linn stádas a fháil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Baintear i bhfad níos mó úsáide as an teanga agus tá níos mó tuismitheoirí ná ariamh ag roghnú oideachais trí Ghaeilge dá bpáistí."

Mar léiriú ar an teist sin, tá forógra iomlán Fhianna Fáil le fáil i nGaeilge. Sa rannóg "An Ghaeilge agus An Ghaeltacht", scríobhann an páirtí go bhfuil dearcadh "dearfach agus uaillmhianach" acu ar an Ghaeilge agus go bhfuil siad diongbháilte ar struchtúir a bhunú a chuideodh le daoine úsáid a bhaint aisti.

Chuige sin, geallann Fianna Fáil go bfoilseoidh siad "roimh 2008, plean straitéiseach 20 bliain chun fás a bhaint amach in úsáid na Gaeilge agus sa dátheangachas, plean cuimsitheach i gcomhair leathnú a bhaint amach in úsáid na Gaeilge ar an oileán go léir".

READ MORE

Déanfaidh siad úsáid na Gaeilge ar scoil 'a fhás'; cuirfidh siad feabhas ar an churaclam agus béim níos mó ar an teanga labhartha agus tacóidh siad le bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí.

Beidh sé mar chuspóir acu tacaíocht a thabhairt don tseirbhís phoiblí le seirbhísí "cuimsitheacha" trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a fhorbairt agus beidh an Ghaeilge agus cúrsaí Gaeltachta faoi chúram Aire "a bheidh ina lánbhall den Rialtas".

Ó thaobh na Gaeltachta de, scríobhann Fianna Fáil go "bhforbróimid plean cuimsitheach bunaithe ar staidéar teangeolaíoch den Ghaeltacht le codanna soiléire agus éifeachtacha chun úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt" agus go neartóidh siad na dlíthe pleanála leis an Ghaeltacht a chosaint "i slí a thacaíonn le forbairt leanúnach na Gaeltachta gan cur isteach ar a teanga ná a cultúr".

Tá mír Ghaeilge i bhforógra Pháirtí an Lucht Oibre, The Fair Society. Scríobhann an Lucht Oibre go gcaithfear "athmheasúnú bunúsach a dhéanamh ar chur chuige an Stáit maidir le caomhnú agus athnuachan na Gaeilge. Leantar d'acmhainní suntasacha a infheistiú i dteagasc na Gaeilge, ach mar sin féin tá laghdú ag teacht ar úsáid na Gaeilge ó bunaíodh an Stát.

"Cé gur léir gur tharla cliseadh polasaí níl plean soiléir straitéiseach ar bith beartaithe do thodhchaí na teanga. Lena chois sin, níl mórán d'idirphlé idir an Stát agus an saoránach maidir le príomhcheisteanna nár réitíodh, lena n-áirítear an fhéidearthacht dátheangachas forleitheadach bheith ann."

Creideann Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil gá "práinneach" le díospóireacht ar na ceisteanna seo: "Is é ár gcuspóir sa Rialtas ná díospóireacht leathan a spreagadh faoi thodhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha agus é seo a úsáid mar bhonn do pholasaí amach anseo.

"Is í ár n-aidhm ná cur chuige an Stáit maidir leis an nGaeilge a leasú sa dóigh is go ndéanfar iarrachtaí pobal agus eagraíochtaí deonacha a athneartú trí mhaoiniú imleor agus go ndéanfar iad a spreagadh chun teacht i dtreis trí thacaíocht dhearfach. Is í ár n-aidhm ná stádas na Gaeilge a ardú mar theanga choiteann agus a ról sa saol cultúrach agus acadúil a athneartú."

I measc na rún atá ag Páirtí an Lucht Oibre, tá: fóram a bhunú ar Theanga na Gaeilge ina mbeidh "gach earnáil sa tsochaí agus gach geallsealbhóir ábhartha bainteach."

Tabharfaidh siad tacaíocht "ghníomhach" do thuismitheoirí ar mian leo go bhfaigheadh a bpáistí a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus scrúdóidh siad an bealach is fearr le feabhas a chur ar litearthacht na Gaeilge i scoileanna na Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Déanfaidh siad scrúdú ar fhorbairt churaclam úr sa Ghaeilge do dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile ar cainteoirí dúchasacha Gaeilge iad agus iad siúd a théann ar scoileanna Gaeilge.

Coinneoidh siad rannóga na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge agus Laidin na hÉireann ar ollscoileanna agus tabharfaidh siad maoiniú do bhailiú agus d'fhoilsiú an bhéaloidis agus amhrán mar chuid dá dtionscadal oidhreachta.

I mBéarla amháin atá forógra an Chomhaontais Ghlais, It's Time, agus is i mBéarla atá an mhír ar chúrsaí Gaeilge. Scríobhann na Glasaigh: "We believe that the Irish language is central to the cultural and social ecology of our country and would encourage its use as a priority in a future Green government."

Chun sin a dhéanamh, scríobhann na Glasaigh go n-athbhunóidh siad Comhchoiste an Oireachtais ar an Ghaeilge; go gcuirfidh siad béim níos mó ar ghníomhaíochtaí áitiúla a bhaineann le Gaeilge; go dtabharfaidh siad cumhachtaí níos mó d'Údarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla agus go mbunóidh siad ciste le margaíocht a dhéanamh ar thurasóireacht teanga sa Ghaeltacht.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, scríobhann siad go ndéanfaidh siad scrúdú ar riachtanais chúrsaí oideachais i gceantair Ghaeltachta "including the possibility of establishing a specific Education Board to deal with such matters" agus "introduce on a phased basis 'immersion education' in an all-Irish college as part of the mainstream teacher training process at primary level".

Ó thaobh na Gaeltachta de, is é cuspóir an Chomhaontais Ghlais: "set out the realistic boundaries for Gaeltacht areas with measures to help non-Gaeltacht areas to become Gaeltacht areas in future, with a proper strategy to support a healthy development of Gaeltacht communities and a separate recognition for Breac-Ghaeltachtaí."

Focal eagarthóra

D'fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh siad ar lorg Eagarthóir do Thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, go raibh áthas air an post a fhógairt: "Cuirfidh an ceapachán sinsearach seo go mór lenár gcumas brú ar aghaidh agus tús a chur le Céim a Dó den tionscadal seo."

Dúirt sé nach raibh san fhógra seo ach an chéim is déanaí sa tionscadal. Cheap an Foras Cathal Convery ina bhainisteoir ar an togra le déanaí. Tá Máistreacht san Aistriúchán (Gaeilge agus Fraincis) ag Convery agus taithí aige ar bhainistíocht tionscadal i réimse theicneolaíocht na faisnéise. Is faoi a bheidh sé an chéad chuid eile den obair a thabhairt chun críche.

Le dlús a chur faoin obair tá an Foras ag reáchtáil dhá chúrsa san fhoclóireacht dhátheangach i mBéal Feirste agus i gCorcaigh. Cuirfidh na cúrsaí bunoiliúint ar dhaoine i ngairm na foclóireachta nua-aimseartha. Lena chois sin, cuirfidh siad painéal de phearsanra cáilithe le chéile.

Ach na gníomhartha seo bheith i gcrích, a dúirt urlabhraí, beidh an Foras in ann luí isteach ar thiomsú ábhar an fhoclóra féin idir an leagan leictreonach agus an leagan clóite.

Os cionn 50,000 ceannfhocal a bheidh ann, agus bainfear leas as uirlisí ríomhchuidithe agus as na modhanna foclóireachta is nuaí chun an obair a chur i gcrích.

athnuachan renewal - béim emphasis - dearfach positive

forógra manifesto - gníomhach active - imleor adequate