Athleagan

CROBHINGNE: TÁ CHOMH maith léim ar bord na trucaile anois, mar tá sí ag gluaiseacht cheana

CROBHINGNE:TÁ CHOMH maith léim ar bord na trucaile anois, mar tá sí ag gluaiseacht cheana. D'fhág sí an clós le déanaí agus tabharfaidh sí cuairt ar gach ionad staire agus leac chuimhneacháin agus reilig nótálta a bhain leis an dearbhthréimhse seo 100 bliain ó shin.

Murar leor ar tharla le linn an ama sin aon uair amháin, beidh athimirt ann go ceann deich mbliana agus táthar ar a ndícheall ag cumadh is ag camadh na rialacha nua agus ag cur réiteoirí eile i mbun an chúraim.

Anois, ná bíodh breall arís ort. Táimse ar dhuine díobh sin ar mór aige athscríobh na staire. Ba mhaith liom go n-athscríobhfaí an stair ó mhoiche na maidne roimh ghiolcadh an ghealbhain go dtí titimín na hoíche siar agus éirí na gealaí. Is maith liom go nochtfadh taighde úrnua fíorais nárbh eol dúinn iad, nó go gcuirfí casadh ar sheanscéal de réir na fianaise.

Is ea, níorbh fhíor go raibh Máire Túdar na Fola aon phioc níos fuiltí ná a deirfiúr Éilís a tháinig ina diaidh; níorbh é Joseph Guillotin a bhunaigh an lann a d’ísligh cloigne na n-uasal; agus is amhlaidh gur faoi choinneáil tí timpeallaithe ag a chuid leabhar a bhí Galileo in ionad a bheith caite isteach i gcillín dorcha agus ladhracha a chos á gcreimeadh ag lucha beaga clúmhdroma inchuimilte.

READ MORE

Taighde agus beagán ransaithe a thugann na fíorais sin chun tosaigh. Ní hé sin atá i gceist, áfach, leis an ráig bhuile atá ar dhaoine – agus staraithe ina measc go minic – athgheábh a thabhairt ar an Rialtas Baile, ar Fhrithdhúnadh 1913, ar an gCéad Chogadh Barbartha, ar 1916, ar Thoghchán 1918, ar Chogadh na Saoirse, ar an gConradh Réitigh, más conradh réitigh a bhí ann.

Ní hé nach féidir teacht ar eolas nua sa chuardach dúinn. Léirigh Joe Lee gurbh iad mná agus leannáin agus páistí na saighdiúirí Briotanacha is mó a chaith maslaí agus seilí le príosúnaigh an Éirí Amach; agus chruthaigh Pádraig Ó Snodaigh go raibh raibh formhór na nuachtán lasmuigh de Bhaile Átha Cliath báúil go maith leis an Éirí Amach céanna an tseachtain ina dhiaidh sin féin, roimh lámhach cheannairí ar bith.

Ach ní taighde mar sin is bun leis an gcomóradh atá romhainn amach. Polaitíocht an lae inniu is ea is bun leis an gcomóradh atá romhainn amach. Cheana féin tá sraith léachtaí “Decade of Anniversaries 2012-2023” ar siúl i mBéal Feirste, tá coiste faoi leith curtha le chéile ag an Taoiseach d’fhonn na gcomórthaí a stiúradh ar bhealach inghlacaithe do chách, agus tá iarThaoiseach, John Bruton, ag athréamonnú leis go claonta ar an nuachtán seo, agus in áiteanna eile.

San réasúnú dénárach simplí a chleachtaítear sa tír seo moltar John Redmond chun lucht an Éirí Amach a chur síos. Tugtar breith ar ar tharla fadó de réir chlaonta an lae inniu. Ar chúis éigin, ní bhíonn oiread sin daoine suaite faoi na cogaí idir muintir Uí Bhriain agus muintir Uí Cheallacháin san 12ú haois níos mó, go fiú is má bhaineann tú le teaghlach éigin díobh. Chloisfí macallaí áirithe aniar ón 17ú haois i bpolaitíocht an stáitín ó dheas, ach is fann iad. Fearann aighnis, áfach, is ea rud ar bith ó aimsir Uí Chonaill i leith, cé nár chuala fós go lom go mbeadh Dónall ina bhall d’Fhine Gael ná d’Fhianna Fáil dá mairfeadh.

Toisc intinn shimplí mhaolaigeantach a bheith agam déanaim na cúrsaí seo a mheas chomh simplí maolaigeantach céanna. San tráchtaireacht stairiúil fiafraím i gcónaí an dóigh leis an scríbhneoir gurbh fhiú stát Éireannach neamhspleách a bheith ann, dar léi nó dar leis? Sin uile. Dar bhriathra Bhruton féin, is é a thuairimeofá ná go mbeadh sé breá sásta le rialtas baile. Is ionann rialtas baile agus go mbeimis fós inár slánchuid den Bhanríocht Aontaithe. Bheimis fós inár ngéillseanaigh ag feacadh glúine seachas inár saoránaigh is ár misneach in airde.

Ní bheadh “cead ag Gaeil a bheith chomh hard le Gaill”, mar a chuir Raiftearaí go comair é. Bheimis páirteach i gcogaí móra impiriúla ag creachadh daoine crónchraicneacha nár dhein dochar ar bith riamh dúinn ar scáth ár n-uachtarán.

Ní bheimis neamhspleách mar atá, abraimis, Guiné-Bissau, Magyarország, Yisr’el, Al Kuwayt, Latvijas Replublika, Kongeriget Danmark, Kampuchea, Burundi, Republica de Chile, Udzima wa Komori, Republika Hravatska, Eesti Vabarik, Grenada, iRiphabliki ye Zimbabwe, Sverige, Vanuatu, Nippon, Suomi, Timor Lorosa’e, Crna Gora, Saltamat ’Uman, Papuaniugini, Bénin, Cabo Verde, Zhónggúo, Kyryz Respublikasy, Samoa, Mamlakat al Bahrain, ná go deimhin ceann ar bith eile den 200 agus tuilleadh tír neamhspleách ar domhan.

Sin ba bhrí le rialtas baile, sinn a bheith balbh os comhair an tsaoil.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar