Tuarascáil/Alan Desmond:Is minic a bhíonn dearcadh diúltach ag an ngnáth-Pholannach ar a thír dhúchais ar leibhéil éagsúla. Is beag focal dearfach a chloisfeá ó mhuintir an náisiúin seo mar gheall ar chúrsaí polaitíochta is eacnamaíochta na Polainne, mar shampla, agus is lú fós an iontaoibh atá ag Polannaigh as a gcomhthírigh agus drochthréithe á gcur i leith a chéile go minic.
Ach gné amháin dá dtír a bhfuil beagnach gach Polannach ar aon dea-thuairim faoi ná gné thíreolaíoch: na sléibhte sa deisceart is Muir Bhailt sa tuaisceart. Ó cheann ceann na bliana bíonn Polannaigh is daoine ó thíortha eile ag déanamh ar na Tatry, sliabhraon atá suite ar an teorainn idir an Pholainn is an tSlóvaic agus i rith an tsamhraidh bhrothallaigh cruinníonn na céadta míle ar thránna an chósta thuaisceartaigh.
Is iad seo an dá chearn dá dtír is mó a bhfuil Polannaigh bródúil astu agus níl ríomh ar an méid uaireanta a moladh dom triall orthu.
Nuair a thuigeann Polannaigh nach bhfuil saol an tsamhraidh cois farraige a bhlaiste agam tagann ionadh an domhain orthu is deir siad le díchreideamh: "Ní raibh tú ar na tránna Baltacha go fóill? Caithfidh tú dul ann."
Agus mo sháith agam de na moltaí líonmhara seo rinne mé lóistín seachtaine a chur in áirithe an samhradh seo i Wladyslawowo, ceann de na bailte cois cladaigh atá beo ar an turasóireacht.
Níl aon aicearra le gabháil ó Lublin, mo chathair chónaithe, go Wladyslawowo agus bhí orm is mo chomhthaistealaí bheith ag stáisiún traenach Lublin roimh 11pm san oíche chun dul ar bord traenach a dhéanfadh an turas 600 ciliméadar go Wladyslawowo, turas a mhairfeadh rud beag faoi bhun 13 uair an chloig.
Ach níor sinne na craiceálaithe amháin a roghnaigh an traein oíche. Bhí an t-ardán plódaithe le Polannaigh a raibh ualaí troma bagáiste ina dtimpeall orthu, na spáda is buicéid a chuirfí chun feidhme cois farraige ag gobadh amach as na málaí taistil, leanaí óga ag clamhsán is ag caoineadh.
Agus an traein tarraingthe isteach sa stáisiún rinne na Polannaigh pulcadh ar bord, ag iarraidh an dorais a bhaint dá chéile, mar is gnách leo, amhail is nach mbeadh go leor suíochán ar bord i gcomhair na bpaisinéirí go léir.
Agus daoine ar bord thosaigh siad ag fáscadh thar a chéile sa dorchla cúng, agus iad gan bheith cinnte, mar is gnách leo ar aistir den saghas seo, an raibh an carráiste ina raibh siad chun dul i dtreo an chósta nó an ndealófaí é ó na carráistí eile i stáisiún éigin i rith an turais chun triall ar chearn eile den tír?
Agus mé féin is mo chomhthaistealaí sásta go raibh an carráiste ceart againn fuaireamar suíocháin i seoimrín i bhfochair teaghlaigh a raibh Wladyslawowo mar cheann scríbe acu chomh maith. Tá carráistí traenach sa Pholainn roinnte i seoimríní ina bhfuil áit suí ochtair, ceathrar os comhair ceathrair.
Ba léir gur ghlac ár gcompánaigh taistil go dáiríre leis na contúirtí a luaitear le traenacha oíche. Bhí eochair speisialta ag an gceann teaghlaigh a chuir ar a chumas doras an tseoimrín a chur faoi ghlas. Murar leor sin, bhí maide baseball ina sheilbh aige.
Agus 13 uair an chloig taistil curtha isteach againn shroicheamar Wladyslawowo.
D'ardaigh mo chroí nuair a bhlais mé an fharraige ar an aer, ach scaipeadh an t-ardú croí sin nuair a chonaic mé nach raibh faic sa spéir seachas scamaill mhóra dhubha.
Ní maith an rud é sin nuair is cois cladaigh ar laethanta saoire atá tú. Is measa fós nuair atá turas 600 ciliméadar déanta agat chun an cladach sin a bhaint amach. Rinneamar caol díreach ar an lóistín a bhí curtha in áirithe againn ach ní raibh sé réidh. Bheadh orainn teacht ar ais i gceann trí huaire.
Ar ais linn mar sin i dtreo lár an bhaile is na scamaill dhorcha ag bagairt báistí an t-am ar fad. Cad mar gheall ar an mbeirfean teasa a bhíonn faoi réim sa Pholainn i rith an tsamhraidh, na teochtanna arda a chúitíonn anró an gheimhridh?
Tá an fhearthainn rialta is bristeacht bhuan na haimsire ar na gearáin is mó a bhíonn ag Polannaigh faoi Éirinn ach an chéad uair eile a chasfaidh Polannaigh an drochaimsir seo liom freagróidh mé go tapa gur thug mé seachtain cois na farraige a bhfuil siad go léir chomh ceanúil sin uirthi is gur mhó na braonta báistí ná na gathanna gréine a theagmhaigh liom.
Ní orainn amháin a loic an aimsir, ar ndóigh. Bhí na céadta Polannach ag guairdeall timpeall ar na sráideanna, uachtar reoite á lí acu, a gcótaí cuachta thart orthu is a húdaí tarraingthe thar a gcinn.
Iad go léir ag feitheamh go mífhoighneach leis an bhfeabhas ar an aimsir a ligfeadh dóibh filleadh ar an trá fhada ghainmheach is bolg le gréin a dhéanamh.
Agus an ghrian i bhfolach laistiar de néalta chromamar ar Wladyslawowo a thaiscéaladh ach ba ghearr go bhfuaireamar amach nach raibh mórán le taiscéaladh seachas an trá is na sraitheanna bialann is tithe tábhairne atá in aice leis.
Ní raibh ach siamsa suarach ar fáil, páirc bheag dineasár is músaem mainicíní céarach ina raibh Lech Walesa is Eoin Pól II, ar ndóigh, meilt aimsire a mhair corradh beag is 20 nóiméad.
Chuireamar lá eile isteach trí aistear a dhéanamh go Hel, baile atá suite ag barr leithinse cáiliúla a shíneann 33 ciliméadar amach ón mórthír. Uimhir 666 a bhí ar an mbus a thug go Hel sinn. Ar Aoine 13ú Iúil. Ach níor bhain aon rud dúinn seachas fliuchadh ón mbáisteach.
Agus Hel sroichte againn thugamar sciuird ar thearmann róin sula raibh sé in am filleadh ar Wladyslawowo is an spéir smúitiúil os a chionn.
Agus ár seachtain cois farraige tagtha chun deiridh ghlan an spéir is thaitin an ghrian go tréan. D'éirigh an trá dubh le daoine, a mbristeoirí gaoithe is a gcathaoireacha deice.
Bhí fir is mná óga le páipéir, irisí, grán rósta is cnónna milsithe. Chéimnigh siad rompu ar an trá, a n-earraí á reic acu in ard a nguthanna is fuair mé féin is mo chomhthaistealaí bus oíche abhaile.
Ní tharlódh a leithéid d'éagóir aimsire in Éirinn féin.
aicearra short-cut - dearfach positive - gainmheach sandy - gné aspect - mainicín model - sciuird flying visit