Athnuachan an chultuir le fail i gcursai na n-inimirceach

Is go tráthúil a chuireann eagarfhocal Beo na míosa seo (www.beo.ie) ceist faoi ról na Gaeilge i sochaí ilchultúrtha

Is go tráthúil a chuireann eagarfhocal Beo na míosa seo (www.beo.ie) ceist faoi ról na Gaeilge i sochaí ilchultúrtha. De réir an eagarfhocail, níl na heagraíochtaí Gaeilge ag déanamh go leor leis an teanga a chur chun cinn i measc na n-inimirceach.

Cáineann an iris cathaoirleach Fhoras na Gaeilge agus cathaoirleach an Chlár Náisiúnta Feasachta Frith-Chiníochais, Seosamh Mac Donncha, as gan ach "an cúpla focal" Gaeilge bheith ar shuíomh Idirlín an Chláir Náisiúnta: "Is léiriú é seo ar an easpa ceannaireachta atá á tabhairt ag na heagraíochtaí Gaeilge ar cheist an ilchultúrachais ..."

Tá comhthéacs na teanga sa Stát athraithe ó bhonn go barr ó thosaigh inimircigh a theacht go hÉirinn, scríobhtar. Tá bá agus baint éigin ag muintir an oileáin leis an teanga agus is ar an bhonn seo a phléann na heagrais Ghaeilge leis an phobal: "An Ghaeilge - is leatsa í."

Ach sonraíonn Beo go bhfuil bearnaí sa chur chuige seo: "An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais?

READ MORE

"An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo?"

Dá bharr sin, ba cheart do na heagrais Ghaeilge searradh a bhaint astu féin agus polasaithe nua a cheapadh. Molann an iris feachtas a chur ar bun le hinimircigh a mhealladh i dtreo na gaelscolaíochta.

Bheadh de bhuntáistí ag a leithéid de pholasaí go gcuideodh sé le hinimircigh iad féin a dhaingniú in Éirinn: "Smaoinigh ar an gcúnamh a thabharfadh sé sin do dhaoine atá ag iarraidh préamhacha a chur síos inár sochaí. Smaoinigh ar an saibhriú a dhéanfadh sé ar shaol na Gaeilge. Smaoinigh ar an ábhar bolscaireachta frithchiníoch a chuirfeadh sé ar fáil."

(Dála an scéil, ní bheadh an colúnaí seo ag teacht go hiomlán leis an dóchas a léiríonn eagarfhocal Beo as dúchas liobrálach lucht na Gaeilge. Faraor, tá Gaeilgeoirí againn atá ciníoch seicteach.)

Mar sin féin, tá mórán céille ag tuairimí Beo. Is moladh fiúntach é féacháil le daoine nach de shliocht Éireannach iad a mhealladh i dtreo na gaelscolaíochta agus i dtreo na teanga. Athnuachan a bheadh ann dá mbíodh rath ar a leithéid d'fhiontar.

Is ceist imeallach í an teanga ar bhonn náisiúnta. I bhfianaise a laghad spéise a chuireann na páirtithe polaitíochta agus a lucht leanúna - vótóirí! - inti, is éachtach mar a éiríonn leis na heagrais ceisteanna teanga a bhrú chun tosaigh ar chor ar bith.

Ba chuidiú agus dúshlán é ag na heagrais chéanna cur chuige agus ról nua a fhorbairt; polasaí sa bhreis a chumadh le go gcoinneodh siad cos le himeachtaí comhaimseartha.

Deis atá sna hinimircigh ceist na teanga a leathnú. Cinnte, déanann lucht na teanga iarracht í a chur chun tosaigh ar bhonn Eorpach, mar shampla. Is fiú a n-iarrachtaí agus ba cheart leanstan leo.

Ach d'fhéadfaí cosán nua chun tosaigh a thochailt. Mothaíonn tú drogall éigin ar dhaoine a rá gur cheart go gcuirfí cúrsaí Gaeilge ar fáil d'inimircigh agus do theifigh. I ndeireadh na dála, a deir an Gaeilgeoir Searbh, is é an Béarla a bheidh de dhíobháil orthu. Maise, is ar éigean a labhraíonn Éireannaigh féin an teanga!

D'fhéadfadh sé nach dtuigfidh go leor Éireannach luach a gcultúir go dtí go bhfeiceann siad daoine ar an bheagán ag cur spéise ann. Is mór linn uilig na heachtrannaigh/turasóirí (murab ionann agus teifigh) a fhreastalaíonn ar chúrsaí teanga. Is céim chiallmhar leanúnach í tógáil ar an spéis sin agus dul i bpáirt leis an phobal nua eachtrannach.

TÁ cúis eile ar chóir do na heagrais Ghaeilge dul a phlé le hinimircigh ar bhonn leanúnach samhlaíoch. Caithfidh siad bheith ar thús cadhnaíochta agus an clár nua cultúrtha á dhréachtadh. Mura mbíonn, beidh an Ghaeilge thíos leis an neamart luath nó mall.

Tá an seanmhúnla traidisiúnta cultúir atá againn don oileán seo easnamhach. Ba mhúnla é a bhí bunaithe ar Ghaeilge agus ar Bhéarla; ar Chaitliceach agus ar Phrotastúnach; ar Éireannach agus ar Bhriotanach.

Tá an t-oileán á athrú; tá an t-oileán athraithe. Cinnte, leantar de na hiarrachtaí Éireannaigh a chur a chaint Gaeilge. Ach ba cheart do dhaoine atá ar an imeall teagmháil a dhéanamh le daoine eile atá ar an imeall.

Rófhada - agus ar chúiseanna intuigthe go maith - atá lucht na teanga ag troid i dtrinsí na Gaeltachta, i dtrinsí iarthar Bhéal Feirste, i dtrinsí mhaorlathas an Stáit. Ní dhéanfadh sé dochar dá laghad dá dtógadh siad a gceann as na trinsí céanna agus aghaidh a thabhairt ar an domhan nua.

Tá pobal nua ag éirí aníos ar shráideanna na hÉireann. Is de ghnó na n-eagras Gaeilge é déanamh cinnte de go dtuigeann siad go bhfuil cuireadh chun Gaeilgeoireachta acu.