CUIREADH COR eile i scéal achrannach Shamhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge an Chéadaoin seo caite nuair a d’fhoilsigh Comhchoiste an Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil fúithi i mBaile Átha Cliath.
Ba é aidhm na samhala córas nua maoinithe a chur i bhfeidhm i gcúrsaí Gaeilge. Ba mhian leis an fhoras imeachtaí teanga a mhaoiniú de réir scéimeanna agus deireadh a chur le bunmhaoiniú na 19 eagras deonach a bhí faoina gcúram.
Ach molann tuarascáil an chomhchoiste gur chóir an tsamhail “a leasú” agus cur chuige difriúil sa réimse sin agus i réimsí eile a chur i gcrích. Is é mian an chomhchoiste go leanfadh an foras ar aghaidh ag tabhairt bunmhaoinithe do na heagraíochtaí.
Molann an tuarascáil gur chóir don fhoras “bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar seirbhísí fíorthábhachtacha a chothabháil agus chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach. Níor cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche”.
Mhol TDanna agus Seanadóirí traspháirtí an chomhchoiste gur cheart don fhoras plean straitéiseach a ullmhú agus gur chóir go mbeadh sé “ag teacht le prionsabail phleanála teanga agus go ndéanfadh sé riachtanais shonracha na hearnála deonaí agus bheartas pobalbhunaithe na Gaeilge a chur i gcuntas”.
Iarrann an tuarascáil ar an fhoras “réasúnú” in earnáil na Gaeilge “a chomhaontú” leis na heagrais faoi dheireadh na bliana seo agus an comhréiteach sin a bhunú “ar mheasúnú ar na heagraíochtaí agus ar phlean straitéiseach” an fhorais féin.
Ba ghá fosta go mbeadh ról agus cúraimí an fhorais leagtha amach go soiléir.
Fáilte a chuir an foras roimh an tuarascáil, á rá go raibh sé i gceist acu “na moltaí a dhéantar sa tuairisc a thógáil san áireamh agus iad ag pleanáil do chuíchóiriú na n-eagras bunmhaoinithe mar atá dlite orthu a dhéanamh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas”.
Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, gur “bealach as an tsáinn” a bhí sa tuarascáil; “eiseamláir” a bhí inti de “mhodh oibre éifeachtach” agus ba é a dhóchas go raibh “bunús réitigh” ar chúrsaí maoinithe inti.
D’aithin an tuarascáil gur ghá “comhdhearcadh” a chothú idir na heagrais éagsúla ar cheisteanna móra agus go raibh “ról criticiúil” ag an earnáil dheonach, a dúirt sé.
Bhí tábhacht le moladh na tuarascála go mbeadh bunmhaoiniú lárnach sa tsamhail, nach mbeadh próiseas iomaíoch ann le seirbhísí a aontú agus go mbeadh tréimhse suas le cúig bliana i gceist leis na seirbhísí sin.
D’iarr sé ar lucht polaitíochta moltaí na tuarascála a chur i bhfeidhm “mar ábhar práinne”.
Chuir lárchomhairle na n-eagras deonach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, fáilte roimh an cháipéis. Dúirt stiúrthóir gníomhach na comhdhála, Kevin de Barra, gur “céim mhór” chun tosaigh a bhí ina cuid tuairimí.
Mhol sé an tuairisc as “léamh neamhspleách” a thabhairt ar an cheist agus as an “taighde cuimsitheach” a bhí inti. Ba é an chéad chéim eile teacht ar an bhealach ab fhearr leis na seirbhísí ab fhearr teanga a chur ar fáil don phobal.
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, gur thuig an comhchoiste cás na n-eagras agus na “fadbhanna dosháraithe” a bheadh acu feidhmiú taobh istigh de shamhail mhaoinithe an fhorais.
Bhí an conradh ag moladh le fada “córas comhpháirtíochta” le luach airgid agus seirbhísí ní b’éifeachtaí a chur ar fáil; níorbh fhiú na heagrais a chur in iomaíocht lena chéile.