Aonach na gcleas

Crobhingne: Bhí íde na muc is na madraí á tabhairt do na capaill ar aonach Bhéal Átha na Slua le déanaí.

Crobhingne: Bhí íde na muc is na madraí á tabhairt do na capaill ar aonach Bhéal Átha na Slua le déanaí.

Is suimiúil nach bhfuil a leithéid de nath is íde na n-each ann, mar is cosúil go gcaití agus go gcaitear i bhfad níos fearr le capaill ná mar a chaitear le béisteanna ceithrechosacha eile.

D'íoctaí filí le duais chapaill fadó ar maidin mar mhalairt ar chnuas, ar thuras go hInse Gall, ar dhuais Oireachtais, nó neachtar acu, ar fhaillí, ar neamart agus ar chiúnas na huaighe. Filí i gcónaí tá ann ar fiú Istabaq le feabhas iad; agus daoine eile gurbh fhearr a d'oirfeadh bardal ar leathchois dóibh.

Ní féidir a chur i leith na maistíní i mBéal Átha na Slua gur i mbun na gcapall a bhí siad de bharr a gcuid feola mar a dhéantar le mairt. Bhí teir riamh ar fheoil an eich a ithe ó tháinig an Chríostaíocht mar is maith le reiligiúin nithe áirithe a bhac.

READ MORE

Dá mbeadh na capaill á dtógáil agus á mbeathú ar son tionscal an bhia abhus ní bheadh an gháir chéanna ina dtaobh. Dá mbeadh clúmh ar iasc is tú in ann í a chuimilt agus dá ndéanfadh sé crónán ar ais ort is róbhaol go mbeadh dífhostaíocht go rábach sna Cealla Beaga.

Cé nach raibh smaoineamh gnó riamh agam im shaol ritheann sé anois liom go bhféadfadh duine a thoirtín mór a dhéanamh ach feoil an chapaill a chur ar aiste bhia an Tíogair Cheiltigh. Cad eile is a dhéanfá leis na seanghrogairí, na staigíní agus leis na clibistíní capall gan rath a bhí á nochtadh ar an aonach?

Is beag duine a thabharfadh eachlascadh don entrepeneur bialainne a thálfadh airgead ar a sheans seachas do bhuachaillí beaga saonta a raibh lá spóirt faoin dtor á éileamh acu.

Is deimhnitheach nach capall maide de ghnó a bheadh ina leithéid sin d'fhiontar nuair a chuimhníonn tú ar na bianna borba neamhchoitianta a mbíonn teanntás ag an gcarball ceilteach comhaimseartha orthu.

Samhlaigh duit féin eachstéig chasseur deadhéanta le hannlann raidis fhiáin, nó sliasta staigín au poivre, nó láir spíosraithe in iogart, nó T-chnámh chapaill au guinness...Tá súlach lem fhiacla cheana féin.

Deacair a bheith ag gearrán mar sin faoi Bhéal Átha na Slua tincéirí, feirmeoirí, bóithreoirí, ruagairí reatha, stróinsí siúil agus lucht chártaí na gcleas.

Is dócha go raibh dibhearsain ceáfrach ar an aonach agus mórchuid aeir is aoibhnis, ceolta néata, spórt is scléip suilt, feoil á gléasadh chun bia ann; fairis sin, bhí siúicrí síolta agus risíní agus mil na gcaor á taoscadh, mórchuid poitín, feoil sicíní is ba shóil bhlaschaoin an gravy. Cé dúirt gurb é Seó na gCapall Chumann Ríogúil Duibhlinne RDS Dhomhnach Broc Bhaile Átha Cliath 4 a bhí ann?

Nós breá Gaelach a bhí ar siúl ar an aonach ní foláir. Tá téacs gonta Sean-Ghaeilge ann atá suas is anuas le míle bliain d'aois a dhéanann trácht ar thréithe inmhianaithe na gcapall.

I measc go leor nithe eile maítear nár cheart don chapall a bheith leisciúil, ná tuathalach, ná bacach, nár cheart dó a bheith fiain ná eireaball-luascach. Is léir nach raibh raibh ar bun ag buachaillí an bhaile ach oiliúint agus traenáil chun iad a cheansú.

Ceal bindealáin agus maidí agus insteallaí agus drugaí agus dochtúirí draíochta mar atá ag graígeoirí Chill Dara chaithfí dul i muinín na gcleas a d'oibrigh riamh.

Is rófhurasta dúinn muga maga agus beag is fiú a dhéanamh den mhéid a léirigh Giraldus Cambrensis nuair a bhí sé ar a chamchuaird in Éirinn sa 12ú haois.

Thuairisc sé go n-itheadh daoine d'fheoil na lárach báine a raibh an taoiseach go díreach tar éis luí léi.

Agus cé gur luaigh sé an nós sin le Tír Chonaill níl aon deimhne againn nach raibh sé coitianta i mbaill eile chomh maith céanna. Ina choinne sin, is mar chuid de shearmanas insealbhaithe taoisigh a dhéantaí é, agus ní bheidh aon ghá leis timpeall ar oirthear na Gaillimhe ná ar bhánta Mhaigh Eo go ceann tamaill.

Ba mhaith ann iad An Liath Macha agus Shergar agus Waterford Crystal ach gur tháinig drochchríoch orthu nó thit smál an amhrais timpeall orthu. Is maith linn ár gcuid capall a bheith ina laochra, a bheith slíoctha, sleamhain, falartha, bríomhar, claíléimeach.

Is binn linn iad i mbéal an phobail, seachas ar an gclár bia. Ach i gcuntais Dé agus na mbanc, coinnítear an cheárta ina ndéantar iad as radharc na súl i nGaillimh nó i gCill Dara!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar